AR NA SAOLTA SEO/MÓR-CHEIST NA MÍOSA
Turas suimiúil seandálaíochta
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Chuaigh Liz Curtis ar thuras suimiúil seandálaíochta i dtuaisceart na hAlban le déanaí.

Íomhá
An tírdhreach timpeall bhrú óige ThungaGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
An cosán go huaimh SmooGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Ceoltóir óg ag Allt na h-EirbheGrianghraf: Liz Curtis
Íomhá
An carn mór fada ag SkelpickGrianghraf: Liz Curtis

I mí na Bealtaine, d’fhreastail mé ar scoil samhraidh

a reáchtáil The Scottish Council for Archaeology i gCataibh i dtuaisceart na hAlban. D’fhreastail thart fá 70 duine ar an scoil agus chaith muid trí lá ar bhus ag taisteal na ngleannta agus an chósta, ag amharc ar láithreáin shuimiúla ón Aois Neoiliteach go dtí an naoú haois déag.

Reáchtáladh an scoil i mBlàran Odhar. Ach stop mé féin i mbrú i dTunga, áit álainn ar an chósta thart fá dheich míle siar ó Bhlàran Odhar. Easraíonn an t-ainm Tunga as focal Lochlannach a chiallaíonn teanga. Tá baile Tunga é féin suite ar Chaol Tunga. Déanann an focal "tunga" cur síos ar chruth an phíosa talaimh mar go bhfuil sé ar nós teanga ag síneadh amach sa chaolas. Tá cosán ann anois a théann trasna an chaolais.

Teach Victeoiriach atá sa bhrú inar fhan mé agus tá caisleán, cnoic agus oileáin in aice láimhe.bean chairdiúil agus fháilteach darb ainm di Hannah i mbun an bhrú agus bíonn sí ag bácáil scónaí agus brioscaí seacláide blasta le díol.

Bhí an brú lán go doras. I measc na ndaoine a bhí ag fanacht ann bhí páistí scoile ar shaoire chnocadóireachta agus rothaithe ar a mbealach ó Lands End go dtí John O’Groats.

An chéad mhaidin, thaistil muid siar thar Ben Loyal, sliabh geal a bhfuil éadan géar aige agus stuaiceanna mantacha. Dúirt ár dtreoraí Jim Johnston, ar ardmháistir meánscoile é, gur chaith Fionn Mac Cumhaill collach ón sliabh sin agus gur fhág crúibíní an chollaigh colm mór fada ar thaobh an tsléibhe.

Ansin chuaigh muid trasna A’Mhòine, móinteán ollmhór gruama. Lean muid orainn go dtí loch mór mara a dtugtar Loch Eriboll air. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí Arm na

Breataine ar stáisiún ann, thug na saighdiúirí “Loch Horrible” air. Is léir cén fáth gur tugadh an leasainm seo ar an áit mar gur ceantar iargúlta, gaofar agus fiáin atá ann. I rith an gheimhridh, séideann gaotha ar luasanna suas go 150 ciliméadar san uair ansin.

In aice leis an loch, tá lonnaíocht ar a dtugtar Laid. Tá crochtaí, nó feirmeacha beaga, ansin atá imithe ó rath. Seo ceann de na háiteanna ar cuireadh muintir na ngleannta nuair a glanadh amach as a mbailte iad sa 19ú haois, ar mhaithe le na caoirigh.

I measc na ndaoine atá i ndiaidh curtha fúthu go sásta ansin bhí Lotte Glob, Danmhargach ar ealaíontóir criadóireachta í. Tá teach neamhghnách agus nua-aimseartha aici a dhear an t-ailtire Gokay Deveci. Tá an teach ina sheasamh ar chosa taca agus tá díon cuartha air.

Thug muid aghaidh ansin ar uaimh ollmhór ar imeall na farraige ar a dtugtar Smoo Cave. Seans go n-eascraíonn ainm na huaimhe seo ón fhocal Lochlannach "smúga", a chiallaíonn uaimh. Síltear gur baineadh úsáid as an uaimh ón tréimhse mhéisiliteach ar aghaidh agus tá carn mór sliogán le feiceáil ag oscailt na huaimhe go fóill. Is féidir dul isteach in dhá uaimh eile agus turas gairid báid a dhéanamh thart le heas fada fíochmhar.

Cúpla míle siar, tá áit álainn ar a dtugtar Balnakeil. Tá bá mhór ghainmheach ansin a bhfuil teach mór agus reilig in aice léi. Deirtear gur bhunaigh Naomh Maelrubha mainistir anseo san ochtú haois. Iarsmaí sa cheantar

Istigh sa reilig, tá iarsmaí séipéil le feiceáil agus leachtanna cuimhneacháin suimiúla. I measc na ndaoine atá ina luí anseo, tá Rob Donn, file Gàidhlig mór le rá a fuair bás i 1777, a dtugtar “Robert Burns na nGael” air. Duine eile ná Domhnuall MacMhurcaidh, fear míchlúiteach a

dhúnmharaigh ar a laghad ocht nduine dhéag. Agus tá uaigh amháin ann do na daoine a fuair bás nuair a briseadh an long eisimirceach an Canton in 1849.

Ar an bhealach abhaile, stad muid ag ceann Chaol Thunga agus dhreap muid suas go dtí broch darb ainm Dun na Maigh, a bhfuil radharc leathan uaidh trasna an inbhir. Tógadh é idir thart fá 100 RC agus 100 IC. Is fothrach é, ach tá cuid dá bhallaí móra dúbáilte le feiceáil go fóill.

Le linn an deireadh seachtaine, thaistil muid ar an bhóthar in aice le habhainn an Nabhar, a théann isteach san fharraige cóngarach don Bhláran Odhar. Sa dara haois IC, luaigh an tíreolaí clúiteach Ptolemy as Alexandria an abhainn seo: thug sé “Nabaros” uirthi, focal a bhaineann le néal nó ceo.

I Srath Nabhair, tá roinnt carn fada ann atá déanta as clocha liatha, a bhfuil cuma ollphéisteanna orthu ina gcodladh ar thaobhanna fraochmhara na gcnoc. Tógadh iad san tréimhse Neoiliteach, agus tá seomraí a bhfuil leaca mar bhallaí acu le feiceáil i gcuid acu. Ag Inbhir Nabhair, cóngarach don fharraige, tá cairn ann ón aois chré-umha, agus cistí adhlactha iontu atá oscailte don spéir. Sa 19ú aois, bhí Cataibh ar cheann de na háiteanna ba mheasa ó thaobh ghlanadh na ngleannta de. Caitheadh na mílte duine amach as éastáit Dhiúc Sutherland le spás a dhéanamh don fheirmeoireacht chaorach. B’as Srath Nabhair, gleann glas torthúil a raibh daonra mór ann, cuid mhaith acu. Tá an gleann lom anois, ach tá rian na mbailte le feiceáil go fóill.

Glanadh baile Rosail sa bhliain 1814. Bhí cónaí ar thrí theaghlach déag ansin, agus bhí orthu

bogadh go dtí an cósta. Is faoi chúram Choimisiún na Foraiseachta atá Rosal anois, agus tá sé leagtha amach ar mhaithe le cuairteoirí agus comharthaí in airde a mhíníonn an saol laethúil a bhíodh ann.

Agus muid ag dul trí Allt na h-Eirbhe, tháinig muid ar imeacht ar leith. Bhí grúpa daoine ar thaobh an bhóthair, páistí ag seinm ceoil agus ag canadh amhrán Gaelach ina measc. Bhí gluaisteáin agus veain acu, capall agus carr, agus bhí puball den saghas “bender” ar an fhraoch. An t-imeacht a bhí ar siúl ná athchruthú turais a dhéanadh an lucht siúil gach samhradh. Tugadh “the Summer Walkers” orthu. Théidís trí na gleannta ag tabhairt earraí, seirbhísí, ceoil agus cairdis do mhuintir na háite.

I mbliana ar feadh míosa, bhí céiliúradh den traidisiún sin ar siúl. Bhí páistí scoile áitiúla páirteach ann, agus scéalaí mór le rá de chuid an lucht siúil, Essie Stewart. Shiúil an grúpa ó áit go háit, agus bhí oícheanta ceoil agus scéalaíochta acu. Bhí sé an-chorraitheach iad a fheiceáil i mbun ceoil amuigh faoin spéir agus na cnoic sa chúlra.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i nDún Éideann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.