@ SNC
Meabhraíonn do cheist amaideach ceist fhear TV3 (más buan mo chuimhne) ar an mbuachaill óg den lucht siúil a bhí le freastal ar Ghaelscoil Phort Láirge: “who made you go to the gaelscoil?” -
“My father and my mother tried to stop me going but I wanted to go and they couldn’t stop me.”
“What made you come to the gaelscoil then?” -
“Well anyone you see on television who’s important, they’re all able to speak Irish so I decided I was going to speak Irish.”
Ní miste fiafraí ar chreid tú nach bhfuil gach cineál datha agus aicme duine sna gaelscoileanna? An bhféadfadh sé go bhfuil tú chomh haineolach is a ligeann tú ort féin sa scríobh? Ar bhreathnaigh tú thar an mbaile ar chuid acu nó an ndeachaigh tú chuig ceolchoirm dá gcuid? An bhfuil a fhios agat cá bhfuil na gaelscoileanna in aice leat? An bhfuil a fhios agat na fadhbanna a bhíonn acu? Íomhá a bheith róbhocht agus rógharbh in áit amháin agus a bheith róchinsealach, mar a shamhlaigh tusa iad, in áit eile? Leis an bhfás céadtach atá faoin ngaelscolaíocht, http://www.gaelscoileanna.ie/assets/Growth.Fás-gscoil-72-13.pdf bíonn fadhbanna a gcaithfidh tuismitheoirí agus boird bhainistíochta tabhairt fúthu, rud a dhéanann siad le fonn. Is iad na tuismitheoirí a chinnfeas cén cineál gaelscoile a thiocfas ar an saol ina gceantar: http://www.foras.ie/our-schools/type-of-school-immersion-education-gaelic-culture/
Maidir le bheith trodach, cén fáth nach mbeimis trodach théis a bhfuil fágtha d’oidhreacht againn ag gach rialtas agus gach glúin le céad bliain anuas. Ó bunaíodh dhá stát na hÉireann, tá na céadta míle cainteoirí dúchais Gaeilge curtha faoin bhfód agus aon ghné a spreag blúire dóchais in imeacht na mblianta, ar nós na gcoláistí ullmhúcháin, cartadh de leataobh é. Aon ní ar nós raidió nó teilifíse, Údarás Gaeltachta, dá laghad é, bunaíodh é i ndiaidh feachtasaíocht a d’eascair as séanadh ár gceart orainn. As teip an stáit i leith na teanga sa chóras oideachais a d’eascair an ghlúin gaelscolaíochta seo.
Fágadh an tír le córas unidirectional bilingualism, nó an cúpla foclachas i gcóras mórghradaim teanga an chinsil, a chinneann bliain i ndiaidh bliana go mbíonn náire ar na gasúir faoina laghad Gaeilge atá faighte acu. Tá an scéal ríofa go mion in Éirinn agus i dtíortha cosúil léi (Voces Diversae 2006, féach lgh. 37, 50, 77, 98, 130, 137.) Níor oibrigh an seanchóras Béarla (Rúisise srl.) sin, ní oibríonn anois agus ní oibreoidh sé go brách. Caithfear deireadh a chur leis. Is mór an náire go bhfuil sé fós á oibriú ag roinn oideachais in aon áit ar an oileán seo.

Cibé ar bith, sílim go raibh an ceart ag Seosamh! Tá tú ar Irish Welfare, a S N C.
Seans maith gur thusa an sórt duine a shíleanns go bhfuil páipéar bán racist agus a shíleanns gur smaoineamh maith é seo: http://michellemalkin.com/2011/03/13/call-an-ambulance/ , nach thú S N C?