« » 1 2
tabhair freagratabhair freagra #1 Máire Nic Niallais 3 Bealtaine 2012, 16:12 GMT
Aontaím go huile agus go hiomlán le Ó hEallaithe. Tá an cath caillte sa Ghaeltacht mar nach dtuigeann Roinn na Gaeltachta ó bhun caidé atá le déanamh leis an teanga a thabhairt don chéad ghlúin eile. Mar thuismitheoirí, bhí muid ag brath go mór ar bhearta a thabharfadh tacaíocht agus misneach dúinn. Ach níor éistíodh leis an méid a bhí le rá againn. Na tuismitheoirí agus na daoine uilig a raibh mé ag caint leo ó foilsíodh an plean, deir siad go bhfuil lag mhisneach iomlán orthú. Thar rud ar bith eile, níl muinín ar bith agamsa as Roinn na Gaeltachta níos mó.
tabhair freagratabhair freagra #2 Páid Ó Donnchú 7 Bealtaine 2012, 18:53 GMT
Agus aontaím féin le Máire agus Donncha. Tá mé féin i mo chonaí sna bhForbacha áit an bhfuil an Roinn agus an tÚdarás lonnaithe; agus dá mbeadh an péire acu dúnta síos ar maidin, ní dhéanann sé difear ar bith don Ghaeilge sa Ghaeltacht. Tá na heagraíochtaí seo tuirseach agus caite, níl siad freagrach do dhuine ar bith seachas iad féin, agus ba cheart iad a bheith scriosta.
« » 1 2
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!