Ní hé an geilleagar a Amadáin, ach is é an Aontacht é! Tá Robert McMillen den bharúil gur chuir toghchán na Mainistreach Iartharaí an biorán suain ann féin agus i mórán daoine eile.
Ó, gabh mo leithscéal. Thit néal codlata orm le linn dom a bheith ag smaoineamh ar an toghchán Westminster atá ar na bacáin.
Tchí Dia sinn. Is cuimhin linn meanma ollmhór an dóchais a fuair greim ar shamhlaíocht na ngnáthdhaoine nuair a tháinig Tony Blair i gcomharbacht ar John Major i 1997. Lena linn, rinne Blair éacht ag cur cúis na síochána chun cinn ó thuaidh agus ba cheart go mbeadh muid buíoch, beannachtach dó. Beartais eile dá chuid, bhí siad go hainnis, ach rinne sé a chuid ar son an tuaiscirt.
Bhí an t-atmaisféar dóchasach céanna i réim arís le linn do Barack Obama a bheith sa rás d’uachtaránacht Mheiriceá ach ó bhain sé an Teach Bán amach, tá idir dhíomá agus lúcháir ar a lucht tacaíochta maidir leis an gheilleagar agus le gnóthaí eachtracha.Níl an dóchas céanna le mothú agus daoine ag breathnú ar cheannaire na dTóraithe, David Cameron, agus é ag iarraidh eochracha 10 Sráid Downing a fháil. Leoga, duine nach dtig leis an coup de grace a thabhairt do Phríomh-Aire chomh soghonta le Gordon Brown, tá sé ar leathstuaic. Tá rud éigin in easnamh ann. Tá beocht éigin curtha sa chomórtas is tábhachtaí i Sasana ag Nick Clegg, fear nach mbeidh ina Phríomh-Aire go deo na ndeor. Nó an mbeidh?
Má tá Brown agus Cameron agus Clegg chomh séimhbhladrach sin, tá siad mar a bheadh réaltaí scannáin ann i gcomórtas leis an drong a bhfuil sé d’uaillmhian ag a mbunús muid a threorú isteach sa 20ú haois (sic). Cad é an fhís atá ag ceannairí na bpáirtithe móra ó thuaidh a ghríosóidh duine amach as a shuan? Is í an fhírinne lom í gur beag cumhacht a bheas ag Feisirí Parlaiminte ón taobh seo domhain i Westminster. Ar a laghad, níos mó ná am ar bith eile le mo chuimhnese, tá daoine ag caint ar rudaí eile seachas an cheist náisiúnta agus ní gan fáth. Déanfar ionsaí ar ioncam bhunús gach duine ó thuaidh, is cuma cén rialtas atá i réim i "Máthair na bParlaimintí". Tá gach páirtí seachas Sinn Fein ag iarraidh cur in iúl gur féidir leo tionchar a imirt agus iad i gcroí an rialtais thall. Seafóid.
Mar Baldrick in Áras Blackadder
Fiú dá mbeadh Reg Empey ina aire i rialtas Tóraíoch - dáiríre - ní bheadh de chumhacht aige ach cumhacht Baldrick in áras Blackadder. Is bréag a mhaíomh gur féidir don tuaisceart teacht slán ó sceanairt Státchiste na Breataine - b’fhéidir gur mó an t-ualach a iompróidh idir náisiúnaithe agus aontachtaithe ó thuaidh mar chúiteamh ar an mhaoiniú ollmhór atá a fháil ag an stáitín ó bunaíodh é.
Cur i gcéill agus séanadh atá i ráitisí na bpáirtithe móra tuaisceartacha atá ag caint ar sheirbhísí poiblí a chostaint ach a luaithe a bheas rialtas ag feidhmiú i Westminster agus staidreamh státseirbhísigh an Státchiste ina lámha acu, is cinnte go bhfeicfidh muid "ciorruithe", an "nuachóiriú" (modernisation) agus "laghdú méide" (downsizing).
Dá mbeadh James Connolly beo inniu, "gadaíocht" a bhéarfadh sé féin air. Gadaíocht ó na daoine is boichte le tabhairt don dream a bhfuil an geilleagar scriosta agus an todhchaí curtha i mbaol acu fríd an chaimiléireacht nó fríd an neamhinniúlacht.
Cá bhfuil an páirtí polaitíochta ó thuaidh a bhfuil sé de chrógacht acu aghaidh a thabhairt ar sin agus cé atá in ann é a stad? Duine ar bith. Tá an UUP fite fuaite sa pháirtí is mó a dhéanfá dochar do stíl mhaireachtála an ghnáthdhuine ó thuaidh agus sa Bhreatain, an Páirtí Coimeádach, ach tá Páirtí an Lucht Oibre (nach mithid an t-ainm a athrú?) agus na Lib-Dems chomh holc céanna!
Ní hé an Geilleagar a Amadáin!
I ndáilcheantracha áirithe, ní hé an geilleagar é, a amadáin. Is é an Aontacht go fóill é. Tabharfar vótaí d’iarrthóirí agus gheobhaidh siad suíochán i bParlaimint Westminster as siocair a dhaingne is atá siad ar son na haontachta leis an Bhreatain nó a dhaingne is atá siad ar son an ceangal sin a bhriseadh. Tá an pholaitíochta ó thuaidh sáite sa chlabar seicteach go fóill, ach ní aithníonn aon duine go bhfuil siad in abar.
Tá sé lena n-aimhleas nach bhfeiceann siad a bhfuil i ndán dóibh, ach i gcomhthéacs na deighilte móire polaitíochta agus creidimh, ní fheiceann, agus is mór an mhairg é sin.Tá daoine fuinniúla, cliste dea-thola - aontachtaithe agus náisiúnaithe - atá dall ar gach rud seachas an cheist náisiúnta. Dá mb’fhéidir na daoine seo a thabhairt le chéile agus páirtí mór amháin aontaithe a mbeadh sé de dhualgas orthu agus de sprioc acu troid a dhéanamh ar son na cosmhuintire - ní troid Scarva a throid bliain i ndiaidh bliana - bheadh na Sé Chontae níos fearr as. Go dtí sin, fanfaidh muid san fhaopach.
I 2012, beidh muid ag ceiliúradh 80 bliain ó tharla na Outdoor Relief Riots i mBéal Feirste, an uair dheireanach gur tháinig Caitlicigh agus Protastúnaigh le chéile le troid in éadan cruachás geilleagair. An féidir go gcuirfeadh ceachtanna na tréimhse sin borradh faoi ghluaiseacht úr a dhéanfas troid ar son an lucht oibre? Ná cuir aon gheall air.
Nasc: http://libcom.org/history/1932-belfast-outdoor-relief-strikehttp://flag.blackened.net/revolt/ws94/outdoor43.html