CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Uain agus Uascáin na hÉireann

Ní hamháin gur léir gur cuma le muintir na hÉireann ar chruinnigh siad le hallas a malacha a bheith á ghoid uathu, ach is cuma le daoine chomh maith a maslú. Beirt a scríobh isteach le míshásamh faoi Chaint an tSráidbhaile an mhí seo caite. Luaigh uan misniúil amháin, darb ainm An Dubhaltach, mar seo a leanas:

  • Is masla leisciúil an focal “sheeple” a úsáid gan ceist na hidé-eolaíochta ina mhairtear a chíoradh mar mhíniú ar an feiniméan fhéin. (sic)

An chuid eile de na huascáin, ní raibh scríobadh uathu ná smid astu. Is cuma leo, sin, nó níor aimsigh siad an t-alt bídeach tosaigh, Caint an tSráidbhaile an mhí seo chuaigh thart. Is dóigh go mbíonn a sáith le léamh acu i litreacha na gcumann foirgníochta a mhíníonn go soiléir i dteanga na n-uascán, teanga ghrámhar Sráid an Chorónaithe:

‘Your home is at risk if you do not keep up payments on ....’

B’fhéidir gur ag amharc ar cheann dá gcuid cláir thábhachtacha eolais ar nós Fachtóir X ar ‘Irish’ television a bhí léitheoirí Beo an mhí seo caite.

Fiafraíodh ar Vóta na Míosa ar Beo mhí na Samhna: An mbeidh Éire i gcóras an €uro fós faoi cheann deireadh na bliana 2012? D’fhreagair 275 go mbeidh; d’fhreagair 65 nach mbeidh.

Glacann roinnt daoine i dtólamh le seanteoiricí ar nós ‘the indomitable Irishry’ d’ainneoin na dteipeanna ar fad ó Chionn tSáile anuas go dtí gur díoladh Semi-Ireland le lucht bradaíola ar na mallaibh.

A bhFuil Romhainn

Scéalta tharainn na teipeanna go léir, Cionn tSáile, an Drochshaol, díothadh na teanga, drochíospairt ar leanaí lenár linn féin, agus díol na tíre anuraidh san áireamh, ach sinn an leon a leigheas:

Ní hí an ainnis is measa linn a bheith thíos go deo,
ach an tarcaisne a leanann é nach leigheastar an leon.

Cailleadh an dollar agus an €uro 1999 agus lean an Yuan agus dollar na hAstráile iad thimpeall is dhá bhliain ó shin. Níl ar siúl faoi láthair ach dráma ar ardán. Níl aon leithscéal ag uascáin na hÉireann, tír a bhfuil an t-idirlíon sách coitianta, a bheith dall ar na gnóthaí geilleagair tromchúiseacha atá ag titim amach thart timpeall orthu le blianta beaga anuas. Ní gá brath ar aineolaithe na mórmhéan a thuilleadh. An té atá ag iarraidh teacht ar eolas sna cúrsaí seo, tiocfaidh, a bhuí den idirlíon. Ar na mórmheáin chumarsáide féin ó thráth go chéile, scaoiltear rún thall is abhus. Bhí Susan George le feiceáil ag caint ar RTÉ sna 1980 ar mhí-iompar geilleagair nuair nach raibh mórán bealaí teilifíse ar fáil i dtithe na tíre seo. Is iomaí oíche a labhraíonn saineolaithe nach gcuireann fiacail ina gcuid cainte ar chlár Vincent Browne istoíche. Is é an mhaith go dtugtar Teachtaí Dála agus Airí Rialtais ar an chlár chéanna agus ar chláir nach é, ní le sinn a chur ar an eolas, ach chun go bhfeicfimid a aineolaí is atá siad. Teachtaí na heite clé, mar a chéile, is mór an t-ionadh é, ach tá siadsan chomh haineolach leis an chuid eile. Mheasfá go gcaithfeadh duine amháin acu ar a laghad a bheith ar tuarastal go cúlráideach ag lucht faisnéise i dtíortha eile le huascáin na tíre seo a choinneáil dall agus chomh bómánta leis féin.

B’fhéidir le Dia go bhfaighidh an ghlúin aníos inár ndiaidh ciall cheannaithe as an am chorrach seo agus go gcuirfidh siad caoi ar an tír. Tá sé in am an seanfhocal úd, ‘mar a bhíos an cú mór, bíonn an coileán’ a bhriseadh is a athrú ó bhun. Chuige sin, chaithfidh céatadán sách líonmhar den ghlúin atá thuas dúiseacht, foghlaim agus cur chuige i gceart. Níl aon chlaí ar an fharraige siar as Éirinn, thar mar a bhíodh daichead bliain ó shin nuair a bhíodh trálaeir na hÍsiltíre, na Danmhairge agus eile faoi fhad urchair don chósta ag stiúradh na warps sa mhullach ar eangacha trálaeir bheaga na hÉireann. Ní fios go fóill an saibhreas bitheolaíochta atá sna farraigí sin anois. B’fhéidir gurb é an chéad ollsaibhreas, farraigí na hÉireann mar a bhí, a dhíolamar, go fánach, le tíortha na hEorpa, ceann de na bealaí ginte saibhris a mbeimid ag brath air amach anseo arís. Beidh an daonlathas a bhronnann Bunreacht na hÉireann ar mhuintir na tíre seo ina chonstaic ar bheartais an AE nuair a fhéachfar le tíortha an AE ar fad a mhúnlú ina leac umhal gan mhothú. Is é an t-aon chosaint atá fanta ag muintir na 26 Contae i bhfianaise aineolas agus tréas lucht cinsil BÁC le blianta beaga anuas. Murach Réamonn Ó Crotaigh, bheimis sléachta uilig ón chéad lá. Cibé bealach nó cibé am a thitfidh an €uro seo go hoifigiúil, beidh orainn tosú an athuair agus na hacmhainní farraige, talaimh, daonna, eolais, eolaíochta, déantúsaíochta, seirbhísí srl. a bhainistiú agus a fhorbairt go siosmaideach.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.