Faobhrú, nó tús saothair áirithe leis an bhfile Aifric Mac Aodha atá anseo.
Aifric Mac Aodha cct.
Dhá thaibhreamhRoimh chur chun farraige-Bloc gallúnaí a d’fhás is a d’fhásFaoi mo charball.
Leis sin féin, an dara radharc-Doirseoir óstáin ag oibriú pinn.Leaba is bia gan iarraidh fós,Bhris sé ubh de bharr mo chinn.
Chuireas an seomra in áirithe, Is suas liom an staighre in airde:Gúna dúnadh thiar,Folt dorcha, gealacán is buí.
(I)Déanann siad, na daoine-Dealbha as lava an tsléibhe.De bharr an teas ina gcré,Ní fiú faic a saothar.
Súil ná béal, ní mhaisíonnA dtairiscintí deargaAch dhá chíoch ar bheanIs ar an bhfear, ball fearga.
Ní ciotach ann mé a thuilleadh,Nuair a thugaim dá n-earraí diúltú-Lámha riastacha an oileáin,Ní féidir iad a chúiteamh.
(II)
Giolla ospidéil ab ea fear amháinGo ndeachaigh sé i mblianta-Níor fhéad sé na hothair a iompú níos móIs lomairt na leapan á gciapadh.
Siúlann sé is siúlann leis,Gan neach ar cheachtar taobh de,Scaipeann samhnas béil na hoíche,Gáire calcaithe na teilifíse.
Ach fiafraigh fios an bhealaigh de,Labharfaidh glór dorchla lán cruinnisÉide cruthanta arís é-Is é an post an duine.
(III)
Dhéanfaidís rud ar bith dó-An fear eile seo gan lámha.Comhrá é gan chomharthaíochtAs ómós cuí dá mháchail.
Is preabann sí ina seasamhAn bhean seo dá dheis,Nár bhreá an ní é freastal air?-Seo seanchleas is breis.
Cuardaíonn sí í sa tábhairne,Sa bhialann, gach aon orlach,Go ritheann sé go rómhall léiNach call dá leithéid lámhainn.