Tugann Beo! cuairt ar Ghaeltacht faoi leith gach mí. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Pádraig Standún ar Thuar Mhic Éadaigh, Contae Mhaigh Eo.
Síneann ceantar Thuar Mhic Éadaigh siar ó dheas ar an taobh thiar de Loch Mheasca, le sléibhte Phartraí ar a chúl, crainnte agus coillte ag cur le háilleacht na háite. Baineadh na crainnte ghiúsacha sa choill is mó atá ann sa mbliain 2000 mar chuid de tionscadal mílaoise Coillte Teoranta, agus tá crainnte dúchasacha na tíre curtha ina n-áit, gach crann tiomnaite do chlann faoi leith.
Feirmeacha beaga atá sa gceantar den chuid is mó, le béim ar chaoirigh, cé go bhfuil beithígh eile á dtógáil freisin. Tógtar caoirigh den chéad scoth ar an talamh íochtarach, caoirigh beaga sléibhe ar na cnoic. Chuir an galar crúibe agus béil na bliana 2001 an-imní ar fheirmeoirí agus rinne siad chuile iarracht a gcuid tréad a chosaint.
Oibríonn suas le cúpla céad, mná a bhformhór, i dtionscail a mheall Údarás na Gaeltachta chun an cheantair, an tionscal traidisiúnta Cniotáil Ghaeltarra, chomh maith le tionscadail nua-aoiseacha, Caidéil Teo nó MP pumps. Tá roinnt miontionscal tosaithe freisin sna réamh-mhonarchana atá réitithe i gcuid den fhoirgneamh cniotála nach raibh in úsáid níos mó. Ceapadh Tomás Ó Máille, a bhfuil taithí na mblianta aige ag obair do Roinn na Gaeltachta agus mar oibrí deonach don phobal, ina oifigeach forbartha páirtaimseartha i 2001.
Trí scoil náisiúnta atá sa gceantar agus tá beirt ag múineadh i ngach ceann acu. Tá líon na ndaltaí laghdaithe go mór le hais mar a bhí, trí scoil eile dúnta sa leathpharóiste le tríocha bliain. Tá na huimhreacha réasúnta seasta le blianta beaga anuas, leis an imirce laghdaithe go mór, agus roinnt daoine a bhfuil gasúir acu ag filleadh ó Shasana agus Meiriceá. Cuidíonn an naíonra na gasúir is óige a réiteach do na scoileanna náisiúnta, ó thaobh na Gaeilge de go háirithe.
Is le pobal na háite Scoil Mhuire, meánscoil lae a bhí ina Coláiste Ullmhúcháin do mhúinteoirí tráth, agus ina coláiste cónaithe ag Siúracha na Trócaire ina dhiaidh sin. Tá beagnach dhá chéad ag freastal ar an gcoláiste, ón gceantar timpeall, na ceantracha máguaird, agus roinnt ó Chaisleán an Bharraigh. Éiríonn go han-mhaith leis na daltaí san Ardteist agus sa Teastas Sóiséarach go hiondúil.
Cúrsaí spóirt
Tá ag éirí go maith le foirne peile na bhfear agus na mban de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael, boinn uile-Éireann na mban buaite ag ceathrar den chlub áitiúil le cúpla bliain anuas. Bhuaigh na fir Craobh Shóisear an Chontae agus Chonnacht cúpla bliain ó shin agus sa mbliain 2001 d’oscail Iar-Uachtarán CLG, Seosamh Mac Donncha “Seastán na nDeoraithe” sa bpáirc áitiúil, seastán a tógadh le cabhair Roinn na Gaeltachta, mhuintir na háite agus imirceoirí (i Chicago go háirithe). Is mó duine a rugadh agus a tógadh sa pharóiste i Chicago ná sa mbaile, agus is baile ó bhaile do mhuintir na háite an Chathair Ghaofar.
Tá clubanna de gach cineál eile freisin ann, ina measc Club Iascaireachta, Club Snámha (a thugann lán bus go Linn Snámha Chaisleán an Bharraigh gach Satharn le snámh agus sábháilteacht a fhoghlaim), Club na mBan, Coiste Turasóireachta, Club Karate agus tá Club Óige, Ógras, a bunaíodh le gairid. Cuireadh an seó talmhaíochta agus oidhreachta ar ceal i mbliana mar gheall ar an ngalar crúibe agus béil.
Déantar freastal ar sheandaoine san Ionad Lae ina dtugtar daoine atá os cionn trí scór le chéile gach tráthnóna Déardaoin, áit a mbíonn tae, caint agus cluichí, fáil ar ghruagaire, agus ar dhochtúir na gcos ó am go chéile. Téann siad ar thuras go Cnoc Mhuire uair in aghaidh na bliana agus bíonn cóisir don Nollaig acu. Chuir an eagraíocht “Pobal ar Aire” deiseanna ar fáil do na daoine atá ina gcónaí leo féin glaoch ar chabhair in am an ghátair.
An Ghaeilge
Pobal dátheangach den chuid is mó atá sa gceantar, tuiscint ar an nGaeilge ag a bhformhór, Gaeilge líofa ag an tríú cuid, déarfainn, agus roinnt mhaith a rugadh i Sasana agus in áiteacha eile gan mórán Gaeilge. Is mian leis an gcuid is mó go mairfeadh an teanga agus rinneadh é sin an-soiléir ag an gcruinniú a ghairm Coimisiún na Gaeltachta i 2001. Bíonn Aifreann amháin lán-Ghaeilge sa Bhunnán gach Domhnach agus thart ar leath de gach Aifreann eile sa teanga sin.
Bunaíodh Ceol na Locha i 1999 le freastal ar dhaoine ar mian leo ceol uirlise a fhoghlaim agus ag an am céanna feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Tá gach eolas le fáil ach teagmháil a dhéanamh le Síle Ní Thuathail ag ceolnalocha@tourmakeady.com.
Is veidhleadóirí iad Tomás Ó Máille agus Tomás Ó Gabháin, agus tá cáil ar an ngrúpa ceoil Na Standúin, agus ar Mary Staunton go háirithe. Tá dhúthdhiosca Selkie (Cló iar-Chonnachta) foilsithe ag Mick Conneely (www.mickconneely.com), a bhfuil cónaí air san áit le cúpla bliain. Bíonn ceol den scoth sna tithe ósta go rialta.
Sa naoú haois déag is mó a bhí cáil ar Thuar Mhic Éadaigh ó thaobh na staire de. Díshealbhaíodh go leor daoine mar nach gcuirfidís a gcuid gasúr ar scoileanna Protastúnacha. D’éirigh leis an sagart áitiúil, an tAthair Pat Lavelle, an scéal a ardú ar Times Londain, agus i bParlaimint Westminster. Chuaigh an fear céanna go Baile Átha Cliath le searmanas na sochraide a dhéanamh do Terence Bellew McManus nuair nár cheadaigh an Cairdinéal Pól Ó Cuilinn d’aon sagart as a dheoise freastal ar chorp an tsean-Fhínín. Theip ar iarrachtaí Úí Chuilinn Lavelle a chur ar fionraí, mar gur sheas a Ardeaspag féin, Seán Mac Éil, leis.
Bhí cáil ar an gcoláiste Gaeilge i dTuar Mhic Éadaigh ag tús an chéid dár gcionn, agus is ann a casadh Éamon De Valera agus Sinéad Ní Fhlannagáin ar a chéile, de réir an tseanchais. Bhí Micheál Breathnach as Indreabhán, údar Seilg i measc na nAilp, ar dhuine de na múinteoirí a bhí ag obair ansin.
San aois seo is dóigh gurb iad na daoine is mó cáil a rugadh agus a tógadh san áit ná an t-aisteoir clúiteach Mick Lally, agus Máire Ní Thuathail a bhfuil baint ollmhór aici leis an gclár “Ros na Rún” ar TG4.
Is údar agus sagart é Pádraig Standún atá ina chónaí i dTuar Mhic Éadaigh.