AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Turas go Corca Dhuibhne (Cuid 2)
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Le linn di a bheith i nGaeltacht Chiarraí an samhradh seo caite, labhair Liz Curtis le Máire Uí Shíthigh ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne faoin obair atá idir lámha ag an chomharchumann sin.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Séipéilín Ghallarais
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Beirt scoláirí, Orla Ní Dhúill agus Laoise de Paor, in éineacht lena múinteoir, Sorcha de Brún
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Scoláirí taobh amuigh den mhúsaem i mBaile an Fheirtéaraigh
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Máire Uí Shíthigh ag labhairt le scoláirí taobh amuigh den mhúsaem
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Clúdach dhlúthdhiosca Mhairéad Mhic Dhonncha, amhránaí traidisiúnta

](..\2003-12\liz_seal.asp) Cuid 1 den alt anseo

Chaith mé seachtain an-taitneamhach thíos i gCorca Dhuibhne mí Iúil seo caite. Bhí mé ag freastal ar chúrsa i mBaile an Fheirtéaraigh faoin tseandálaíocht agus faoin timpeallacht sa cheantar, cúrsa a bhí á reáchtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Bhí thart fá 15 againn sa rang. B’as Ciarraí féin roinnt de na rannpháirtithe, agus bhí daoine ann freisin as Corcaigh, as Baile Átha Cliath agus as Meiriceá. Bhí mé an-sásta nuair a fuair mé amach go raibh mo sheanchara Laoise de Paor, a bhfuil cónaí uirthi i Londain Shasana, ansin freisin.

Bhí ranganna Gaeilge againn gach maidin. Baineadh úsáid as seomra i seanteach atá mar theach saoire ag na mná rialta. Bhí an chuid is mó de na cúrsaí ar siúl sa bhunscoil, ach ní raibh spás ansin dúinne. Ba chuma linn, mar bhí muid compordach go leor sa seanteach.

Bean óg ghealgháireach darb ainm Sorcha de Brún a bhí mar mhúinteoir Gaeilge againn agus bhí muid uilig an-sásta lena cuid ranganna. Thug sí cuid mhaith abairtí áitiúla dúinn, mar shampla, “Conas tá an misneach?” a chiallaíonn “Conas tá tú?” Ceann deas eile a chuir ag gáire muid ná, “Bhain mé an-súp as.” Ciallaíonn sé sin, “Bhain mé taitneamh as.”

Ag am lóin théimis go dtí an caife beag breá atá mar chuid den mhúsaem i lár an tsráidbhaile. Bhí bia úr blasta ann agus praghas réasúnta air, agus bhí na freastalaithe cairdiúil cainteach, agus iad sásta Gaeilge a labhairt linn. Tá an músaem féin iontach maith freisin. Tá taispeántas ann a léiríonn stair na háite ón chlochaois ar aghaidh. Gach tráthnóna thugaimis cuairt ar áiteanna éagsúla, ina measc Séipéilín Ghallarais, a bhfuil an-chlú air. Shíl mé go raibh sé ar fheabhas ar fad, agus atmaisféar mistéireach ann.

Cóngarach go leor don séipéilín tá Casán na Naomh, is é sin bealach na n-oilithreach a théann go dtí barr Chnoc Bréanainn. Rinne muid siúlóid an-taitneamhach ar chuid den chasán, agus T.P. Ó Conchúir, duine a bhfuil roinnt mhaith scéalta aige, mar threoraí againn. Fásann deora Dé agus a mbláthanna dubhdhearga sé troithe ar airde ar thaobh an chasáin, agus bhí clábar domhain faoinár gcosa.

Chuaigh muid go dtí seanráth Ceilteach agus caisleán meánaoiseach freisin, agus Isabel Bennett mar threoraí againn. Is seandálaí í Isabel, agus tá sí i mbun an mhúsaeim i mBaile an Fheirtéaraigh. Tráthnóna amháin chuaigh muid go dtí an Daingean agus mhínigh Domhnall Mac Síthigh dúinn an dóigh a dtógtar naomhóg, bád traidisiúnta an cheantair.

Sárobair

Is í Máire Uí Shíthigh - atá pósta le Domhnall - a eagraíonn na cúrsaí do dhaoine fásta i mBaile an Fheirtéaraigh. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas í Máire agus tógadh le Gaeilge í. Bíonn sí ag obair le hIsabel ón mhúsaem agus le Caitríona Ní Chathail, atá ina teagascóir agus taighdeoir.

Labhair mé le Máire faoin tsárobair atá idir lámha acu.

“Is cuid de Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne í Oidhreacht Chorca Dhuibhne,” a deir sí. “Bunaíodh an comharchumann i 1967, ceann des na comharchumainn Ghaeltachta is faide atá ann. Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 chun díriú ar gach gné den oidhreacht - abair an oidhreacht fhisiciúil agus an oidhreacht teangan. Nuair a tháinig mise i 1988, thosnaíomar ar na cúrsaí Gaelainne do dhaoine fásta agus tá muid á n-eagrú riamh ó shin.

“Ba mhaith linn a thuilleadh feabhais a chur orthu, mar i ndáiríre níl áiseanna rómhaith againn do dhaoine fásta. Tá pleananna againn agus fís. Ba mhaith linn ionad ceart foghlama do dhaoine fásta a bheith againn. Ba mhaith linn foirgneamh nua le leabharlann agus le háiseanna éisteachta agus físe d’fhoghlaimeoirí fásta, áit go bhféadfaidís dul nuair nach mbeadh rang ar siúl. Tá gá leis an saghas sin tacaíochta d’fhoghlaimeoirí fásta. Tá muid ana-shásta go bhfuil an scoil ar fáil, ach tá gá againn leis na háiseanna breise.”

Bíonn Máire agus a comhoibrithe an-ghnóthach an bhliain ar fad. I rith an tsamhraidh, bíonn réimse leathan cúrsaí Gaeilge ann do dhaoine fásta, ina measc cúrsa ar leith do bhunmhúinteoirí a oileadh thar lear. Ansin bíonn clár mór cúrsaí geimhridh ann freisin.

“Oibríonn muidinne i gcomhar leis na heagraíochtaí eile aosoideachais i gCorca Dhuibhne,” a dúirt Máire liom. “Bíonn clárú againn i mí Mheán Fómhair do phobal na háite. Cuireann muidinne clár ar fáil cúpla oíche sa tseachtain, agus i rith an lae. Bíonn muid ana-ghnóthach i rith an gheimhridh chomh maith.”

Díríonn cuid de na cúrsaí ar an teanga. “Tá pobal mór foghlaimeoirí againn san áit seo,” a deir Máire, “daoine atá ag teacht isteach chun maireachtaint anseo. Caitear leanúint ar aghaidh leo ag na leibhéil dhifriúla.”

Tá scéim nua thábhachtach ar siúl anois a bhaineann le páistí. “Chuireamar cúrsa ar fáil cúpla bliain ó shin do chúntóirí teangan,” a deir sí. “Sin iad na mná a théann isteach go dtí na scoileanna ag cabhrú leis na leanaí atá ar bheagán Gaelainne. Tá cúntóirí ins gach scoil anseo anois, mar tá pobal agat nach bhfuil aon Ghaelainn acu. Tá ag éirí go hana-mhaith leis an scéim.”

Chomh maith leis sin, tá plean nua á fhorbairt le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh.

“Táimid ag déanamh taighde faoi láthair, agus táimid chun cúrsa a eagrú ag tús mhí Mheán Fómhair do chuairteoirí baile teangan, daoine a oiliúint chun teanga teaghlaigh a phlé leis an gclann, abair na roghanna teangan. Tá sé sin ar fad ar siúl ag Caitríona, agus tá sé bunaithe ar an dtaighde teangeolaíochta is nua-aimseartha.

“Ana-mhinic san áit seo, bíonn fear ón áit agat agus bean ón dtaobh amuigh, nó bean ón áit, agus fear ón dtaobh amuigh, agus Béarla ar fad á labhairt acu. Tá pobal dátheangach againn. Táimid ag iarraidh níos mó tacaíochta a thabhairt do labhairt na Gaelainne sa chlann.”

Tá bileog le fáil faoi na cúrsaí atá á dtairiscint ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Is féidir dul i dteagmháil le Máire Uí Shíthigh ag mus@cfcdteo.iol.ie, nó amharc ar www.corca-dhuibhne.com.

Tá dhá fhoilseachán nua le fáil ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne freisin. Tá dlúthdhiosca acu darb ainm Bun an Bhaile, agus amhráin ar an sean-nós air á rá ag Mairéad Mhic Dhonncha. Lena chois sin, tá leabhar agus dlúthdhiosca dar teideal *Scéilín ó Bhéilin, atá dírithe ar pháistí, curtha ar fáil ag an eagraíocht.*

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.