Tá pointí maithe déanta aaanseo faoi cé chomh éasca is atá an siollabus seo agus tuigim an moladh faoin dá ábhar. Ach cén bhuntáiste atá ann don chainteoir dúchais páipéar níos deacra a dhéanamh?
An buntáiste a bheadh ann ná go mbeidís ag déanamh caílíocht breise (bheadh sé ar nós ábhar breise a dhéanamh agus mar sin bheadh pointí breise ar fáil). Sin mar a dhéantar sa Bhreatain Bheag.
D’fhéadfadh leo an cháilíocht atá dírithe lucht na scoileanna Bhéarla a dhéanamh ar dtús (beidh sin acu gan mórán stró), agus ansin beidh deis acu a gcuid Gaeilge a fhorbairt agus pointí eile a fháil leis an gcáilíocht atá dírithe ar Gaelcholáistí is scoileanna Gaeltachta. [Má tá siad maith ag an nGaeilge – buntáiste mór a bheadh ann.]