Cuirfear dlús faoin bhfeachtas uachtaránachta sna Stáit Aontaithe sna míonna amach romhainn. San alt seo, míníonn Brian Ó Broin céard a bheas ag titim amach agus na hiarrthóirí oifigiúla á roghnú ag na páirtithe sna stáit uilig.
Mí thábhachtach i bhfeachtas na huachtaránachta sna Stáit Aontaithe is ea an mhí seo mar go bhfaighidh muid leideanna i dtaobh na ndaoine a chuirfidh na páirtithe polaitíochta chun tosaigh mar iarrthóirí toghchánaíochta. Sna toghcháin tosaigh, a gcuirfear tús leo i rith na míosa seo, roghnóidh baill na bpáirtithe sna stáit éagsúla a n-iarrthóirí uachtaránachta.
Cónaidhm is ea na Stáit Aontaithe, cosúil leis an nGearmáin, Cónaidhm na Rúise, agus an Astráil. Ciallaíonn sin go n-oibríonn an córas polaitiúil ar roinnt leibhéal. Ag an leibhéal is airde – an leibhéal feidearálach – oibríonn an tír mar aonad amháin, agus is ar an leibhéal seo a thoghtar an t-uachtarán, baill de Chomhdháil na Stát Aontaithe agus na seanadóirí a shuíonn sa chomhdháil sin in Washington. Ar an gcéad leibhéal eile – leibhéal an stáit – toghtar ionadaithe chun rialtais na stát, ar rialtais iad atá eagraithe díreach mar a bheadh tíortha beaga iontu sa chaoi is go bhfuil gobharnóirí – a fheidhmíonn mar uachtaráin – seanadóirí agus teachtaí comhdhála i gceist. Ar leibhéil níos ísle, toghtar comhairlí contae agus cathrach freisin. Ciallaíonn sin go mbíonn toghcháin ar siúl an t-am ar fad, beagnach, agus polaiteoirí á dtogh chun foras éagsúil. Níl ach mí imithe tharainn anseo ó bhí toghchán méarachta ar siúl i mo bhaile féin agus reifreann ar chúpla airteagal i mbunreacht an stáit.
Is maith le Meiriceánaigh an pholaitíocht, agus is aoibhinn leo toghcháin. Pléitear go mion is go minic na ceisteanna móra atá os comhair an phobail agus is annamh nach mbíonn feachtas éigin ar bun ar leibhéal áirithe. Ach is é an feachtas is mó atá ar bun faoi láthair ná feachtas na huachtaránachta, agus d’ainneoin chomh tógtha is atá Meiriceánaigh leis an bpolaitíocht, feictear dom go bhfuil muintir na tíre ruainne beag braon de cheana féin.
Dá fhaide a leanann an feachtas ar aghaidh, is mó is cúis leis an marbhántacht i leith Thoghchán 2008, is dócha. Níor tharla sé riamh go ndeachaigh na hiarrthóirí i mbun feachtais chomh luath seo. Go deimhin, chláraigh roinnt iarrthóirí in 2006, agus bhí hataí na bpríomhiarrthóirí sa bhfáinne cheana féin ag tús 2007.
Is é 2008 an bhli
ain chinniúnach, ámh, mar is i dtús na bliana seo a roghnóidh na páirtithe a n-iarrthóirí oifigiúla don toghchán, stát i ndiaidh stáit. Tiocfaidh na páirtithe le chéile i rith an tsamhraidh ansin chun vóta na stát éagsúil a chomhaireamh agus a n-iarrthóirí oifigiúla a ainmniú. Beidh an toghchán féin ar siúl ar an 4 Samhain 2008, agus insealbhófar an t-uachtarán nua ar an 20 Eanáir, 2009.
Tús an tsorcaisCuirfear tús leis an sorcas ar an 3 Eanáir le Cácas Iowa. Ní hionann "cácas" agus toghchán tosaigh ó nach vóta iomlán ceangailteach vóta na gcácas. Ach is comhartha láidir é toradh an vóta seo maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, agus tugann an vóta móiminteam don bhuaiteoir agus é ag tabhairt aghaidhe ar na cácais a bheas ag teacht chun cinn i stáit eile go gairid ina dhiaidh sin. I gcaolthoghcháin, mar an ceann seo, má bhuann iarrthóir imeallach an vóta, is féidir leis an fuinneamh sin a úsáid chun é féin a chur chun tosaigh mar iarrthóir réalaíoch i stáit eile. Ba mar seo a bhuaigh Jimmy Carter an toghchán uachtaránachta sa bhliain 1976, mar shampla. Ba é an t-iarrthóir ba mhó a fuair vótaí sa chácas Daonlathach in Iowa, agus d’úsáid sé a cháil nua chun é féin a chur chun cinn mar mhóriarrthóir sa chéad vóta eile, a bhí ar siúl in Nua Hampshire. Leis an móiminteam a fuair sé ón mbua sin, chuaigh sé ar aghaidh chun ainmniúchán náisiúnta a pháirtí a fháil, agus bhuaigh sé an toghchán an bhliain sin.
Tá iomaíocht ghéar i gceist in Iowa faoi láthair mar sin, go háirithe mar go bhfuil a fhios ag an saol mór nach bhfuil aon duine róthógtha leis na móriarrthóirí i gceachtar páirtí. D’fhéadfaimis casadh cinntitheach a fheiceáil sa toghchán in Iowa, mar sin, i dtreo iarrthóra nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
Ó thaobh na bPoblachtach de, tá triúr san iomaíocht go náisiúnta – Rudy Giuliani ó Nua Eabhrac, Mitt Romney ó Massachusetts agus John McCain ó Arizona. Ach is é an fhadhb a bhaineann leo siúd uilig, ámh, ná nach n-oireann siad go hiomlán do chosmhuintir an pháirtí. Nua Eabhracach go smior is ea Giuliani, a bhfuil íomhá an City Slicker ag baint leis, agus beidh sé deacair dó lucht na tuaithe a mhealladh. Mormannach is ea Mitt Romney agus tá go leor de Chríostaithe Mheiriceá – atá báúil don Pháirtí Poblachtach i bhfad níos mó ná don Pháirtí Daonlathach – den tuairim gur seict aisteach é an eaglais seo. Cé gur iarshaighdiúir é John McCain, táthar den tuairim go bhfuil sé róliobrálach. Mar gheall ar smál a bheith ar an triúir seo, tá seans réalaíoch ag beirt eile atá imeallach faoi láthair – Mike Huckabee ó Arkansas agus Fred Thompson ó Tennessee.
Maidir leis an mbeirt seo, níl dabht ach gurb é Huckabee an t-iarrthóir is treise. Ministir Baisteach oirnithe is ea é, a rugadh agus tógadh faoin tuath. Táthar ag tuar go dtaitneoidh sé go mór le pobal Iowa – ar stát tuaithe é – agus is é Nua Hampshire, stát tuaithe eile, an áit a mbeidh an chéad bhabhta eile ar siúl. Nuair a thosaigh Fred Thompson – a bhfuil cáil air mar aisteoir ón tsraith teilifíse "Law and Order” – a fheachtas, bhíothas ag súil go dtaitneodh a íomhá "crua" le daoine, ach ní léir go bhfuil ag éirí rómhaith leis. Táthar den tuairim, is cosúil, gur duine é atá ródhuairc agus róthrodach.
DaonlathaighÓ thaobh na nDaonlathach de, níl aon dabht ach go bhfuil beirt chun tosaigh go náisiúnta – Hillary Clinton, bean an iar-uachtaráin Bill Clinton, agus Barack Obama ó Illinois, an
t-iarrthóir óg gorm. Sa tríú háit tá John Edwards, a bhí mar iarrthóir leasuachtaránachta in 2004 agus John Kerry ina iarrthóir uachtaránachta. I ndáiríre, ní fios cé a roghnóidh Daonlathaigh Iowa ar an 3 Eanáir. Breathnaítear ar Clinton mar ghliceadóir, ach glactar leis go bhfuil taithí fhorleathan aici ó thaobh chúrsaí polaitíochta de. Táthar den tuairim gur duine macánta é Obama, ach ní léir cé acu an bhfuil a shoineantacht ina mhíbhuntáiste. Agus ansin tá Edwards, fear tuaithe ó South Carolina a bhfuil an-obair déanta aige ar son na mbocht. Más féidir leis é féin a mhargú mar chomhréiteach do dhaoine nár mhaith leo vóta a chaitheamh ar son Obama nó Clinton, cá bhfios céard a tharlóidh tar éis an chácais in Iowa.
I ndeireadh na dála, ámh, níl i gceist le Cácas Iowa ach toghchán a bheas ag feidhmiú mar shlat tomhais. Toghchán níos oifigiúla is ea an toghchán tosaigh in Nua Hampshire, a eagraíonn an stát é féin thar ceann na bpáirtithe. Beidh vóta an stáit ag an té a bhuafaidh an toghchán tosaigh sin agus coinbhinsiún a pháirtí ar siúl i rith an tsamhraidh dár gcionn.
Leanfaidh na cácais agus na toghcháin tosaigh seo ar aghaidh ar feadh an earraigh. Beidh toghchán tosaigh ar siúl in Michigan ar an 15 Eanáir, mar aon le cácais a bheith ar siúl in Nevada agus in South Carolina ar an 19. Ar an 29 Eanáir agus ar an 2 Feabhra, beidh toghchán tosaigh ar siúl in Florida agus cácas in Maine. Ach is é an 5 Feabhra an dáta is tábhachtaí. Táthar ag tabhairt "Super-Duper Tuesday" ar an lá seo mar go mbeidh 22 cácas nó toghchán tosaigh ar siúl air.
Faoin dáta sin, beidh a fhios againn, a bheag nó a mhór, cé hiad na hiarrthóirí uachtaránachta atá roghnaithe ag na páirtithe. Beidh roinnt cácas eile ar siúl, agus cúpla toghchán tosaigh, ach faoin am sin – agus airgead ollmhór caite ag na hiarrthóirí – beidh a fhios acu cé acu an féidir leo an fód a sheasamh go dtí an tSamhain. Tosóidh na mioniarrthóirí ag cúlú. Faoin am go mbeidh na coinbhinsiúin ar siúl i mí Iúil agus mí Lúnasa, beidh sé soiléir cé a bhfaighidh na hainmniúcháin.
Bígí ag faire. Is iomaí cor agus casadh atá fágtha sna feachtais seo.
Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.