AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Vóta ar son athraithe sa Pholainn
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Tháinig muintir na Polainne amach ina sluaite le gairid le vóta a chaitheamh san olltoghchán agus chinn siad an ruaig a chur ar an rialtas a chuir náire ar go leor Polannach le dornán blianta anuas. Tuairisc ó Alan Desmond.

Íomhá
Na deartháireacha Kaczynski
Íomhá
Polannaigh ag fanacht le vóta a chaitheamh i mBaile Átha Cliath
Íomhá
Chaith muintir na Polainne vóta ar son athrú rialtais
Íomhá
Tá Donald Tusk agus an rialtas úr go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh
Íomhá
Beidh leithéidí Angela Merkel (ar clé ar fad) sásta nach bhfuil Kaczynski i gcumhacht a thuilleadh

Tá cúrsaí polaitíochta na Polainne athraithe go mór ag an olltoghchán a bhí ar siúl ar an 21 Deireadh Fómhair. De thoradh an toghcháin seo, díbríodh an páirtí Prawo i Sprawiedliwość (PiS) – an páirtí Dlí is Cirt a chuir an cúpla Kaczynski ar bun in 2005 – go binsí an fhreasúra. Ina áit, cuireadh an Platforma Obywatelska (PO), arb é “Ardán Sibhialta” is brí leis, i gcumhacht i gcomhrialtas le Polskie Stronnictwo Ludowe (PSL), ar Páirtí na dTuathánach Polannach é. Más Caitliceach, coimeádach, traidisiúnta an dearcadh agus na polasaithe a bhí ag PiS maidir le cúrsaí eacnamúla agus sóisialta, is liobrálach iad na polasaithe a bheidh á gcur i bhfeidhm ag PO, páirtí atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh.

Ní raibh ach gné amháin den toghchán seo a bhí neamheisceachtúil. Ó tháinig deireadh leis an gcumannachas i 1989, níor atoghadh aon rialtas. Is beag ionadh, ina fhianaise sin, gur ruaigeadh PiS as oifig. Ach seachas sin, ba thoghchán neamhghnách é seo ar gach leibhéal. Chaith beagnach 54 faoin gcéad de na toghthóirí a vóta, an ráta vótála is airde sa Pholainn ó thoghchán na bliana cinniúnaí 1989 ann. In 2005, bliain an olltoghcháin

dheireanaigh, ní raibh ach 41 faoin gcéad de na vótálaithe sásta cuairt a thabhairt ar na hionaid vótála. Agus i dtoghchán na Parlaiminte Eorpaí sa bhliain 2003, bhí an ráta vótála chomh híseal le 20 faoin gcéad. Dúthracht Más í an phatuaire a thréithrigh na toghcháin sin, ba í an dúthracht ba mhó a bhí le haithint ar na toghthóirí Polannacha an mhí seo caite. In áiteanna áirithe sa Pholainn, bhí fonn vótála ar an oiread sin daoine go raibh easpa páipéar ballóide ar fáil agus ba ghá na hionaid vótála a choimeád ar oscailt níos déanaí ná an t-am a bhí socraithe. Mar ba léir ó na híomhánna de na mílte Polannach a sheas i scuaine chun vóta a chaitheamh in Éirinn, i Sasana, agus i dtíortha nach iad, ba iad Polannaigh óga ba dhúthrachtaí a ghlac páirt sa toghchán, agus ní foláir ná gurbh é an dream seo ba mhó a thug 209 suíochán do PO sa Sejm, teach íochtarach Pharlaimint na Polainne ina bhfuil 460 suíochán san iomlán.

In 2005, thug an ciniceas agus an fhuarchúis an svae leo agus d’fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, ag ligean dá dtuismitheoirí agus dá seantuismitheoirí PiS a thoghadh chun an Sejm. Ó 2005 i leith, mar sin, bhí daoine óga na Polainne, agus roinnt mhaith daoine nach bhfuil óg, á náiriú agus á bhfeargú ag Jaroslaw Kaczynski, atá i gceannas ar PiS, agus ag a leathchúpla Lech Kaczynski, a toghadh ina uachtarán ar an bPolainn in 2005 chomh maith. D’fhéach Polannaigh óga ar an gcúpla Kaczynski mar pholaiteoirí a raibh drochíomhá phoiblí acu nach bhféadfaí feabhas a chur uirthi. Dar leo, ní thuigeann na deartháireacha Kaczynscy conas iad féin a chur i láthair os comhair an phobail agus os comhair mheáin chumarsáide an domhain shibhialta. Náire

Dhearg Polannaigh óga go bun a gcluas gach uair a dúirt duine den chúpla rud éigin a nocht an dearcadh cúng Caitliceach coimeádach atá acu; dearcadh a tharraing aird na hEorpa ar an bPolainn. Chuir sé isteach ar Pholannaigh gur cháin a gceannairí polaitiúla an homaighnéasacht breis is uair amháin agus gur mhol a n-uachtarán go mba chóir pionós an bháis a thabhairt ar ais. Chomh maith leis sin, bhraith Polannaigh gurbh ar an am atá caite, seachas ar an todhchaí, ba mhó a bhí PiS dírithe. Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach i 1989, níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn le linn an chumannachais. Ní mó ná sásta atá lucht PiS leis seo, cé go bhfuil beagnach scór bliain imithe ón am sin ar theastaigh ó PiS cosc a chur ar dhaoine a bhí bainteach leis an iarchóras poist áirithe phoiblí a bheith acu, agus ar theastaigh uathu ainmneacha daoine a chomhoibrigh leis na cumannaigh a fhoilsiú go poiblí. Gné amháin de pholasaithe PiS a thaitin le formhór na bPolannach thiar in 2005 ná an gealltanas a thug siad go rachaidís i ngleic le fadhb na caimiléireachta i saol na tíre. Bhí an chuma ar an scéal go gcomhlíonfaí an gealltanas sin nuair a cuireadh oifig frith-chaimiléireachta (CBA) ar bun, ach ba ghearr go bhfacthas do Pholannaigh nach raibh i CBA ach uirlis rialtais chun poiblíocht mhaith a fháil do

PiS agus chun an freasúra a chiapadh. Ba leor é seo go léir chun na céadta míle Polannach óg a tharraingt chun na n-ionad vótála ar an 21 Deireadh Fómhair lena dheimhniú nach dtoghfaí PiS arís. Ach chomh maith leis an míshásamh le PiS, bhí feachtas mealltach ag an bpáirtí is mó de chuid an fhreasúra, PO. Mhaígh ceannaire an pháirtí, Donald Tusk, nach bhfuil airgead ón Aontas Eorpach á úsáid mar ba chóir, agus go ndéanfaí "an dara hÉire" den Pholainn dá dtoghfaí PO. Chaithfí a admháil go bhfuil ag éirí go gleoite le geilleagar na Polainne cheana. Tá laghdú 7 faoin gcéad tagtha ar an ráta dífhostaíochta ó 2004, tá líon na n-earraí a onnmhairítear ag méadú an t-am ar fad, tá an-chuid infheistíochta coigríche sa Pholainn agus tá na céadta milliún euro á gcur abhaile ag Polannaigh atá ag obair i dtíortha éagsúla ar fud an domhain. Is dócha nach bhfuil le déanamh ag PO, mar sin, ach bád an gheilleagair a choinneáil ar an gcúrsa ar a bhfuil sé faoi láthair. Beidh a lán athruithe ag teacht chun cinn maidir le cúrsaí caidrimh idirnáisiúnta, áfach. Chuir coimeádachas agus diúnas an chúpla Kaczynski isteach go mór ar na baill eile den Aontas Eorpach agus tarraingíodh clú an choimhlinteora agus an easaontóra ar an bPolainn sa Bhruiséil.

Agus comhráite ar siúl le déanaí chun conradh a chur le chéile a fheidhmeodh in ionad an Bhunreachta Eorpaigh nár éirigh leis, ba í an Pholainn an t-aon tír amháin a chothaigh trioblóid nuair a mhaígh PiS go gcuirfeadh an Pholainn in aghaidh an chonartha mar nach raibh siad sásta le gné amháin de. Mar chomhartha ar an athrú atá i ndán d’iompar na Polainne ag leibhéal na hEorpa, chuir PO in iúl lá i ndiaidh an olltoghcháin go dteastaíonn uathu go mbeidh an Pholainn ar an gcéad tír a dhaingneoidh an conradh. Tá gach seans, mar sin, nach mbeidh Polannaigh óga deargtha go bun a gcluas as seo amach ag iompar náireach a rialtais. Ach ní leor easpa cúiseanna náire chun an t-aos óg seo a shásamh. Beidh ar PO “an dara hÉire” a dhéanamh den Pholainn chomh maith.Is Corcaíoch é Alan Desmond atá ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Lublin ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2003 ann. Foilsíodh úrscéal gearr d’fhoghlaimeoirí leis, *An Foghlaimeoir Fásta (Comhar) ag deireadh 2006. Bronnadh an chéad duais air as ábhar léitheoireachta d’fhoghlaimeoirí fásta i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge anuraidh*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.