CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Troid agus Todhchaí Beo.ie
Íomhá
Éamonn Ó Dónaill, Gaelchultúr, agus céad eagarthóir Beo.ie
Íomhá
Istigh sa Cheol
(le Colm Ó Snodaigh, Coiscéim)
Íomhá
Linda Ervine faoi agallamh ag Beo Aibreán 2013
Íomhá
Katie Taylor ag foghlaim Gaeilge le coirn is boinn dornálaíochta a ghlacadh 2010

Mar is eol do go leor faoin am seo, rinneadh cinneadh ar na mallaibh gan leanstan le tacaíocht airgeadais a thabhairt do Beo.ie. Tá Oideas Gael iontach bródúil as ar bhain muid amach le trí bliana déag anuas mar fhoilsitheoir Beo.ie agus tá muid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh todhchaí gheal ag an iris go fóill. Caithfidh muid, áfach, tacaíocht an phobail a fháil chun é seo a bhaint amach. Bheadh muid buíoch dá mbeifeá sásta Vóta na Míosa, ar an leathanach baile, a fhreagairt an mhí seo

Bua Beo.ie

Rinneadh an cinneadh seo d’ainneoin go bhfuil sé léirithe gur baineadh amach na spriocanna uilig a chuir muid romhainn do Beo.ie. Le sé mhí anuas faigheann an suíomh 6-7,000 cuairteoir uathúil an t-eagrán agus féachtar ar bheagnach 30,000 leathanach gach mí. 106,969 cuairt a fuair an suíomh anuraidh, méadú de bhreis is 3,000 ar an bhliain 2012. Is as Éirinn a thagann tuairim is 70% de na cuairteanna seo agus is as tíortha eile ar fud an domhain an 30% eile. Ó chuir muid córas na bhfreagraí i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2010 tugadh 3,044 freagra ar ailt éagsúla: rud a chruthaíonn an pobal beo bríomhar léitheoirí atá againn.

Foilsíodh 159 eagrán de Beo.ie gach mí, gan bhriseadh gan bhearna, ó mhí na Bealtaine 2001 i leith. Bhí triúr eagarthóirí géarchúiseacha ardoilte againn go dtí seo, mar atá Éamonn Ó Dónaill, Caoimhe Ní Laighin agus an Dr Seosamh Mac Muirí. Tá meitheal ardchaighdeáin scríbhneoirí ag an iris, idir iriseoirí gairmiúla agus scríbhneoirí den chéad scoth, agus iad ina gcónaí in Éirinn agus i dtíortha ar fud an domhain. I measc na ndaoine ar cuireadh agallamh orthu go dtí seo san iris tá Katie Taylor (M. Fómhair 2010), Mícheál Ó Conghaile, Kevin Myers, Dara Ó Sé, Maidhc Dainín Ó Sé, Clíona Ní Chíosáin, Linda Ervine (Aibr. 2013), Róisín Ní hEadhra, Donal Lunny, Nuala Ní Dhomhnaill, Des Bishop, Adi Roche, (cuid díobh siúd sular dhírigh na meáin Bhéarla orthu) mar aon le pearsana eile le scéalta tábhachtacha nach mbíonn cur amach ag an phobal orthu. Tá tuairim is 3,339 alt ar fáil ar iompú do bhoise i gcartlann ar líne na hirise.

I ndiaidh trí bliana déag oibre, tá Beo.ie mar nasc ag breis is 160 suíomh eile ar an ghréasán agus an iris ina foinse tráchta do neart suíomhanna eile i saol na Gaeilge. Déantar gach gné den obair a bhaineann leis an iris, idir eagarthóireacht, riarachán, agus obair theicniúil, go hiomlán i nGaeilge. Tuigeann muid go gcabhraíonn Beo.ie le cainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna léitheoireachta: tá ailt dár gcuid in úsáid ar pháipéir scrúdaithe don A-leibhéal, Ardteist agus don Teastas Sóisearach; i leabhair le Folens agus Educo; in institiúidí tríú leibhéal agus le haghaidh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta ó cheann ceann na hÉireann agus ar fud na cruinne. D’eascair dhá leabhar, Taisce Focal agus Istigh sa Cheol le Colm Ó Snodaigh, as colúin rialta in Beo.ie.

Cinneadh gan Chiall

Tá mise buartha faoin phobal léitheoirí dílse a léann Beo.ie gach mí. Iad siúd a léann, ní hé amháin mar gur iris i nGaeilge atá ann, ach de bharr go bhfuil an t-ábhar a chuirtear ar fáil ar comhchaighdeán lena bhfuil ar fáil in aon teanga eile.

An chúis a tugadh ná go mb’fhéidir go mbeadh an t-ábhar a bheas ar fáil sa nuachtán úr Tuairisc.ie, a sheolfar san fhómhar, ag teacht salach ar an ábhar atá ar fáil in Beo.ie faoi láthair. Ní ghlacann muid leis an chur chuige seo: deireadh iomlán a chur le foilseachán, atá ag feidhmiú go fíoréifeachtach agus a bhfuil pobal iontach láidir léitheoirí agus gréasán idirnáisiúnta scríbhneoirí aige cheana féin, ar mhaithe le cur chuige nua, nach bhfacthas go dtí seo, a thriail. Bhain Beo.ie sain-ionad amach dó féin le linn do na nuachtáin sheachtainiúla Foinse agus Gaelscéal a bheith ar an saol agus, mar a léirítear thuas, chuaigh an iris mhíosúil ó neart go neart i rith an ama sin.

Tábhacht na Nuála

Thuig muidne in Oideas Gael ag casadh na mílaoise nach raibh freastal ceart á dhéanamh ar phobal léitheoireachta na Gaeilge. Thuig muid fosta go raibh dúshláin ag roinnt le dáileachán agus le fógraíocht in earnáil na meán clóite a bheadh beagnach dosháraithe d’iris i nGaeilge. Chuir Oideas Gael moladh i dtaobh an chéad iris ar líne i nGaeilge riamh i láthair Fhoras na Gaeilge tráth nuair nach raibh mórán irisí i mBéarla ar fáil ar líne ach oiread. Caithfear a rá gur ghlac Foras na Gaeilge go fonnmhar leis an smaoineamh seo agus chaith an Foras go gairmiúil agus go tacúil linn ó shin i leith go dtí gur tosaíodh ar an athstruchtúrú seo le déanaí.

Is eol dúinn go bhfuil deiseanna eile ann anois chun Beo.ie a fheabhsú agus a chur bord ar bord leis na cleachtais chomhaimseartha is fearr i dtaca le dearadh, idirghníomhaíocht agus mar sin de. Tá athbhreithniú á dhéanamh againn ar ár múnla foilsitheoireachta reatha agus tá muid ag fiosrú féidearthachtaí éagsúla maoinithe. Éisteann muid lenár léitheoirí i gcónaí agus cuirim fáilte roimh aiseolas ón phobal. Níl aon amhras orm ach go bhfuil an saineolas agus na hacmhainní againn, agus is mian linn na deiseanna úra seo a thapú.

An Todhchaí

Ni thig liom a bheith iomlán cinnte go fóill cén treo ina rachaidh rudaí i dtaca le Beo.ie. Beidh an iris anois á cur ar fáil go deonach ar feadh tréimhse áirithe. Mar chéad chéim, caithfidh a fhios a bheith againn go mbeidh tacaíocht an phobail ann. An aidhm atá le Vóta na Míosa san eagrán seo ná buille faoi thuairim a fháil an mbeadh sibhse, na léitheoirí, sásta €25 sa bhliain a dhíol le cinntiú go mbeadh Beo.ie ar fáil go rialta agus é neamhspleách ó mhaoiniú an stáit.

Caith vóta le do thoil ar an leathanach baile agus cuideoidh seo linn soiléiriú a fháil ar an bhealach romhainn. Cuir ríomhphost chugainn ag feachtas@beo.ie chun clárú le liosta speisialta ríomhphost nó má tá tuairimí ar bith agat.

Le meas agus le buíochas,

Liam Ó Cuinneagáin

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.