Ná bí chomh soineanta a Dhonncha. Má chuirtear deireadh leis na haistriúcháin ní fútsa a bheas sé cinneadh a dhéanamh ar cén chaoi a chaithfear an t-airgead a shábháilfí.
@An mbeadh muid sásta beagán a ghéilleadh le mórán a bhaint amach?
Sílim a mhalairt a tharla riamh. Ghéill lucht na Gaeilge beagnach i ngach réimse dá saol ar mhaithe le chinéaltas lucht an bhéarla, cad tá againn dá bharr? Faic na ngrást ach tnáitneacht agus frustrachas!
Easpa cumhachta ag pobal teanga an chúis a bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht i sáinn. Nil aon réiteach simplí air. Réiteach róshimplí atá molta agat a Dhonnacha. Bunús na faidhbe is ea é nach bhfuil córas ceart rialtais áitiúil i bhfeidhm in Éirinn, mar atá i chuile thír eile. Dá mba iad pobal na Gaeltachta a bhí i mbun a ngnóthaí féin ó bunaíodh an Stát ba thír eile ar fad a bheadh againn anois. In áit bheith ag iarraidh an tír a iompú i dtreo na Gaeilge (agus ag cur amú acmhainní) thiocfadh struchtúr institiúideach ceart chun cinn sna ceantair Ghaeltachta, struchtúr ina mbeadh gach gné den saol ag tarlú i nGaeilge (mar a tharlaíonn taobh istigh de chuile phobal teanga eile a bhfuil struchtúr acu) agus leathnódh an Ghaeltacht amach de réir a chéile. Dar ndóigh, dá seasfadh polaiteoirí na Gaeltachta le haidhmeanna cearta sibhialta sna 60/70daí (in áit seasamh le haidhmeanna míréadúla náisiúnta an stáit) bheadh an Ghaeltacht slán anois. Ní fiú bheith ag caint ar mhic léinn a chuir ag labhairt Gaeilge sna hollscoileanna. Ní shlánóidh sé sin an Ghaeilge ná an Ghaeltacht!
Táim ag rá a leithéid seo le blianta ach ní bhfuaireas faic as ach míbhuíochas agus bagairt go mbeinn ag cur brú ar aistritheoirí lámha a chur ina mbás féin! Nílim ag iarraidh go mbeadh daoine fónta le h-ardscileanna teanga á dífhostú ach go mbeadh na scileanna sin á úsáid ar bhealach níos éifeachtaí ar son na teanga agus ar son pobal na teanga, mar shampla ag cur leabhair/irisí ar fáil do dhéagóirí. An t-aon argóint le dealramh a dhéantar i gcoinne seo nach léir go gcaithfí an t-airgead a shábháilfí - an €1.2m+ a luann Donncha thuas mar mheastúchán ar an méid airgid a chaitear ar thuairiscí bliantúla nach léitear i nGaeilge nó i mBéarla - ar an nGaeilge ar chorr ar bith mar ní tosaíocht d'aon tsort í an teanga i saol na tíre seo. Géillim don argóínt sin. Ní doigh liom go dtabharfar cluas d'aon argóint nó áiteamh a dhéanfadh pobal na teanga ar an gceist seo sa réimse phoiblí. Níl nuachtán againn, mar a mheabhraíonn Donncha dúinn. Níl glór againn a éistfear leis ag bórd Rialtais atá ag iarraidh airgead a shábháil i ngach earnáil seachas a gcuid tuarastal/pinsin/costaisí féin. Deirtear liom nach gcaitear ach níos lú ná cent as gach Euro de bhuiséad aistriúchán an Aontais Eorpaí ar an nGaeilge agus gur ar éigean go gcaithfí ar an nGaeilge é ach chomh beag seachas ar chaipéisí nach léitear in aon cheann de 20 éigean theanga oifigiúil. Cén fath nach mbeadh a sciar ag ár dteanga ón gciste sin? Creidim anois gur míthreoir agus míchomhairle a thug ar phobal na Gaeilge Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Stadas Oifigiúil a lorg mar ní chuireann ceachtar acu ach ar éigean le labhairt agus scríobh na Gaeilge. Sna réimsí oideachais agus meáin cumarsáide a raibh an t-airgead agus an dua sin le caitheamh ach tá aois an rogha sin caite agus caithfimíd athmhachnamh a dhéanamh ar aois nua don Ghaeilge ina mbeidh níos lú i bhfad tacaíocht ón Stát.
An rud a chaithfí a dhéanamh leis an méid thuas a bhaint amach: Reifreann a ghairm leis an mBunreacht a athrú sa chaoi is go mbrisfí an nasc idir an Stát agus an teanga. Sin le rá nach teanga oifigiúil náisiúnta a bheadh inti a thuilleadh. Stádas ceart fírinneach mar theanga réigiúnach a thabhairt don Ghaeilge mar theanga oifigiúil sa Ghaeltacht. Gach acmhainn atá á chur amú ar athbheochan na Gaeilge ar fud an stáit a chruinniú le chéile agus iad a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta. Na cumhachtaí cuí a thabhairt don Údarás le go bhféadfadh sé feidhmiú mar pharlaimint réigiúnach agus a bheadh ag riar gach gné den saol sa Ghaeltacht. An ghaelscolaíocht a dhícheangal ón Roinn Oideachais náisiúnta agus í a chur faoi chúram na parlaiminte réigiúnaí. Dul ar ais ag an AE agus é a mhíniú dó go raibh an-dul amú ar phobal na hÉireann agus nach teanga oifigiúil í an Ghaeilge. An Ghaeilge a chosaint mar theanga réigiúnach/mhionlaigh ar an leibhéal Eorpach. Dá mbeadh an toil cheart sna daoine d'fhéadfaí a leithéid de rud a dhéanamh.
Bhuel a Thomáis, tá an-mhuinín agat as Údarás na Gaeltachta. Mar a dúirt ball tofa amháin, nuair a cuirfeadh ceist air maidir le stad na Gaeilge sa Ghaeltacht. "Ó , Gaeilge, Gaeilge, Gaeilge!"
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!