AR NA SAOLTA SEO
Yulia Tymoshenko agus Teannas Euro 2012
Seosamh Ó Riain Seosamh Ó Riain Seosamh Ó Riain

Bagairtí baghcait ar Euro 2012 i gCív na hÚcráine mar gheall ar iompar údaráis na tíre sin a tharraing aird Sheosaimh Uí Riain san alt seo.

Íomhá
Yulia Tymoshenko 2009
(le Premier.gov.ru ar Vicipéid)
Íomhá
An tUachtarán Yanukovych
(le Bratislavsky Kraj ar Flickr)
Íomhá
Lena cairde thoir
(le Kremlin.ru ar Vicipéid)
Íomhá
Seanchairde, le Yushchenko '07
(le European Peoples' Party ar Flic

Is cinnte go bhfuil údar maith ag lucht leanúna sacair scleondar agus sceitimíní a bheith orthu agus Euro 2012 sa Pholainn agus san Úncráin beagnach buailte linn.

Níl aon dul as, áfach, ach go bhfuil smál ar chraobh an tsacair san Úcráin mar gheall ar gheimhliú iar-Phríomh-Aire na tíre sin, Yulia Tymoshenko. Níl an tAontas Eorpach (AE) sona sásta leis an mbealach ar caitheadh léi, ná baol air, agus bhíothas ag bagairt go ndéanfadh 27 coimisinéir an AE baghcat ar an gcomórtas dá dheasca.’

Fritheadh ciontach Tymoshenko, 51, i mí Dheireadh Fómhair seo caite i mí-úsáid a cuid cumhachta san am a raibh sí ina Príomh-Aire de bharr beartas gáis a d’aontaigh sí leis an Rúis i 2009. Dá thoradh sin, dar le hUachtarán na hÚcráine, Viktor Yanukovich, agus a Rialtas, beidh ar an tír an iomarca costais arda a íoc amach anseo ar son soláthar fuinneamh ríthábhachtach.

Sa bhreis air sin, táthar le fiosrúchán eile á dhéanamh ar an “Banphrionsa Gáis”, mar a thugtaí ar Tymoshenko tráth, i ngeall ar choireanna a rinne sí, mar dhea, agus í fós i mbun comhlacht mór fuinnimh i lár na 1990í; ina measc siúd tá claonchasadh agus baint a bheith aici le hiarracht Theachta Parlaiminte de chuid na hÚcráine a mharú, fear a bhí in iomaíocht léi i saol an ghnó.

Tíortha an Iarthair

Rinne an tAE agus Stáit Aontaithe Mheirceá araon, chomh maith le roinnt grupaí cearta laistigh agus lasmuigh den Úcráin, cáineadh fíorláidir ar an triail agus ar an gcinneadh cúirte seacht mbliana ar an leaba chláir a ghearradh ar Tymoshenko anuraidh. Cúrsaí polaitíochta ba shiocair leis, dar leo, thar aon rud eile.

Ba í Tymoshenko duine de cheannairí na Reábhlóide Flannbhuí sna blianta 2004-05, eachtra a scrios céad iarracht Yanukovich le bheith ina Uachtarán ar an tír. Bhí Tymoshenko ina Príomh-Aire ar an Úcráin faoi dhó idir an dá linn sular chaill sí toghán na huachtaránachta in aghaidh Yanukovich i 2010.

Shéan Tymoshenko chuile chúiseamh ina leith, agus í mar aon le baill dá páirtí “Batkivshchyna” (athartha) go neamhbhalbh den tuairim nach bhfuil ar bun ag an Uachtaráin Yanukovich ach feachtas chun deireadh a chur leis an bhfreasúra polaitiúil roimh an toghchán parlaiminte san fhómhar. Caitheadh roinnt polaiteoirí de chuid an fhreasúra isteach sa charcair lena cois agus theith a fear céile chun Poblacht na Seice, áit a bhfuair sé tearmann polaitiúil.

Stailc Ocrais agus Agóid in Aghaidh Yanukovich

Chuaigh Tymoshenko ar stailc ocrais ar 20 Aibreán mar gheall ar dhrochíde a thug na heochróirí di. Shéan Údaráis na hÚcráine na líomhaintí sin amach is amach. Mhair an stailc ocrais ar feadh 19 lá go dtí gur bogadh as carcair Kachanivskiego go hotharlann i gcathair Kharkiv í, ionann is 12 km ar shiúl. Is ann a chuir dochtúirí de chuid otharlann Charité i mBeirlín cóir leighis uirthi mar gheall ar phian droma ainsealach a bhí ag cur as di go mór as.

Thug tuilleadh agus 2,000 duine sráideanna Cív orthu féin an 13 Bealtaine chun agóid a dhéanamh in aghaidh an Uachtaráin Viktor Yanukovych agus an téarma a gearradh ar Yulia Tymoshenko. Agus í ag léamh ráitis ar son Tymoshenko os comhair an tslua, dúirt iníon léi, Eugenia Tymoshenko, “Is é ár ndualgas diaga chun an Úcráin a shaoradh ón bhforghabháil chrualách choiriúil seo.”

Bhí cruinniú mullaigh faoi choinne thíortha na hEorpa Láir agus Thoir le tarlú idir 11-12 Bealtaine i Yalta na hÚcráine, ach tar éis do 13 de na 20 ceannaire stáit diúltú freastal air mar agóid in aghaidh na dtarluithe sa tír, ní raibh an dara rogha ag an Uachtarán Yanukovych ach é a chur ar ceal.

Cruinniú an AE sa Bhruiséil

Anuas air sin, tháinig 27 Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa le chéile ag Comhairle Ghnothaí Eachtracha an AE ar 14 Bealtaine chun socrú ar pé acu, an gcuirfidís baghcat ar an Úcráin nó nach gcuirfeadh le linn an Euro 2012. Ba é toradh ar an gcruinniú gan baghcat a ghairm do bhloc an AE ina iomláine. Is léir go raibh faitíos san AE go gcuirfí “Aontas Eoráiseach” – aontas le hiar-Stáit Shóivéadacha – i mbaol dá mbrúfaí an Úcráin ar ais i dtreo na Rúise. Cuireadh, dá ainneoin sin, cainteanna i dtaobh tuilleadh comhcheangal polaitiúil agus comhtháthú geilleagrach na hÚcráine leis an AE ar an méar fhada.

Níl aon amhras, ámh, ach go mbeidh roinnt polaiteoirí ag déanamh baghcat ar an tír i rith na craoibhe, lena n-áirítear Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, Jose Manuel Barroso, Uachtarán na Comhairle, Herman van Rompuy, Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Willaim Hague, Rialtas na Ostáire agus na Beilge araon, Uachtarán na Gearmáine, Joachim Gauck. Thug an Tánaiste, Eamon Gilmore, le fios, áfach, nach mbeidh sé ag glacadh páirte in aon bhaghcat. Bhí súil le Euro 2012 go gcuirfeadh a leithéid an Úcráin ar an mbóthar ceart ó thaobh a bheith mar chuid níos dlúithe de phríomhshruth na hEorpa. Is é a mhalairt de scéal atá ag titim amach, faraor, de bharr chás Tymoshenko, d’ainneoin na mílte milliún a caitheadh chun ollchóiriú a dhéanamh ar bhóithre, aerfoirt agus ar staideanna sacair na tíre. Is baolach anois thairis ariamh nach chun tairbhe Rialtas na hÚcráine a bheas an comórtas ach mar spotsholas ar a chuid beartas; gur cúis náire a thiocfas as seachas aon údar mórtais.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Ciarraíoch is ea Seosamh Ó Riain a rinne Córais Ríomhaireachta in Ollscoil Luimnigh agus Ard-Dioplóma san Aistriúchán in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina dhiaidh sin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.