Tá na blianta fada caite ag Adi Roche, arb as Cluain Meala ó dhúchas di, i mbun feachtais ar son dí-armála núicléiche agus cúiseanna eile. Is í an chúis is mó a bhfuil sí i ndiaidh a bheith bainteach léi le dhá bhliain is fiche anuas, áfach, ná feasacht a chruthú i leith fhulaingt pháistí Shearnóbail agus is chuige sin a bhunaigh sí The Chernobyl Children’s Project ag tús na nóchaidí. Agus clár faisnéise faoi obair na heagraíochta seo le bheith craolta ar RTÉ 1 an mhí seo, labhair Caoimhe Ní Laighin leis an mbean feachtais dhíograiseach dhothuirsithe seo.
Ó scríobhadh an t-agallamh seo, tá cinneadh déanta ag Rialtas na Bealarúise gan cead a thabhairt feasta do pháistí de chuid na tíre sin taisteal thar lear. De thairbhe an pholasaí seo, tá an chuma ar an scéal nach mbeidh cead ag páistí ón mBealarúis teacht go hÉirinn feasta le cóireáil leighis a fháil ná le sos a ghlacadh i rith an tsamhraidh ón gcruatán atá i gceist ina gceantair féin.I ráiteas a eisíodh i ndiaidh gur fógraíodh an beartas nua, dúirt Adi Roche: "We cannot allow this to happen. The children we’re talking about are the most vulnerable, fragile in their society and their only hope and lifeline is their connection to their Irish ‘families’ and friends."
Is féidir an scéal iomlán a léamh anseo:
www.irishtimes.com/newspaper/
ireland/2008/0904/1220372094391.html
"The splitting of the atom has changed everything, save our mode of thinking, and thus we drift toward unparalleled catastrophe."(Albert Einstein)
Ar an 26 Aibreán, 1986 phléasc imoibreoir uimhir a ceathair i Stáisiún Núicléach Shearnóbail, atá suite cóngarach do Pripyat san Úcráine. Scaoileadh saor ón imoibreoir cleitín truaillithe radachuir a scaip tríd an aer thar achar fairsing. Scaoileadh idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir sa phléascadh sin ná mar a scaipeadh i ndiaidh gur phléasc na buamaí adamhacha in Hiroshima agus Nagasaki sa bhliain 1945. Thit an cleitín truaillithe faoin ngaoth ar thíortha éagsúla ar fud na hEorpa, ach ba iad na ceantair bá mhó a d’fhág sé a rian uafásach orthu ná an Bhealarúis, an Úcráine agus Iarthar na Rúise. Tá tionchar an radachuir fós le sonrú inniu, agus beidh na mílte duine thíos leis an tubaiste sna glúin atá le teacht.
Insíonn an clár faisnéise The Children Beyond Chernobyl (RTÉ 1) scéal an uafáis seo. Ba é an scannánóir aitheanta Jim Fahey, ar comhfhreagraí é le RTÉ, a stiúir agus a chuir i láthair. Ní gá a rá, áfach, cén duine a bhrúigh an tionscadal seo chun cinn.Dá n-iarrfaí ar dhaoine sa tír seo Éireannach amháin a ainmniú a bhfuil baint ollmhór aige le Searnóbail, táim réasúnta cinnte go luafadh a bhformhór acu an t-ainm Adi Roche. Ní duine mór cearrbhachais mé, ach dá mbeinn, chuirfinn geall air.Tá a fhios ag bunús na nÉireannach cé hí Roche, ach ar mhaithe leis na léitheoirí eachtrannacha, seo daoibh an leagan gearr!
Is bean feachtais í Roche a bhfuil tríocha bliain caite aici i mbun stocaireachta ar son feachtas éagsúil. Is iad na clocha is mó ar a paidrín ná an comhshaol, dí-
armáil núicléach agus an eagraíocht The Chernobyl’s Children’s Project, a bhunaigh sí ag tús na nóchaidí. Is í an sprioc atá ag Roche, ag a heagraíocht agus ag na 5,000 oibrí deonach a dhéanann obair leo ná faoiseamh, dínit agus cúnamh a thabhairt do na páistí sna réigiúin is mó atá thíos leis an radachur.
Sheas Roche mar iarrthóir uachtaránachta in Éirinn sa bhliain 1997 agus tá go leor aitheantais idirnáisiúnta bainte amach aici as a cuid oibre. Sa bhliain 1990, mar shampla, ceapadh í mar stiúrthóir ar an mBiúró Idirnáisiúnta um Shíocháin sa Ghinéiv – an chéad bhean riamh ar tugadh an onóir sin di – agus tá obair déanta aici leis na Náisiúin Aontaithe chun feasacht a chruthú i leith iarmhairtí na tubaiste in Searnóbail.
Faoina stiúir, tá €73 milliún cruinnithe in Éirinn go dtí seo. Tá na mílte páiste i ndiaidh seal a chaitheamh in Éirinn – iad ag glacadh sosa ón anró atá i gceist ina gceantair féin, nó ag fáil cóireála leighis sa tír seo – agus úsáidtear sciar ollmhór den airgead le cúnamh agus cóireáil leighis a chur ar fáil do na daoine sna réigiúin atá thíos leis an tubaiste chomh maith.
Go leor fíricí. Céard faoin duine?
Caithfidh mé a rá go ndeachaigh Roche go mór i gcion orm nuair a labhair mé léi ag tús na míosa seo; shíl mé an dúrud di. Is duine spreagúil í a chuireann in iúl dúinn go paiteanta an oiread agus is féidir le duine amháin a bhaint amach agus é ag feidhmiú faoi lánacmhainneacht. Is amhlaidh go ndéarfainn go bhfuil sí ag feidhmiú thar lánacmhainneacht; bhí sí ag cur thar maoil le smaointe, focail, daonnacht agus taisce agus í ag caint liomsa.Ar lá ár gcomhrá, bhí sí ar bís leis an gclár faisnéise a fheiceáil ar RTÉ 1 ar an 4 Meán Fómhair. Dar ndóigh, bhí sé feicthe aici cheana féin, ach bhí sí ag súil go mór le hé a bheith ar an teilifís mar go dtuigeann sí cumhacht an mheáin áirithe sin ó thaobh teachtaireachtaí tábhachtacha a scaipeadh.“Tá an oiread sin machnaimh agus oibre i ndiaidh a bheith déanta ar an gclár seo gur ait liom go mbeidh sé le feiceáil, faoi dheireadh thiar thall, i gceann cúpla lá. Ba gheall le breith clainne é an próiseas ar fad: bhí giniúint i gceist, tréimhse iompair agus faoin Déardaoin, beidh an toradh curtha ina steillebheatha againn ar scáileáin na tíre!Súil an fhir ceamara
“Tá jab iontach déanta ag Jim Fahey agus táim cinnte go rachaidh an clár go mór i bhfeidhm ar dhaoine. Ní raibh Jim bainteach leis an tionscadal ag an tús; ba é fear ceamara darb ainm dó Ken Fogarty a chuir tús leis an gclár in éineacht linn. Tá tuairisciú déanta ag Ken ar thubaistí, ar chogaí agus ar ghorta timpeall na cruinne. Ach nuair a tháinig sé go dtí an Bhealarúis liom i dtosach, d’fhág an áit agus scéalta na ndaoine rian ar leith air. “Mar fhear ceamara, bhí dúshláin ag baint leis an scéal seo a insint. Bhí Ken dulta i dtaithí ar scéala físiúla a insint – má bhíonn cogadh i gceist, feiceann tú toradh uafásach na mbuamaí agus na n-urchar; má bhíonn gorta i gceist, is léir duit na coirp chnaíte. Ach ó thaobh Searnóbail de, ní léir duit an dochar: i gcás 90 faoin gcéad de na daoine a bhfuil tinneas orthu, is éard atá i gceist ná díobháil inmheánach. Bhí Ken meallta ag áilleacht na háite. Ach is cealgaire í an áilleacht sin mar go gcuireann sí an fhírinne faoi cheilt. Ba é an dúshlán a bhí aige ná an fhírinne nach bhfeiceann an tsúil a nochtadh.“I ndiaidh dúinn roinnt scannánaíochta a dhéanamh, thaispeáin muid na píosaí scannáin do Jim Fahey agus chonaic seisean an phoitéinsiúil a bhain leo. Agus an scannánaíocht ar fad déanta, bhí jab an-deacair aigesean agus ag na heagarthóirí eile. Bhí mise róghar don chlár – theastódh uaimse go gclúdófaí gach bomaite; gach nuance, gach scéal, gach mothúchán, gach eachtra. Tá sé deacair ábhar mar scéal Shearnóbail a insint i gclár uair a chloig, ach d’éirigh leo é a dhéanamh.”Insíonn an clár an scéal trí shúile daoine éagsúla – díríonn sé ar bheirt oibrithe dheonacha, cuir i gcás, agus ar scéal cúpla páiste faoi leith.“Clúdaítear sa chlár radharc amháin nach ndéanfaidh mé dearmad air go deo. Ba rud é nár theastaigh uaim a fheiceáil agus tá súil le Dia agam nach bhfeicfidh mé choíche a leithéid arís. Ní chreidfidh tú é seo......tá sé dochreidte: déantar obráid ar pháiste gan ainéistéiseach a bheith tugtha dó. Samhlaigh é. "Ní fheicfidh daoine an chuid is measa de mar gurbh éigean do Jim é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach sa dóigh is nach múchfadh daoine a gcuid teilifíseán agus é ar siúl. Ní thuigeann daoine ón Domhan Forbartha go dtarlaíonn rudaí mar seo. Is é sin an fáth a bhfuil áthas orm – más féidir an focal ‘áthas’ a úsáid – go bhfuil sé clúdaithe sa chlár: tuigfidh daoine cé chomh tromchúiseach agus atá cúrsaí thall. “Cuid ghoilliúnach eile den chlár is ea scéal gasúir óig a raibh drochbhail air agus muid i mbun scannánaíochta. Leanann an clár ár dtroid le cóir leighis a shocrú dó. Feiceann tú é agus é ag fulaingt,” a deir sí agus tocht ina glór, “agus ansin, feiceann tú é agus a chorp bocht ar tí a bheith curtha sa talamh.”
Scéal dóchaisCé go bhfuil go leor bróin agus fulaingthe i gceist sa chlár, is scéal dóchais é go príomha, dar le Roche – ní hamháin ó thaobh an léargais a thugtar ann ar an dul chun cinn atá bainte amach ag The Chernobyl’s Children’s Project International, ach ó thaobh an léargais a thugann sé ar spiorad agus ar dhaonnacht na nÉireannach.“Ní dóigh liom go mbaineann saibhreas na tíre seo leis an Tíogar Ceilteach. Measaim go mbaineann ár saibhreas lenár muintir agus léiríonn an clár seo go glinn a oiread daonnachta agus atá ag baint leis na hÉireannaigh.”Úsáideann Roche go leor aidiachtaí moltacha agus dearfacha le cur síos a dhéanamh ar mhuintir na tíre seo. Ní fhéadfaí a chur ina leith riamh gur duine ciniciúil í; is amhlaidh go ndéarfainn féin gur duine í a bhfuil an tsoineantacht ag baint léi, cé go bhfuil i bhfad níos mó uafáis feicthe aicise ina saol ná mar a fheicfidh an chuid is mó againn. Chuirfeadh a cuid cainte an lasóg sa bharrach agus is minic le linn an agallaimh a luann sí an tine mheafarach ina bolg.Cad chuige a bhfuil sí mar seo? An amhlaidh go mbaineann a tiomáint lena tógáil?Rugadh Roche i gCluain Meala sa bhliain 1955 agus deir sí gurbh iad a tuismitheoirí a chur ina luí uirthi an tábhacht a bhaineann le ceart sóisialta agus le saorálaíochas. Tá na luachanna sin go smior inti; is amhlaidh gur oibrí deonach í go fóill. In ainneoin go bhfuil sí ina príomhfheidhmeannach ar chumann carthanach a bhfuil na milliúin de theacht isteach aige, níl saothrú ar bith aici. Mar a deir sí féin, is í an t-aon "fhoinse maoinithe" atá aici ná a fear céile Seán Gunn, ar múinteoir scoile é.Bhí a hathair ina innealtóir agus ba bhean tí í a máthair. Tógadh Roche i
dteaghlach láidir Poblachtach; is de bhunadh Fíníneach í. Le húsáid a bhaint as líric a chum Paul Simon, is as “the cradle of the Civil War” di, áit a raibh scoilt ollmhór idir iad siúd a bhí ar thaobh an Chonartha agus iad a bhí ina éadan. Teaghlach mór Fhianna Fáil ab ea a teaghlach féin agus ba ghnách leo cruinnithe a bheith acu sa teach aimsir toghchán – ba gheall le "ceanncheathrú bheag" é tigh de Róiste ó thaobh na polaitíochta áitiúla de, dar léi féin.Ceart sóisialtaBa é bá thábhachtaí lena teaghlach, áfach, ná ceart sóisialta, cé nach n-úsáididís an téarma sin.“Ní dóigh liom go raibh comhrá againn riamh faoi. Glacadh leis go ndéanfaimis gach iarracht i gcónaí cuidiú leo siúd a bhí i gcruachás. Dála nósanna na maidine – scuabadh na bhfiacla; cóiriú na leapa – ba chuid normálta dár lá é cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhí ar bheagán airgid nó dóibh siúd a bhí scoite amach ón bpobal ar bhealach éigin.“Bhí dlúthchaidreamh agam le mo mhamó. Dhéanainn a cuid gruaige a chíoradh gach oíche sula dtéadh sí a chodladh – céad buille na scuaibe! Ba ise a d’insíodh scéalta dom faoin nGorta Mór – faoin méid a tharla do bhaill áirithe de mo theaghlach féin, cuir i gcás – agus is dócha gurbh ise a chuir ina luí orm an tábhacht a bhaineann le coinsias sóisialta a bheith ag duine. D’fhoghlaim mé uaithi a thábhachtaí agus atá sé an t-íochtarán a chosaint i gcónaí. “Maidir le mo thuismitheoirí, bhídís i gcónaí ag déanamh rud éigin. Bhímis de shíor amuigh ag seachadadh guail nó béilí ar rothaí agus rinne mo thuismitheoirí cuid mhór oibre leis an Lucht Siúil chomh maith. Ceardchumannaí láidir ab ea m’athair – is amhlaidh gur chiall sé post amháin a bhí aige de thairbhe go raibh sé bainteach leis na ceardchumainn. Fágadh an teaghlach in umar na haimléise ar feadh seala mar nach raibh sé ag saothrú airgid.
“Is í an tuiscint a bhain mé as m’óige ná go bhfuil muid ar fad fite fuaite lena chéile; gur ar scáth a chéile a mhaireas na daoine. Níl aon difear idir mise a bheith i gcruachás agus mo chomharsa a bheith i gcruachás mar gur ionann muid ar fad. Creidim go dtagann muid ar an saol go fánach. Tá mise ádhúil go leor; tá cúlra deas compordach agam. Mar sin, tá dualgas orm cuidiú leo siúd is mó atá i lúb an angair.”Is léir óna tuin chainte go gcreideann Roche go láidir sna prionsabail seo – níl rian ar bith den tseanmóireacht, den cheartaiseacht ná den bhéalchráifeacht ag baint léi. Toisc go raibh traidisiún láidir saorálaíochais ina teaghlach, níor smaoinigh Roche riamh ar dhul le hobair shóisialta mar ghairm i ndiaidh di an scoil a fhágáil. Fuair sí post riaracháin le Aer Lingus agus d’oibrigh sí ansin go dtí go raibh sí dhá bhliain is fiche d’aois. Ghlac sí le hiomarcaíocht dheonach ansin, agus sa bhliain 1977, thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach ina saol: an feachtas Éireannach ar son dí-armála núicléiche.Cogadh Fuar
“Caithfidh tú a thuiscint gur thréimhse scanrúil é an Cogadh Fuar. Bhí na sárchumachtaí de shíor in adharca a chéile. Deireadh dream amháin, ‘tá ár n-airm sách cumhachtach le sibhse uilig a dhíothú cúig huaire.’ Ansin, deireadh an dream eile, ‘Oh yeah? Bhuel, tá ár n-airm sách cumhachtach le sibhse uilig a dhíothú deich n-uaire.’ Ba léir nár thuig siad an prionsabal bunúsach nach féidir le duine bás a fháil ach ar an aon ócáid amháin.”Um an dtaca sin, níorbh iad bagairtí na sárchumhachtaí amháin a bhí ina n-údar imní do mhuintir na hÉireann. Ag deireadh na seachtóidí, bhí sé de rún ag an rialtas ceithre stáisiún núicléacha a thógáil i gCeann an Chairn, Loch Garman. Sa deireadh, caitheadh an plean i dtraipisí ar chúiseanna éagsúla, an feachtas ina choinne a bhí ar bun ag Roche agus daoine eile ina measc. I ndiaidh di a lán taighde a dhéanamh, chuir Roche clár oideachais faoi chúrsaí shíochána le chéile agus thug sí cuairt ar chaoga scoil timpeall na tíre ag déanamh cainteanna mar gheall ar chúraí núicléacha. Ní raibh a fhios aici ag an am, ach bhí an saineolas a chuir sí ar an réimse seo chun a bheith fiorúsáideach di i gceann deich mbliana eile. I ndiaidh gur phléasc imoibreoir uimhir a ceathair in 1986, níl raibh mórán eolais ar fáil faoin tubaiste.“Ní raibh a fhios againn céard a bhí ag tarlú. Coinníodh gach rud faoi cheilt in Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha (APSS) na laethanta sin. Bhí an KGB i gceannas ar gach uile rud. Ní raibh mórán ar siúl ag na húdaráis in Éirinn le cúrsaí a fhiosrú ach an oiread. Chuir mé féin agus Norrie McGregor – atá fós ag obair leis an Chernobyl Children’s Project – beolíne sa tsiúl i mo theach féin le ceisteanna ón bpobal a fhreagairt. Bhí dochtúirí sásta a gcuid ama a thabhairt dúinn le comhairle a chur ar thuismitheoirí a raibh imní orthu faoina bpáistí féin agus faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an radachur.S.O.S.“Ansin, b’fhéidir ocht mbliana déag ó shin, tháinig fasc tríd go dtí an teach. Ní raibh ach dhá líne scríofa air: ‘S.O.S APPEAL. FOR GOD’S SAKE HELP US TO GET THE CHILDREN OUT.’ *Ba dhochtúirí ón Úcráine a chuir an fasc sin chugainn agus chuig grúpaí éagsúla eile. Chuaigh siad sa seans. Chuala muid gur caitheamh cuid mhaith acu sa phríosún ina dhiaidh sin. Thuig muid ansin go raibh cúrsaí ní ba thromchúisí ná mar a shíl muid ar dtús. Bheartaigh mé féin agus Norrie nach raibh an dara suí sa bhuaile againn ach dul i mbun gnímh ar son na bpáistí seo. Is dócha gurbh é sin an eachtra as ar eascair an Chernobyl’s Children’s Project.”Níor tugadh cead dóibh i dtosach dul chun na gceantar a raibh tionchar uafásach an radachuir i gceist iontu, ach sa deireadh, agus *Glasnost *agus *Perestroika ag teacht chun cinn, tugadh víosa dóibh. Le teann díograis, d’éirigh le Roche agus a buíon bheag briseadh tríd an gCuirtín Iarainn.
Insíonn *The Children Beyond Chernobyl *scéal a cúigiú cuairt is caoga ar an mBealarúis. Rinneadh é a thaifeadadh i rith an tsamhraidh seo agus Roche ansin le céad oibrí deonach. Mar a dúradh cheana, tá go leor fulaingthe i gceist sa chlár. Taispeántar íomhánna de dhaoine atá i ndiaidh a saol a chaitheamh in institiúidí atá ann dóibh siúd a bhfuil an meabhairghalar orthu; de phian agus d’éadóchas; de dhaoine a bhfuil galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha orthu. Ach diúltaíonn Roche géilleadh don éadóchas.“Is cuma cé chomh tinn is atá páiste, a oiread is beo é agus a fhad is go bhfuil sé ag tarraingt anála, beidh muidne sásta troid ar a shon.”Géilleann sí don bhrón, áfach, ar feadh soicind: “Nuair a smaoiním ar na páistí uilig a fuair bás i mo bhachlainn ...... Nuair a smaoiním ar na páistí uilig a fuair bás ina n-aonar.....Bhí na páistí sin a fuair bás gan duine, gan sólás ina gcadhan aonraic le linn dóibh a bheith beo agus ina gcadhan aonraic agus iad ar thairseach an bháis.”Caithfidh go bhfuil sé fíordheacair “saol normálta” a bheith aici agus am a bheith aici di féin agus an t-uafás seo ar fad atá feicthe aici.
“Tá sé an-deacair gan a bheith ag smaoineamh faoi na cúrsaí seo an t-am ar fad. Ach ní hé go mbím i gcónaí ag smaoineamh ar an bhfulaingt agus ar an anró. Is iad na rudaí a mbím ag smaoineamh orthu ná na dúshláin agus na bealaí gur féidir liom iad a shárú. Is doiligh dom coladh na hoíche a fháil in amanna mar go mbíonn na smaointe uilig seo ag dul timpeall i mo chloigeann. Ach déanaim mo dhícheall saol sóisialta a bheith agam; is breá liom a bheith ag canadh agus tá grúpa beag fonnadóireachta bunaithe agam féin agus ag cuid de mo chairde. Is breá liom a bheith amuigh faoin aer ag siúl chomh maith.”An gcuireann sé isteach ar a fear céile nach bhfuil gnáthphost a bhfuil gnáthuaireanta oifige i gceist leis ag a bhean?“Pósadh muid agus mé aon bhliain is fiche d’aois. Mar sin, tá sé dulta i dtaithí orm faoin am seo! Go hádhúil, tá sé chomh paiseanta céanna faoi na cúiseanna seo is atá mise."
Toghchán uachtaránachtaIs duine gnímh é Roche, is léir, agus d’fhéadfá a rá gur cailliúint ollmhór a bheadh ann do mhuintir na réigiún atá thíos le tubaiste Shearnóbail dá mbuafadh sí an toghchán uachtaránachta sa bhliain 1997. Roghnaíodh í mar iarrthóir de chuid chomhghuaillíocht páirtithe éagsúla: An Comhaontas Glas, Páirtí an Daonlathais Chlé agus Páirtí an Lucht Oibre. Ní bhfuair sí ach 7% den vóta (tógadh Máire Mhic Ghiolla Íosa le 58.7% den vóta), ach ní hé go raibh ceann faoi uirthi i ndiaidh an eispéiris ar fad.“Is duine soirbh agus dóchasach mise; bíonn an ghloine leathlán i gcónaí. Cinnte, thit an lug ar an lag orm ar feadh cúpla lá, ach ansin, rinne mé athmhachnamh ar chúrsaí agus tháinig mé ar an tuiscint gur pribhléid iontach a bhí ann gur tugadh an deis sin dom mo chuid cúiseanna a chur chun cinn agus aird a tharraingt orthu ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Measaim go bhfuil an-jab á dhéanamh ag Máire Mhic Ghiolla Íosa agus is minic a bhíonn orm gar a iarraidh uirthi – tá scileanna iontacha taidhleoireachta aici. Mar a dúirt Édith Piaf, Non, je ne regrette rien! ”
Bheadh an t-alt seo easnamhach mura luafainn nach n-aontaíonn go leor daoine le tuairimí Roche i dtaca leis an tionchar a d’fhág an radachur ar mhuintir na gceantar a mbíonn sí ag gníomhnú iontu. Go bunúsach, creideann scoil smaointeoireachta amháin nár fhág an pléascadh aon tionchar diúltach ar mhuintir na gceantar seo. Creideann an dream seo gurb éard atá freagrach as míchumaí breithe agus as na tinnis éagsúla eile atá i gceist sna réigiúin seo ná oidhreacht lofa APSS, córas polaitiúil a rinne neamart iomlán i réimse na sláinte.
(Tá go leor argóintí a thacaíonn leis an teoiric sin le léamh anseo:wikipedia.org/wiki/Chernobyl_disaster)
Caithfidh mé a admháil nach bhfuil tuairim agamsa cé acu scoil smaointeoireachta is cirte. Ní easaontaíonn duine ar bith, áfach, go bhfuil fulaingt agus cruachas i gceist i limistéar Shearnóbail. Ní dóigh liom go bhfuil na páistí róbhuartha faoi céard is cúis lena n-anró. Ní bhíonn deireadh riamh le hobair an Chernobyl Children’s Project. I mí Dheireadh Fómhair, beidh Roche ag imeacht arís go dtí an Bhealarúis agus beidh foireann nua oibrithe deonacha in éineacht léi. “Níor imir an Tíogair Ceilteach tionchar diúltach orainn in aon chor. Tá daoine níos toilteanaí a gcuid ama a thabhairt dúinn anois ná mar a bhí siad riamh. Molaim an saorálaíochas go hard. Is gnáthdhaoine muid ar fad ag déanamh rudaí neamhghnácha.”Ní aontaím léi faoi sin; is duine eisceachtúil í Roche.
Beidh The Children Beyond Chernobyl *le feiceáil ar RTÉ 1 ag 22.45 ar an 4 Meán Fómhair.Tá cuid mhór cláracha eile déanta ag Roche i gcomhpháirt le comhlachtaí léirithe éagsúla. Ina measc tá: *Black Wind, White Land – Living with Chernobyl *(1993), a chuir Ali Hewson i láthair, agus *Chernobyl Heart (2003), ar bronnadh Oscar air don ghearrscannán faisnéise is fearr.Tá leabhair scríofa ag Roche chomh maith: The Children of Chernobyl (1996) agus Chernobyl Heart – 20 Years On (2006).
Más spéis leat airgead a thabhairt don Chernobyl Children’s Project International, tabhairt cuairt ar shuíomh gréasáin na heagraíochta: http://www.chernobyl-international.com/
Is eagarthóir na hirise seo í Caoimhe Ní Laighin