> An ceart ar fad ag an Aire. Bhí sé thar am deireadh a chur le elitisim na > nGaelscoileanna. Cén scothaicmeachas? I gcead duit sin claontuairim leisciúil gan bhunús dá laghad. Tá an oiread céanna Gaelscoileanna ar scoileanna aitheanta DEIS iad & atá gnáth bunscoileanna.
Fan go bhfeicfidh tú torthaí na hArdteiste. A-nna uilig do scothaicme na nGealscoileanna. Níl na Gaeilgeoirí sásta a adhmháil go bhfuil na Gaelcholáistí lán le páistí saibhre an elite
Cén fáth go samhlaíonn tú gur aicme áirid daltaí is bun le marcanna arda? An bhféadfadh, meas tú, additive bilingualism na marcanna breise a thabhairt do dhaltaí na nGaelscoileanna?
Come off it. Tá a fhios ag chuile dhuine gur daltaí saibhre iad ach chuile uair a deirtear é sin tugann ardmhaistir eigin dalta dubh amach chun a rá go bhfuil na Gaelscoileanna multi-racial multi class. Seafóid
tabhair freagra
#8
Nollaig O Néill6 Meitheamh 2013, 15:56 GMT
ceist shimiúil....tuairimí.......d'fhreatial mé ar cholásite Eoin i Stigh Lorgáin sna hochtoidí.....ag an am bhí muinteoirí den scoth ag obair sna scoileanna 9agus tá fós), go háirithe an Bratháir De Barra.....bhí suim ag tuismitheoirí na ndaltaí i stair agus oidhreacht na gaeilge mar theanga labharta agus bhíodar breá sásta a bpaistí a sheoladh chuig scoileanna cosúil le colaiste Eoin mar thuigeadar go raibh speis ag na scoileanna agus ma muinteoirí a bhí ag obair sna scoileanna seo oidhreacht na gaeilge a chomoradh....bhi grá faoi leith don teanga....ni raibh mo thuistí saibhir agus ní raibh tuistí formhór na ndaltaí i mo rangsa saibhir.....is drochchinneadh atá in intinn an Aire maidir le cúrsaí gaeilge agus tá sé soiléir go bhfuil beagshuim aige i dtcochaí an teanga......Nollaig O Néill
Níl duine ar bith I saol na Gaeilge sásta a admháil go gcuireann go leor tuistí a gcuid páistí go Gaelscoileanna le imircigh a sheachaint. Sin í an fhírinne ghlan
Níl a fhios 'am beo cé a fuair bás ar fhág na daoine ag déanamh gearáin i bhur Nazi sin i mbun caidrimh 'chuile dhuine eile. Ach tá a fhios 'am go maith go raibh an ceart ag an té a dúirt dá mbeadh achmhainn íoróine agaibh, phléascfadh 'bhur gcinn. : )
> Níl duine ar bith I saol na Gaeilge sásta a admháil go gcuireann go leor > tuistí a gcuid páistí go Gaelscoileanna le imircigh a sheachaint. Sin í an > fhírinne ghlan Mionlach iadsan agus is dócha go mbíonn breall orthu sách minic. Tá eachtrannaigh nó daoine de bhunadh tír eile i ranga mo mhic, mar shampla.
Pé scéal é, ní stopfaidh beart an aire sin - tharlódh go gcuirfeadh sé leis. Nó bhfuil tú ag maíomh go dtógann na daoine úd a gclann le Gaeilge? Sin atá faoi chaibidil - nach mbeidh an deis ag leanaí le Gaeilge oideachas trí Gaeilge a fháil.
Ar bhealach is íontach an rud é go bhfuil an oiread sin éileamh ar áiteacha sna Gaelscoileanna agus sna Gaelcholáistí is go bhfeictear don Roinn Oideachais go gcaithfear rialacha a leagan síos a chuirfeadh cosc ar aon chineál fábhair i leith daoine a bhfuil Gaeilge acu!
Bí cinnte nach é Ruairí Quinn a leag síos an dréacht dena rialacha iontrála ach ard státseirbhíseach a bhfuil nimh sa bhfeol aige/aici don chóras Gaeloideachais agus atá ag iarraidh dochar a dhéanamh dhó ach sé Ruairí Quinn a dhéanfaidh an cinneadh ag an deire. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeifí in ann argóintí réasúnacha a chur ina láthair, maidir le bealaí a fhéadfaí a chinntiú nach mbeadh córas iontrála na nGaelscoileanna nó na nGaelcholáistí ag cleachtach aon chineál idirdhealú, nach mbeadh bunaithe ar an dteanga amháin.
Seo é an argóint im thuairimse: Mura bhfuil cead ag Gaelscoileanna tús áite a thabhairt do ghasúir a tógadh le Gaeilge, is ait an tír í agus ní dóigh liom go mba ghá dul chomh fada le Cúirt na hEorpa lena chruthú go raibh cearta bunúsacha á cheilt ar ghasúr ar bith a raibh an Ghaeilge aige/aici mar chéad teanga, nach mbeadh áit tugaithe dó/di i nGaelscoil faoi na rialacha iontrála atá molta.
Ar bhealach bheadh sé mar a chéile le cosc a bheith ar scoil Protastúnach tús áite a thabhairt do Phrotastúnaigh ach amháin é seo: tá deimhniú ar pháipéar - an teastas baiste - ag an tuismitheoir Protastúnach gur ball den creideamh sin an gasúr. Níl aon teastas mar sin ag an gasúr atá tógtha le Gaeilge go fóill, ach níl cúis ar bith nach mbeadh ceann curtha ar fáil, ach eagraíocht éicint (Foras na Gaeilge, ab fhearr tabhairt faoi ó thuaidh is ó dheas) a bheith sásta córas a chur i dtoll a chéile le teastais mar sin a bhronnadh. Ní hamháin go réiteodh na teastais 'Tógtha le Gaeilge' an fhadhb maidir le córas iontrála na nGaelscoileanna a bheith in ann tús áite a thabhairt dóibh siúd atá tógtha le Gaeilge ach thabharfadh sé eolas rialta dúinn, a bheadh usáideach i dtaobh leathnú na Gaelscoilíochta a phleanáil agus ligfeadh sé don stát monatóireacht a dhéanamh ar cé mar atá ag éirí leis an 'Stráitéis 20 Bliain'. B'fhéidir go spreagfadh sé roinnt tuismitheoirí a bhfuil Gaeilge acu, Gaeilge a usáid leis na gasúir, le go mbeidís cinnte de áit sa Ghaelscoil áitiúil faoina rialacha nua.
> nGaelscoileanna.
Cén scothaicmeachas? I gcead duit sin claontuairim leisciúil gan bhunús dá laghad. Tá an oiread céanna Gaelscoileanna ar scoileanna aitheanta DEIS iad & atá gnáth bunscoileanna.