AR NA SAOLTA SEO
A bhFuil Romhainn Amach
Muiris Ó Meara Muiris Ó Meara

Thum Muiris Ó Meara é féin i bhfealsúnacht agus i bhfisic Niel Bohr agus Slavoj Žižek le súil a chaitheamh ar ghnóthaí geilleagair. Má tháinig sé aníos as Loch Rúraí féin, níor fágadh ainimh ná máchail ar a éadan ná ar a áiteamh.

Íomhá
Slavoj Žižek
(le Mariusz Kubik.pl ar Vicipéid)
Íomhá
Niels Bohr & Einstein, tigh Ehrenfest, Nollaig 1925
(le Paul Ehrenfest ar Vicipéid)
Íomhá
Anuraidh, i mBÁC
(le Victor Grigas ar Vicipéid)
Íomhá
Creid é nó ná creid
Íomhá
Suí isteach ar an bhFaiche Mhór Gaillimh anuraidh

Báireoir cumasach sacair ab ea Niels Bohr ach is i ngort eile ar fad a dhein an t-eolaí Danmhargach seo an t-aicsean a thuill clú is cáil dó ar fud na cruinne. Fisiceoir ab ea Bohr agus i 1922, bronnadh duais Nobel air don obair cheannródaíoch a bhí déanta aige sa réimse úd. Gach uige mar a hábhar a deirtear agus i 1975, lean Aage Bohr lorg a athar nuair a rug sé Craobh Nobel leis i ngort na fisice eithní. Líon tí stuama staidéartha ab ea muintir Bohr agus rachadh sé dian ort piseogaíocht d’aon sórt a shamhlú leo, b’fhéidir. Bheadh seachrán ort, áfach, mar tá b’fhéidir eile ann.

Tarraingíonn an scéal seo scéal eile. Bhí Niels Bohr ag cur faoi i dteachín tuaithe i Tisvilde na Danmhairge. Lá amháin, tháinig cara dá chuid ar cuairt chuige. Baineadh siar as an gcara géarshúileach seo nuair a chonaic sé crú capaill os cionn phríomhdhoras an tí ag Bohr. D’fhiafraigh sé de Niels cad ina thaobh go raibh a leithéid ansin aige nó ar ghéill sé don phiseogaíocht a bhain leis an gcrú capaill? Is díol spéise an freagra a thug Bohr.

Mhínigh Bohr nár chreid sé féin sa phiseogeolaí ab ea é tar éis an tsaoil! Chuir sé an crú capaill ansin toisc gur chuala sé go n-oibreodh an phiseog fiú munar chreid sé féin inti. Creideadh coitianta go n-oibreodh an phiseog beag beann ar aon chreideamh a bhí aige féin inti. Nó lena chur ar shlí eile, d’oibreodh an phiseog toisc gur chreid daoine eile inti. Seo agaibh an paradacsa, más ea: chreid Bohr i gcreideamh nár chreid sé féin ann!

Creideamh Idé-Eolaíoch

Baineann an fealsamh Slavoj Žižek earraíocht chliste as an scéal seo d’fhonn an tslí pharadacsúil ina bhfeidhmíonn idé-eolaíochtaí sa tsochaí chomhaimseartha a léiriú. Amhail piseog Bohr, ciallaíonn ‘creideamh idé-eolaíoch’ an díchreideamh pearsanta a bhíonn ag daoine in idé-eolaíochtaí ar na saolta seo. Ní dhiúltaímid do na hidé-eolaíochtaí seo toisc nach gcreidimid féin iontu, áfach. Feidhmíonn idé-eolaíocht ar bhealach i bhfad níos caolchúisí. Ar chuma fhimíneach éigin, géillimid go poiblí don idé-eolaíocht toisc go gcreideann daoine eile inti! An paradacsa? Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd is nach gcreidimid iontu in aon chor!

Sampla neafaiseach den rud atá i gceist agam? Creid é nó ná creid— agus ní mór duit an dá rud a dhéanamh sa chás seo —Daidí na Nollag!

Cur ceist ar an aos óg an gcreideann siad i nDaidí na Nollag, arsa Žižek. Freagra? Déarfaidh a bhformhór leat nach gcreideann siad ann. Cén fáth a ligeann siad orthu go gcreideann siad ann? Toisc go gcreideann a dtuistí go gcreideann siad ann. Ansin cur ceist ar na tuistí agus is léir nach gcreideann siadsan an scéal. Ach déarfaidh siad leat ansin go gcreideann siad ann, ar shlí. Cén fáth? Toisc go gcreideann a bpáistí ann! An tátal? Creideann gach duine i nDaidí na Nollag siúd is nach gcreideann éinne ann!

Sampla eile? Cloímis le téama na Nollag. An Triúr Saoithea sciobann a bhfuil d’ór is de thúis is de mhiorra againn sa tír seo abhaile go dtí Aingeal an Bháis sa Ghearmáin —nó an Triúracht mar is fearr aithne orthu.

Dul Faoi Urláimh Aingil

Samhlaigh am faoistine i mBeirlín.

‘An gcreideann tú sa Triúracht, a Éanna?’

“Ní chreidim, a Aingeal. Tuigfidh tú mo chás. Is eiriceach Liútar léatarach mé.”

‘Ach creideann daoine eile sa Triúracht Ró-Naofa, a Éanna’.

Tuigim, a Aingeal ” arsa Éanna. “Maith dhom mo pheacaí. Creidfidh mé sa Triúracht feasta. Ach, a Aingeal uilefheasach na huilechumhachta ... cé hiad na daoine eile seo?”

“Iad seo a chreideann, a Éanna. Creideann siadsan go gcreidimse sa Triúracht agus creideann tusa go gcreidimse, leis. Creideann tusa anois. Creidimid uile i rúndiamhair na Triúrachta síoraí. Nach dtuigeann tú, a Éanna?”

“Is tusa Aingeal na Merackles. Tu penses donc je crois” arsa Éanna na réasúntachta Eorpaí.

“Áiméan”.

Tá breall orthu siúd a áitíonn orainn ad nauseum gurb í an fhadhb is mó atá le sárú againnan deacracht geilleagair. Easpa samhlaíochta atá ag dó na geirbe againn. Cothaíonn an tsamhlaíocht peirspictíochtaí dúshlánacha a dhiúltaíonn d’fhimínteacht an status quo. Réabann an tsamhlaíocht firinní an tsaoil iarbhír as a chéile. Léiríonn sí dúinn go bhfuil féidearthachtaí eile ann. Tugann sí orainn an saol a athmhúnlú is a thuiscint as an nua, dá réir. Cá bhfuil an tsamhlaíocht radacach ar na saolta seo? An fhís dhúshlánach?

An ndeineann fís fírinne? B’fhéidir é, ach bíonn dhá b’fhéidir ann. Ná bímis taobh leis an tsamhlaíocht amháin. Dhein físeanna áirithe slad. Samhlaíocht Hitler, Stalin agus Pol Pot, abair. Ach diúltaímis don lútáil dhogmatach seo ag altóir na Triúrachta. Idirspleáchas na samhlaíochta agus an réasúin faoi réir ag fíoreitic uilíoch a theastaíonn uainn go práinneach. Tír gan samhlaíocht, tír gan réasún d’être!

Déanfaidh fearann fianaise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.