Aontaím le Donncha agus Páid, níl an Rialtas ag déanamh aon rud úsáideach sa Ghaeltacht. Thug mé cuairt go dtí Gaoth Dobhair agus bhí orm dul chuig an Gaoth Dobhair Medical Centre i mBun Beag. Bhí an radio le cloisteáil sa feithealann i mBéarla ag é go hard, bhí sé mar an gcéanna sa cógaslann, bhí na doctúir ón Africá Theas agus gach rud I mBéarla. Tá an áit plódaithe le tithe saoire agus go leor suíomhanna ar dhiol. Chuala mé cupla fear ag caint agus iad a rá go raibh an teanga faoi bhrú sa cheantar agus níl aon ionadh.
tabhair freagra
#5
Rob Mac Giollarnáth14 Bealtaine 2012, 10:09 GMT
Cé go n-aontaím le Donncha nach bhfuil an scéal beagáinín níos casta fós? Uaireanta ritheann sé liom nach bhfuil suim ag roinnt daoine sa Ghaeltacht fiú sa teanga. Mar shampla nach raibh daoine sa Ghaeltacht ag díol suíomhanna do strainséirí chun tithe samhraidh a thógaint agus na tithe sin folamh an cuid is mó den am? Chuaigh mé fhéin siar go dtí Conamara uair amháin chun mo ghaeilge a fheabhsú. Cé gur chuir roinnt daoine fáilte romham agus roimh mo chuid iarrachtaí Gaeilge a labhairt ní raibh suim dá laghad ag dreamannaí eile ach ag iarraigh suíomh a dhíol dom. B'fhéidir nach fiú a bheith ag brath ar eagrais Stáit ach an oiread mar i gcónaí tagann na mothúcháin is fearr as na daoine féinig. Féach ar Oidhreacht Corca Dhuibhne mar shampla agus muintir na háite ag déanamh seacht ndícheall chun an Ghaeilge a chur chun cinn. I gcás eile ta aithne agam ar fhear ó Chonamara (cainteoir dúchasach) pósta le muinteoir bunscoile agus ceathrar pháistí acu ach níl focal gaeilge sa teach. Muna mbíonn suim ag daoine ina dteanga féin agus í a chothú, bhuel nach bhfuil sé sin an bhunfhadhb seachas an milleán a chur ar an Stát? Níl aon chostas ann daoine ag caint eatartha má tá na scileanna teanga acu cheana fhéin. Nach bhfuil sé sin déanta ag daoine cheana fhéin gan tacaíocht ar bith ón Stát?
> Cé go n-aontaím le Donncha nach bhfuil an scéal beagáinín níos casta fós? > Uaireanta ritheann sé liom nach bhfuil suim ag roinnt daoine sa Ghaeltacht > fiú sa teanga. Mar shampla nach raibh daoine sa Ghaeltacht ag díol > suíomhanna do strainséirí chun tithe samhraidh a thógaint agus na tithe > sin folamh an cuid is mó den am? Chuaigh mé fhéin siar go dtí Conamara > uair amháin chun mo ghaeilge a fheabhsú. Cé gur chuir roinnt daoine fáilte > romham agus roimh mo chuid iarrachtaí Gaeilge a labhairt ní raibh suim dá > laghad ag dreamannaí eile ach ag iarraigh suíomh a dhíol dom. B'fhéidir > nach fiú a bheith ag brath ar eagrais Stáit ach an oiread mar i gcónaí > tagann na mothúcháin is fearr as na daoine féinig. Féach ar Oidhreacht > Corca Dhuibhne mar shampla agus muintir na háite ag déanamh seacht > ndícheall chun an Ghaeilge a chur chun cinn. I gcás eile ta aithne agam ar > fhear ó Chonamara (cainteoir dúchasach) pósta le muinteoir bunscoile agus > ceathrar pháistí acu ach níl focal gaeilge sa teach. Muna mbíonn suim ag > daoine ina dteanga féin agus í a chothú, bhuel nach bhfuil sé sin an > bhunfhadhb seachas an milleán a chur ar an Stát? Níl aon chostas ann > daoine ag caint eatartha má tá na scileanna teanga acu cheana fhéin. Nach > bhfuil sé sin déanta ag daoine cheana fhéin gan tacaíocht ar bith ón Stát?
Tá an ceart agat Rob, tá an scéal mar an chéanna i nGleann Cholm Chille. D'fhreastal mé ar Oideas Gael agus chuaigh amach gach oiche chun mo chuid Ghaeilge a cheachtadh ach ní raibh spéis ar bith ag muintir na háite sin sa Ghaeilge. Níor clois mé aoinne dena páiste ná na daoine óga ag caint Gaeilge. Cheapfá go raibh resource mór í an Ghaeilge rud maith a mhealladh daoine isteach sa cheantair agus ba cheart acu í a choiméad laidir.
tabhair freagra
#8
Máire Nic Niallais15 Bealtaine 2012, 13:05 GMT
Tá dhá alt i mBEO na míosa seo, ceann scríofa ag gníomhaí teanga nach bhfuil ag brath ar mhaoiniú ón Rialtas agus a dhéanann cur síos agus anailís ar an dá chlár a seoladh ar na mallaibh. Is léir go bhfuil formhór na n-eagraíochtaí pobail agus tuismitheoirí sa Ghaeltacht ag aontú leis na tuairimí atá nochtaithe ag Donncha Ó hÉallaithe ach go bhfuil leisc ar dhaoine labhairt amach de bharr go bhfuil siad ag brath ar mhaoiniú ón Roinn. Ar an lámh eile, tá an t-alt seo ó 'Caint an Sráidbhaile' nach ndéanann aon iarracht cur síos a dhéanamh ar na cláir eagsúla nó anailís a dhéanamh orthu ach atá ag rá linn nár chóir dúinn bheith ag iarraidh an rud is fearr donár bpáistí ach leanúint leis an cur i gcéill atá an Roinn ag cur chun tosaigh ins an dá chlár seo agus gan aon ghearán nó casaoid a dhéanamh. Tá mise ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht, i gceann de na Gaeltachtaí is láidre, agus tá a fhios agam cé acu de na hailt seo atá ag labhairt ar mo shonsa, sé sin, tuismitheoir agus gníomhaí teanga agus cé acu atá ag labhairt ar son an Establishment agus an Status Quo. Mo náire sibh a BhEO atá ag tréigeadh an anailís agus tuismitheoirí na Gaeltachta ar mhaithe le maoiniú ón Roinn a chosaint!
Seo í an cheist a théann go croí na faidhbe dár liom: Deir an SCT linn go bhfuil fadhbanna ollmhór againn agus muna nathraíonn muid rudaí nach dtiocfaidh aon feabhas ach a mhalairt. Cén fath mar sin nach bhfuil an Rialtas nó an Roinn sásta glacadh le moltaí an SCT? Cén fath nach bhfuil siad sásta glacadh le moltaí ó na daoine atá i dtús cadhnaíochta sa chath seo do thodhchaí na Gaeltachta, sé sin na tuismitheoirí atá ag tógail a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht?
'Caint sa Sráidbhaile' - iarracht le díospóireacht a spreagadh le tuairim gan anailís - sin ceart go leor. Bíonn eagarfhocal i ngach foilsiúchán. Altanna Dhonncha Uí Éalaithe, sin scéal eile - tuairimí le anailís atá bunaithe ar sheasamh i gcoinne gach rud! An bhfaca sibh é ag aontu le aon rud ariamh? Bíonn na daoine sin ann! Ag deireadh an lae,. labhrann Gréigigh Gréigis, Spáinnigh Spáinnis, Fionnlannaigh Fionnlainis srl - cén fáth gur muid na h-eisceachtaigh? Ní shílim gur féidir an locht a chuir ar An Roinn nó ar an Údarás nó aon dream eile! Féacxh ort féin!
Dá thúisce a thuigimíd gur fúinn féin mar chainteoirí Ghaeilge an teanga a thabhairt slán go dtí an chéad ghlúin eile, beag bheann ar an Roinn agus ar an Údarás, sea is fearr é. Ní cáineadh é sin ar cheachtar dream mar tá daoine maithe ag obair i ngach eagras - ach tá easnamh córasach ann in Éirinn i leith na Gaeilge agus ní leigheasfaidh aon eagras amháin nó beirt é sin, nó ní leigheasfaidh Acht Teanga é nó Coimisineir Teanga. Fúinn féin atá sé an teanga a shabháil agus is féidir ana chuid ama a chaitheamh amú ag cáíneadh grúpaí agus eagrais, fiú má tá an cháineadh tuillte, ach níl aon mhaith déanta. Is maith ann anailís Dhonncha ach níl aon rud nua ann. Tá's againn go bhfuil an Ghaeilge i mbaol agus ar leaba a bháis etc sa Ghaeltacht - nach é sin an fath go mbímíd de shíor ag caint faoi. Is í an cheist: céard a dhéanfaimíd anois?
tabhair freagra
#11
Daithi Mac Carthaigh25 Bealtaine 2012, 20:21 GMT
Ní foláir béasaí a athrú.
Cén tairbhe cent rua d’airgead na Gaeltachta a chaitheamh i mBéal an Mhuirthid, baile Béarla a bhfuil dhá mheánscoil lánBhéarla ann nó ar an gClochán Liath, baile Béarla eile nach bhfuil ann ach bhunscoileanna agus meánscoil lánBhéarla nó ar an bhFál Carrach, baile Béarla le meánscoil Bhéarla nó an Charraig i nDeisceart Thír Chonail, baile Béarla le meánscoil Bhéarla?
Cad is fiú airgead na Gaeltacht a ídiú ar mhonarchana a fhostaíonn Béarlóirí as baile isteach den chuid is mó?
Mura dteastaíonn ón bpobal in áit ar leith an Ghaeilge a bheith in uachtar agus oibriú sa treo sin laistigh de chreatlach Phlean 20 Bliain don Ghaeilge, ni fiú cent de ‘airgead na Gaeltachta’ a chaitheamh ann. Rinne agus déanann cur i gcéill dochar as cuimhse don Ghaeilge sa Ghaeltacht.
Mura mbíonn fágtha den Ghaelacht ach cúpla leathpharóiste is cuma ach córas oideachais a fhreagraíonn do riachtanais an chainteora dhúchais a bheith i réim inti agus an Ghaeilge mar riachtanas fostaíochta agus teanga oibre do ghardaí, bhreithiúna, oifigigh chomhairle áitiúla, dhochtúirí, lucht siopaí agus chléir, srl.
Má leanntar den síorghéilleadh don Bhéarla agus do Bhéalóirí in ainm a bheith ‘réasúnach’ cuirfear deireadh le gach áisínteacht tacaíochta Gaeltachta pé scéal é toisc nach mbeidh Gaeltacht ar bith fágtha i gceann 10 mbliana. Ní fiú leanacht leis an tseafóid ar mhaithe le bréagleagan amach nach gcreideann éinne ann.
Caithfear diúltú don Bhéarla ar mhaithe leis an nGaeilge. An gá do chúigear a labhraíonn Gaeilge iompú ar an mBéarla mar gheall go dtagann duine nach fiú dó nó di an Ghaeilge (nó teanga ar bith eile seachas Béarla) a fhoghlaim.
Bíodh an Ghaeilge ina haonteanga phoiblí agus oifigiúil i pé ceantar a bhíonn sásta glacadh lena leithéid le fanacht sa Ghaeltacht mar in éagmais a leithéid de chur chuige ní bheidh an Ghaeilge in uachtar i bpobal ar bith i gceann 10 mbliana.
Misneach anois nó aiféala (agus corr-amadán ag fiafraí cad a tharla) ar ball.