AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Twitter-nuacht an lae - (nuachtscéalta beo – Fuair Michael Jackson bás)
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Bhí fuadar faoi Cholm Ó Snodaigh nuair a thosaigh scéala báis Mhícheáil Mhic Shiacais a theacht isteach chuige go tiubh le twitter. Má bhí féin, bhí duine nó beirt i gCumbria ar nós cuma liom faoi ghnóthaí a bhí ag déanamh buartha don saol mór lasmuigh de na droimníní.

Íomhá
Mícheál Mac Siacais in éide, 1990
Íomhá
Parton i gCumbria (le David Trochos)
Íomhá
Mainistir Furness i gCumbria (le MikeF)

Fuair Rí an Phopcheoil bás. Tá gach duine ag caint faoi. DeireadhMeithimh. SeaSessions Bhun Dobhráin - ceann des na féilte atá beo fós san Éirinn iar-thíogaircheilteach seo againn. Atmasféar álainn. Daoine in an-dea-ghiúmar. Bhí an lá iomlán go hálainn. Bhí an ghrian ag scalladh! Stopamar ag seinnt ag leath uaire tar éís a dó dhéag. Bhí an slua sásta - iad chomh spíonta céanna is a bhí sinne.

Tá Peter Pan an Phop Ceoil marbh. Tá gach duine ag caint faoi.Dhúisíomar ag leathuair tar éis a seacht, an mhaidin dar gcionn agus thiomáin caol díreach chuig aerphort Bhleá Cliath. Muid ag taisteal chuig Manchain agus uaidh sin, ó thuaidh, go Sedbergh, baile beag i gCeantair Locha Chumbria. Ceantar álainn ach ní fhaca muid tada, óir bhíomar uilig inár gcodladh ar an mbus.

Cé a thabharfas aire do Bubbles, an moncaí? Tá gach duine ag caint faoi.Tar éis dhá uair a chloig shroicheamar páirc na féile. Shúamar áilleacht na láithreach isteach, gona sléibhte, crainnte, bláthana fiáine agus dathanna spleodracha an tsamhraidh. Taobh thiar den stáitse bhí siopaí beaga - éadaí, caifí, bitter, sladmhargadh dlúthdhioscaí, seoda. Atmasféar álainn. Daoine faoi an-dea-aoibh. Cheannaigh mé hata le mo chloigeann maol a chosaint óir bhí an ghrian ag spalpadh!

Ní raibh ach ocht gcloch go leith meáchain ann nuair a fuair sé bás. Tá gach duine ag caint faoi.Níl mórán cáile orainn i Sasana, cé go bhfuil muid tar éis seinnt ag tromlach na bhféilte móra, don saghas seo ceoil. Bíonn muid ag brath ar an slua a bheith oscailte. Agus bhí – gach aon duine acu lán de cheiliúradh, spraoi agus damhsa - níor ghá dúinn ach seinnt! Agus is maith mar a sheinneamar. Beagánín grástúil, beagánín garbh, beagánín gáifeach, beagáinín gasta, beagáinín grianmhar.

Bhí sé lán go drad le ‘cóir leighis’! Tá gach duine ag caint faoi.Tar éis na ceolchoirme, chasamar le beirt bhan a tháinig le sinn a fheiscint in Albain roinnt blianta ó shoin - Juliette agus Sheona. Roinneamar braon dí agus cuimhní leo, gur glaodh orainn le léimt ar ais isteach sa bhus le triall ar an mB & B. Seanatheach mór. Cúpla taibhse ann déarfainn. Ar bharr gach cófra, i ngach seomra, bhí bábóga poircealláin ag stánadh orainn - an rabhamar ag cur isteach orthu? Súíle dorcha doimhne acu - an rabhadar crosta nár tugadh cuireadh dóibh chuig an bhféile? Ar theastaigh uatha go rachadh muid a chodladh le go bhfillfidís ar a gcuid spraoi?

Breis agus 400 milliún albam díolta aige le linn a shaoil. Tá gach duine ag caint faoi.

Bhaineamar ana-shásamh as an dtírdhreach álainn timpeall an tí ar maidin. Ní raibh na bábóga ag stánadh orainn a thuilleadh - b’fhéidir go rabhadar spíonta tar éis oíche spleodrach damhsa. D’fhágas slán ag na leads - bhíos ag taisteal go Londain le bualadh le mo bhean. Lorgaíos uimhir chomhlacht tacsaí ó bhean an tí. Ní raibh aon fhreagra ón uimhir agus d’eagraigh sí mar sin go dtabharfadh a fear céile síob dom go stáisiún Oxenholme.

Craosthionscail nua a iarbháis á chruthú anois. Tá gach duine páirteach ann.Tagann mo thiománaí. Seanalead. Tá sé sna seascaidí - b’fhéidir gar dos na seachtóidí fiú. Tiománann sé go cúramach. Suas, síos, timpeall agus timpeall ar dhroimníní séimhe Shasana. Ríomhann sé stair na mbailte a ngluaiseann muid tríothu. Tiománann sé timpeall ar sheanachaisleán ionas go dtuigfidh mé an scéal atá á rá aige liom.

Deir sé liom nach raibh sé i Manchain le caoga bliain (sé Manchain an chathair is gaire don cheantar agus níl sé ach dhá uair a chloig uainn). Deir sé liom gur chaith sé deich lá i Londain uair amháin, nuair a bhí sé seacht déag, gan pingin, gan dídean agus nár fhill sé ó shoin. Deir sé liom gur chaith sé dhá bhliain i Libya, mar shaighdiúir, le linn an Dara Cogadh domhanda ach nár lámhachéinne riamh. Deir sé liom freisin gur oibrigh sé i monarcha próiseála bainne gur éirigh sé as cúíg bhliain ó shoin agus anois go bhfuil sé ag obair i bpáirc charabháin. Tá an ghrian ag scalladh anuas.

Ní spéis leis aon ní lasmuigh den fiche míle inar tógadh é, inar beathaíodh é, ina gcothaítear é. Ní gá dó bachaint le scéalta leanúnacha na glúine twitter. Ní gá dó éisteacht le síorshruth leanúnach na Sky-nuachta. Ní gá dó brath ar cheannlínte an Sun-Mail-Star. Ní spéis leis agus ní dócha gur chuala sé go bhfuair popcheoltóir cáiliúil bás - (ní labhraim leis faoi, fiú).

Tá daoine ann nár chuala trácht riamh ar Mhící Joe Shéamais agus a aghaidh phlaisteach. Níl gach duine ag caint faoi.

Cheannaigh mé nuachtán ag an stáisiún traenach. Shuigh mé síos le cupán caifí a ól agus é a léamh. Níor oscail mé aon leathnach gur tháinig an traein.

Tá daoine ann gur cuma leo faoin bporngrafaíocht, nó faoin nuacht, mar nach bhfuil aon bhaint acu leis an saol sin. Ach ní shroichfidh an teachtaireacht seo éinne óir tá níos mó ná céad daichead ‘carachtar’ ann!

Bhí an ghrian ag scalladh agus feiceann súil ghlas saol glas.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.