AR NA SAOLTA SEO
Ag tabhairt fóirithinte ar Éireannaigh atá i gcruachás
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá obair iontach ar siúl ag Irish Community Care Merseyside i measc na nÉireannach bocht i Learpholl agus iad siúd a bhfuil fadhbanna alcóil agus drugaí acu. Tuairisc ó Tony Birtill.

Íomhá
An tAire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen
Íomhá
Johnny Delaney, a dúnmharaíodh anuraidh, nuair a bhí sé ina ghasúr óg
Íomhá
Tá ráta ard mí-úsáide alcóil agus drugaí i measc na nÉireannach sa Bhreatain
Íomhá
Cabhraíonn ICCM le daoine gan dídean
Íomhá

Cháin Emmett Stagg TD (Páirtí an Lucht Oibre) Rialtas na hÉireann i lár na míosa seo caite as a laghad airgid a chur ar fáil le cuidiú leis na hÉireannaigh a bhfuil deacrachtaí sóisialta acu sa Bhreatain. “Díon” an t-ainm atá ar an chiste rialtais atá i gceist. Cuireann sé ar fáil deontais d’eagraíochtaí agus do thionscadail atá ag obair le pobal na hÉireann sa Bhreatain.

Cé gur fhógair Brian Cowen, an tAire Gnóthaí Eachtracha, €1 milliún sa bhreis i mbliana, is é sin €5 milliún san iomlán, ní leor é sin, dar le hEmmett Stagg. Tharraing sé aird ar mholtaí The Irish Emigration Task Force, a bhunaigh an rialtas féin. Mhol siadsan €18 milliún sa bhliain, ag méadú go €34 milliún in 2005.

Chuir Emmet Stagg i gcuimhne don rialtas na hÉireannaigh óna ghlúin féin arbh éigean dóibh dul go Sasana chun obair a fháil sna 1950í agus 1960í, dream atá anois sean, agus go minic ina n-aonar agus bocht, in áiteanna mar Londain, Manchain, Birmingham agus Learpholl. “Is cuimhin liom an t-airgead i gclúdaigh dhonna a sheol siad abhaile chuig a dtuismitheoirí agus a dteaghlaigh. Choinnigh an t-airgead sin a lán daoine in Éirinn ó bhochtanas roimh ré an Tíogair Cheiltigh agus ba chóir don rialtas aird a thabhairt ar na hÉireannaigh sa Bhreatain sa lá atá inniu ann,” arsa an TD.

Ar ndóigh, níor chuir an Tíogar Ceilteach stad leis eisimirce - téann Éireannaigh fós go dtí an Bhreatain le post a fháil nó b’fhéidir chun éalú ó dheacrachtaí atá acu sa bhaile. I measc na n-eisimirceach go dtí an Bhreatain, is iad na hÉireannaigh an t-aon ghrúpa amháin a n-ardaíonn a ráta mortlaíochta nuair a chuireann siad fúthu ansin.

Tá Irish Community Care Merseyside (ICCM) ar cheann de na grúpaí atá ag obair ar son na nÉireannach sa Bhreatain agus a fhaigheann deontas ó Dhíon leis seo a dhéanamh. Fuair mé cuireadh le gairid chuig a gcruinniú ginearálta bliantúil san Ionad Éireannach i Learpholl (www.stmichaelsirishcentre.org). Thiomnaigh siad a dtuarascáil bhliantúil do Johnny Delaney, buachaill den lucht taistil, 15 bliana d’aois, a mharaigh beirt déagóirí in ionsaí ciníoch anuraidh.

Tá a lán Taistealaithe ar Merseyside agus bhí Johnny ina chónaí i Tara Park, an láithreán carbhán atá acu i Learpholl. Tá clú agus cáil ar a theaghlach mar cheoltóirí traidisiúnta - is minic a d’éist mé féin lena uncail ag seinm ar na píoba uilleann i gceann de na tithe tábhairne anseo. Ach de réir an British Medical Association: “Travellers are the most at risk health group. They have the lowest life expectancy and the highest child mortality rates in the UK.” Le déileáil leis seo, bhunaigh ICCM “The Irish Traveller Project” in 2001, agus ceapadh Win Lawlor mar chomhordaitheoir agus Geraldine Judge mar chúntóir i Tara Park.

Labhair John Brown, cliant ó Bhaile Átha Cliath, ag an chruinniú. “Bhain mé Learpholl amach ar an 18 Eanáir agus dóbair dom dul abhaile ar an 19 Eanáir. Ní raibh post agam, ní raibh aithne agam ar dhuine ar bith agus bhí mé i mo chónaí i mbrú. Ansin, fuair mé amach faoi ICCM. Is foireann chairdiúil iad agus lena gcuidiú tá mé ar mo bhonnaí arís. Tá post agam agus tugann mo theaghlach cuairt orm anseo anois. Mo mhíle buíochas do ICCM,” arsa seisean.

Saorálaithe

Bíonn ICCM ag brath go mór ar shaorálaithe agus thug an cathaoirleach, Patrick Lynch as Luimneach, buíochas ar leith dóibh. Mhol sé fosta Bríd Nic Daibhid as Bun Cranncha, bainisteoir ICCM, as a saothar ag bailiú airgid don eagraíocht.

Bhí taispeántas ag an chruinniú ginearálta bliantúil dar teideal “Irish Health Inequalities”, bunaithe ar thaighde a rinne Dermot Glackin i Londain. Galar croí, ailse, mí-úsáid alcóil agus drugaí, féinmharú - tá drochstaitisticí i gceist i gcás na nÉireannach i ngach catagóir. “The Irish have the highest incidence of common mental disorders in Britain when compared with all other ethnic groups,” dúirt sé. Tá na hÉireannaigh sa dara háit, tar éis daoine dubha ón Chairib, ó thaobh scitsifréine de.

Staitistic shuimiúil é seo domsa go pearsanta, mar go bhfuil scitsifréine ar mo dheirfiúr Síle. Rugadh agus tógadh in Éirinn í ar fheirm mo seanathar agus mo seanmháthar i gContae na Mí. Níor mhothaigh sí ar a suaimhneas riamh i Sasana, áit a bhfuil nósanna sóisialta an-difriúil ó na cinn atá in Éirinn, agus bhí sí ag iarraidh pilleadh ar ais ansin i gcónaí, go mór mór nuair a bhí an galar ag cur isteach uirthi. Ba léir dom go raibh ceangal ina hintinn idir a saol i Sasana agus an galar a bhí uirthi, agus b’fhéidir go raibh an ceart aici.

Thug mé faoi deara an méid saorálaithe a bhí i láthair ag an chruinniú ginearálta bliantúil agus bronnadh teastas buíochais orthu uilig. Bíonn siad ag cuidiú san ionad buail isteach atá i gceanncheathrú ICCM i Duke Street, Learpholl agus ag grúpaí sóisialta a eagraítear do na seandaoine sa chathair. Tugann siad cuairt ar Éireannaigh san otharlann, sa phríosún agus sa bhaile, más gá.

“The Suaimhneas Project” an t-ainm atá ar thionscadal de chuid ICCM a thugann cuidiú do dhaoine gan dídean. I mbliana bhí 148 cliant ag Pauline McGrath, an riarthóir, agus dúirt sí ina tuairisc: “People sleeping rough have a high incidence of substance abuse, mental and physical health problems and combinations of these.”

Ach is léir ó obair ICCM go bhfuil na hÉireannaigh i Learpholl ag déanamh an-iarracht déileáil leis na fadhbanna atá ag cuid acu. Cé go bhfuil tinneas croí ar an chisteoir, Séan McNamara, bhí sé i láthair ag an chruinniú ginearálta bliantúil agus thug mé faoi deara go raibh Díon ag barr an liosta ioncaim ina chuntas.

B’fhéidir go bhfuil an ceart ag Emmet Stagg, ach is léir go bhfuil ról an-tábhachtach ag Díon i measc an phobail Éireannaigh i Sasana.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.