CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Turasóireacht na Gaeilge

Tá na coláistí samhraidh ina gcuid thábhachtach de gheilleagar na Gaeltachta.

Íomhá
Daltaí de chuid Choláiste Cholumba, An Cheathrú Rua, Conamara

I ngach Gaeltacht in Éirinn, tarlaíonn rud nach dtarlaíonn in aon áit eile sa tír ag tús an tsamhraidh. Bíonn na busanna móra le feiceáil lán de dhéagóirí, ó gach cearn den oileán, iad ar a mbealach chuig na coláistí samhraidh. Seo traidisiún atá ag dul ar aghaidh le níos mó ná céad bliain. Thig a rá gur shíolraigh spiorad na Gaeilge, atá le fáil go forleathan ar fud Chúige Uladh, as pobail mar Rann na Feirste, Loch an Iúir, Machaire Rabhartaigh, Teileann, Gaoth Dobhair agus pobail eile nach iad.

Sa liosta de choláistí Gaeilge a chuireann CONCOS (www.concos.ie), scátheagras na gcoláistí, ar fáil, tá dhá choláiste is daichead san iomlán agus iad scaipthe ar fud na nGaeltachtaí uilig. Tá deich gcinn i nGaeltacht Dhún na nGall amháin. Tugann níos mó ná 24,000 dalta aghaidh ar na Gaeltachtaí ar fad le linn mhí an Mheithimh, mhí Iúil agus mhí Lúnasa. Tá ról ar leith ag na coláistí i gcaomhnú na Gaeilge, ní hamháin i measc na bpáistí iad féin agus ina gcuid scoileanna, ach fosta sna pobail a bhfuil siad lonnaithe iontu. Tugann sé le fios go soiléir do theaghlaigh agus lucht gnó gur fiú an Ghaeilge a choinneáil agus a úsáid go laethúil.

Dála go leor tionscadal eile, tá níos mó ná buntáiste amháin ag baint le córas na gcoláistí samhraidh. Thar aon rud eile, is é an gnó turasóireachta is tábhachtaí don Ghaeltacht. Idir tháillí, dheontais stáit agus airgead póca, is cinnte gur fiú suas le €1,000 gach dalta a théann chuig coláiste samhraidh. Go náisiúnta, sin ioncam de €24 milliún; caitear €6 mhilliún de seo i nGaeltacht Dhún na nGall agus na milliúin eile i gConamara agus i gCiarraí. Agus níl seo ag cur san áireamh na tuismitheoirí a thugann cuairt ar a gclann gach deireadh seachtaine agus a fhanann i lóistíní leaba agus bricfeasta anseo agus ansiúd ar fud na Gaeltachta. Tá an tionscadal turasóireachta seo ag cur obair shéasúrach ar fáil agus ag tabhairt ioncaim dóibh siúd nach mbeadh deis acu airgead a shaothrú i dtionscadal turasóireachta ar bith eile.

Tá daoine ann a deir nach bhfuil aon mhaitheas ag baint leis an Ghaeilge, nach bhfuil a dhath le gnóthú aisti. B’fhéidir dá dtuigfeadh siad an tairbhe a bhaineann go leor de bhunadh na Gaeltachta as na cúrsaí samhraidh go mbeadh orthu athmhachnamh a dhéanamh!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.