Tá a fhios againn cé dhúisigh sinn na blianta siar agus sinn i mBÁC nuair a b’fhéidir coirm cheoil eile U2 a bhlaiseadh beo beathach an t-am sin! Maíonn Colm Ó Snodaigh san alt seo go raibh sé faoi dhraíocht an uair sin, nuair a scaoil Bono agus a bhuíon le fiántas cruthaíochta an ama sin ón ardán. Cá’il an draíocht ó shin a deir sé?
Deireanach istoíche, dearg ar meisce in Ascaill Dhumhach Thrá. Canadh piachánach. Ag filleadh abhaile ó oíche thromragairne. Meangadh meisce orm féin agus ar mo chomrádaí cóisreach, Paul. 1986. An dara bhliain den choláiste curtha díom. Mé ag obair i dtábhairne don samhradh. Pinginí im’ phóca agus U2 im’ cheann an samhradh ar fad.
“Wide awake I’m wide awake I’m not sleeping”
Thosaigh an fanaiceachas le U2 i 1985 le Live Aid – an cheolchoirm charthanachta a d’eagraigh Bob Geldof. Bhí bailiúchán bannaí den scoth bailithe aige agus b’iad U2 a sciob an duais don bhanna is fearr. Bhí Bono tar éis léimt dhrámatúil a thabhairt anuas den stáitse le dul ag damhsa le cailín i measc an tslua. Ar chaoi éigin, bhí seo ina chomhartha ar an lá sin – iarracht lámha cineálta a shíneadh amach chuig an domhan ar fad. Ar chaoi éigin, thuig Bono cuisle an phobail, cuisle treabh an ama.
Bhí an banna ar mire leis – óir bhí orthu dhá amhrán a chanadh seachas na trí chinn a bhí ag dul dóíbh. Cheapadar go raibh sé tar éis cur isteach ar dhul chun cinn a ghrúpa. A mhalairt a tharla ‘s tháinig fás thar cuimse faoin mbanna tar éis eachtraí an lae úd.
B’é seo an Bono is fearr – an file fiáin a lean a chroí agus a d’imigh le sruth. Anois, áfach, braithim go bhfuil gach rud réamhchleachtaithe - fiú na focail a deirtear, táid réamhscríofa. Tá an fiántas ar lár le tamall.
Ach an samhradh úd d’éist mé féin agus Paul leis an albam The Unforgettable Fire arís agus arís eile agus muid ag pleidhcíocht an samhradh linn idir cluichí leadóige, corrionradh ar chailíní an cheantair agus siúl mall an tsaoil dháiríre a bhí ag máirseáil inár dtreo. Bhí an saol inár leith agus bhíomar réidh le deatach a bhaint as.
An Deatach nach Féidir a Dhearmad
A Sort of Homecoming – bhí filíocht dhiamhaireach san amhrán seo - bhí taisteal ann - bhí ceol cliste ann – bhí gach rud nua. Chanas seo de shíor agus mé ag rothaíocht i gcoinne na gaoithe timpeall na cathrach.
Pride (In the name of Love) – amhrán do Martin Luther King. Ídéalachas. Grá. Creideamh. Íobairt. Ceol dos na hurláir dhamhsa i gclubanna oíche Shráid Chill Mochargán.Wire – amhrán ait leis na línte crua ‘here’s the rope, now swing on it’
The Unforgettable Fire - amhrán diamhaireach draíochta. Braithim fós go bhfuil seo ar nós péintéireacht na Impressionists. Creidim fós, leis an gceol ar an albam seo, gur thit U2 isteach i saol agus i sruth cumadóireachta nár shroicheadar riamh ó shoin.
Promenade - cur síos ar chúrsaí saoire samhraidh. Cheapas Brí Chulainn le seo, slot machines, uachtar reoite, gaineamh, girseacha, grá aon lae 4th of July - an t-aon phíosa ceoil uirlise ó U2, gan focail, go bhfios dom. Níor thaitin seo liom cé gur thuigeas an iarracht a bhí á dhéanamh acu teacht ar bhealach ceolmhar le cur síos ar ní éigin nó rud éigin sa saol.
Bad – amhrán faoi chúrsaí hearóine i mBleá Cliath. Mana-amhrán samhraidh dom féin agus do Paul. Ba é seo an mórcheangal eadrainn an samhradh sin agus muid ag druidim go mall óna chéile agus saol an duine fhásta á shnaidhmiú féin ionainn.
Indian Summer Sky – fós ní thuigim na focail, cé gur breá liom an teannas sa phíosa agus a rithim leanúnach práinneach.
Elvis Presley and America - deacair a thuiscint cad atá á chanadh ag Bono ach cloisim é fós ag cumadh na bhfocal sa tsonlann. Cloisim é ag titim thar smaointe atá ag teacht chuige agus an ceol á sheinnt agus cloisim an chumadóíreacht sa tseinnt. Ceol cróga a bhí anseo. Ceol a cumadh ar an toirt ach nach bhféadfaí a athchruthú ar an ardán.
MLK - Martin Luther King arís - suantraí gairid dó. Amhrán a chan daoine arís agus arís eile timpeall an domhain.
I mBliana
Bhí U2 i bPáirc an Chrócaigh le déanaí leis an seó úr nua 360 chéim agus ardán ann ar glaodh The Claw air. Chuir sé stáitse David Bowie, The Glass Spider i gcuimhne dom. Chuir sé monarcha agus tionscal an domhain i gcuimhne dom, iarainn, stroighin, soilse neón, nithe crua, nithe neamhphearsanta. Ni raibh aon spéis agam dul ann. Chuala mé go raibh an seó go hiontach – bíonn. Is banna den scoth iad U2. Ceird stáitse go smior iontu.
Ach braithim an ceol dána a chumadar leis an Unforgettable Fire uaim, an misneach ins an ní neamhchríochnaithe a bhí críochnaithe ina bhealach diamhaireach féín, an dul i dtreo rud éigin níos mó ná sinn uilig – sin a bhraitheas i 1986. Níor bhraitheas sin ó cheol an bhanna ó shoin.
Braithim an samhradh sin uaim chomh maith. Braithim an gaol idir mé féin agus Paul uaim chomh maith sar a dtáinig buairt agus achrann an tsaoil eadrainn. Braithim an amaidíocht uaim agus muid ag filleadh abhaile ó chlubanna i Shráid Chill Mochargán, an canadh piachánach ag dúiseacht na ndaoine a mhair ar Ascall Dhumhach Thrá.
“Wide awake I’m wide awake I’m not sleeping”