Go deimhin, is maith is cuimhin liom féin cá raibh mé an lá úd. D'fhág mé an obair go luath agus chuaigh go teach tábhairne, áit ar bhuail mé le cara Meiriceánach liom. Chuir muid péire piontaí Guinness in aice a chéile ar an tábla mar a bheadh an dá thúr i Nua-Eabhrac agus, de réir mar a bhí á ól againn astu, ba shiombail é sin de na túir ag titim chun talaimh. Ar eagla na míthuisceana, bíodh sé ráite nach le tarcaisne ach le hómós a rinne muid sin.
Molaim don Mheiriceánach dearmad a dhéanamh de, agus éirigh as siocair na nionsaithe .i. a ladar a chur i dtíortha eile gan iarraidh gan chúis