Thug Lizzie Windsor ceacht Gaeilge do mhuintir Bhéarla na hÉireann, cuid acu a déarfas “a Cathairleach” (sic) sa Dáil féin agus níor thit an spéir ar an talamh ina dhiaidh sin a deir Pat Butler.
B’shin casadh mothálach na taoide domhsa, ar bhán Áras an Uachtaráin. Cuirtéis i nGaolainn ghlan tugtha ag oifigeach faoi arm is in éide an Phiarsaigh. Gan dabht, ba chuirtéis chliste dath ghúna na tuirlingte ag Baile Dhomhnaill roimhe sin. Fair play di – pé eile faoi, tuigeann Rí-Thaighleach na Breataine cumhacht an tsiombalachais. Ba thomhaiste freisin an fháilte a d’fhear mo chomharsa ag bun staighrí na heitleoige ríoga roimpi - rinne an Tánaiste an beart le dínit. Sheol Lizzie Windsor trén chuid eile den lá le cleachtas siúrálta an té a thuigeann ón gcliabhán cé hí agus cad is dualgas di.
Ansin tharla gnás na mbláthfhleasc sa Gháirdín Cuimhneacháin Náisiúnta. An beart déanta, thug Banríon na Breataine trí choischéim bheaga i ndiaidh a cúil. Agus, iontas na n-iontas, chrom sí a ceann in ómós dóibh siúd a thug a n-anamacha in éide an Phiarsaigh ar son saoirse na hÉireann. Crógacht agus onóir na bhfear sin aitheanta go grástúil ag Ceann Stáit na Breataine. Ómós agus maithiúnas tugtha, umhlaíocht taispeánta, aithrí iarrtha ag Liz an chromchinn. Scuabadh chun siúil pé míshó idir-eatarthach im’ chroíse le dáiríreacht a haithrí. Trí choischéim bheaga ar chúl do bhean - cromadh cinn ollmhór do Bhanríon. (Mo thrua nach raibh ceamaraí againn ar lucht athscríofa na staire, pé áit a rabhadar, nuair a d’aithin an Bhanríon Eilís a Dó, ina beart sa Gháirdín Cuimhneacháin Náisiúnta, nár choirpigh, ach saighdiúirí in Arm na Poblachta na fir sin a d’fhear Cogadh na Saoirse agus Éirí Amach na Cásca ar an Choróin).
Coirp na Caillí Deirge
Bheadh bláthfhleasc eile le leagan i nDroichead na hInse, i gcuimhne orthu siúd a ligeamar i ndearmad – coisithe agus oifigigh – an 54,000 fear sin dár bhfuil is dár gcnámh is dár gcuisle a sladadh i dtréantreascairt na dtrinsí.
Pé áit a d’imigh an Bhanríon an tseachtain sin, bheadh ribíní na Poblachta is an Aontais ar scáth a chéile ar foluain. Bheidís ar scáth a chéile os cionn Halla na Cathrach i gCorcaigh nuair a dhúisíos os a gcomhair ar an Aoine an 20ú Bealtaine 2011 – rud a bhain siar beag na dochreidteachta asam roimh mo bhricfeasta. Amach leis an gceamara. Cé a chreidfeadh go bhfeicfidís a leithéid i gcathair seo Mhic Shuibhne is Mhic Curtáin, cathair Thóirse Mór na n-Auxiliaries i 1920, cathair Tom Barry, Cill Mhichil, Cros an Bharraigh, Béal na mBláth - príomhchathair An Sciobairín tnáite, trascartha féinig. Más féidir an Union Jack a ardú os cionn Halla Chathair Chorcaí is féidir aon rud a dhéanamh.
Tar éis an dara chupán caifé bhí an t-amhras thuasluaite leáite beagán. Faoin am a bhuaileamar aeir ar RTÉ a hAon bhí tuiscint níos fearr agam ar chumhacht na hócáide tar éis fás aníos ó na putóga ionam. Is pobal fáilteach é pobal Chorcaí. Pobal oscailte, cainteach, meánmhuirí. Is gnás linn fáilte a chur roimh an stróinséar, ach thabharfadh Banríon Shasana dúshlán ar leith dúinn. Ach nuair a tharla an beart onóra, umhlaíochta, maithiúnais, aiféala i nGairdin na Laochra ar Chearnóg Pharnell, shín Banríon Shasana eochair scaoilte na faidhbe sin chugainn. Chruthaigh sí na cúinsí - thug a beart cead dúinn, más mian leat, an lámh fháilteach a shíneadh chuici. Crochadh an Union Jack os cionn Halla na Cathrach agus thángamar amach inár slóite chun fáilte a fhearadh roimpi.
Más Banríon Shasana a chuaigh isteach i Margadh na nGall ar Shráid an Chapaill Bhuí, ba chara linn a tháinig amach. Fómhar luath beart umhlaíochta sa Gháirdín Chuimhniúcháin tugtha chun aibíochta.
Páirc an Chrócaigh
Más fíor gur treise beart ná focal, agus creidim gur fíor, labhair na bearta beaga le líofacht láidir. Ach tá sásamh agus só dá chuid féin ins an mbriathar freisin. Braitheamar níos luaithe sa tseachtain go dtiocfadh an briathar, siúrálta, ag an bhFéasta Mór Stáit: caithfidh nárbh é an Mhairteoil as Gleann na Sláine, ná an Château Lynch-Bages 1998 iontu féin a thug an Príomhaire Cameron thar Muir Meann chugainn anall faoi dheifir.
Agus ansin thug sí cuairt ar Pháirc an Chrócaigh. Dá mba iontas an tost urraime a fearadh roimh ‘God Save The Queen’ i gceannáras an CLG siar i 2007, ba mhíorúiltí ná sin fós go dtáinig col seisir na Banríona Eilíse 1 (ocht nglúin déag ar aghaidh, is cosúil) ar láthair naofa an tslada. Fiú ina tost. Fiú gan an briathar. Bhí sé de ghrástúlacht ag Christy Cooney focail chuí an mhaithiúnais a aimsiú. Chinn Boird an Chontae i nDoire, Tír Eoghain, Fear Manach, Ard Mhacha agus Aontroim gan teacht aduaidh. Creidim go mba thuaiplis í sin. Deis caillte. I mbeagán focal, fuaireadar mícheart é. Agus níorbh iad amháin a fuair mícheart é le linn na seachtaine. Níl Sinn Féin leath chomh hoilte le hiar-Uachtarán cáiliúil dá gcuid, nach maireann, nuair ba nós leis an tsúil leathchaoch a chaitheamh ar a chroí istigh chun mianta phobal Éireann a léamh ar a sháimhín só.
Ní thuigeann Sinn Féin castacht an phobail ó dheas go fóill. Ná baol air. Ceacht eile foghlamtha - is deacair an dá ghort sin, thuaidh is theas, a fhreastal nuair is barra an tsiombalachais atá á fhuirseadh agat.
Mar a tharla, níor ghabh Banríon na Breataine aon leithscéal ag an bhFleadh sa Chaisleán. Dúirt sí go raibh aiféala uirthi – agus dá bhrí sin ar an mBreatain ina pearsa. Cuirim an bhrí is coitianta ar an bhforainm pearsanta uimhir iolra is dúil léi – an ‘we’ ríoga sin. Ach is folamh an cuardach i gcorp na cainte más teachtaireacht na hoíche sin atá á lorg agat. Tháinig sin ag an tús. “A Uachtaráin, agus a chairde.” Cúig fhocal beag do bhean. Ráiteas tréan do bhanríon.
Agus ba cheart dúinn Tuiseal Gairmeach na Banríona Eiblíse a chur ar théip chuig chuile polaiteoir, mac léinn agus saoránach sa tír seo ar son glaine a cuid gramadaí. Chuaigh seanbhean comharsan sa bhfiontar nuair a thóg sí coischéim lasmuigh dá trínsí treibhe. Seans nár mó ná sin a bhí ann. Ach cinnte, níor lú ná sin ach oiread é.
Gaeilge ghlan na Banríona. Brat gan choinne os cionn Halla Chathair Chorcaí. Is níor thit an spéir ar an talamh.
Nach ait an mac an saol.