Tá súil ag Pádraig Mac Éamoinn go dtabharfar neamhaird ar an méid a bhí le rá ag Príomh-Aire na Breataine le déanaí mar gheall ar an gcumhacht núicléach agus go dtabharfar tús áite sa todhchaí d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite.
I measc roinnt scéalta sna nuachtáin le déanaí faoi chúrsaí fuinnimh, bhí ceann amháin i bhfad ní ba mhó ná na cinn eile, ach tá súil agam nach ar an gceann sin a bheidh cuimhne againn i gceann fiche nó tríocha bliain eile.
An scéal mór ar dtús: d’fhógair Tony Blair, Príomh-Aire na Breataine, go bhfuil sé i bhfabhar cumhachta núicléiche mar réiteach ar an easpa fuinnimh a bheas ann sna blianta atá romhainn. Is dócha go bhfuil sé beagáinín mífhoighneach na laethanta seo de bharr eachtraí polaitiúla eile: chuir sé coimisiún ar bun chun na riachtanais fuinnimh a bheidh ann amach anseo a mheas, ach níor fhan sé lena dtuarascáil chun a thuairim féin, i bhfabhar an tionscail núicléach, a nochtadh.
Spreag a fhógra roinnt maith freagartha agus ceistiú, ní hamháin sa Bhreatain ach in Éirinn freisin.
Dúradh, go réasúnta, gur cheart mbeadh béim i bhfad níos mó ar an ídiú fuinnimh a laghdú, seachas a bheith ag lorg slite nua chun fuinneamh a tháirgeadh. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí insliú tí níos fearr, córas iompair phoiblí níos éifeachtaí nó pleanáil baile agus tuaithe níos fadtéarmaí. Níor leor na nithe seo chun stop a chur leis an méadú in ídiú fuinnimh ach dhéanfadh siad é a mhoilliú.
Ba cheart freisin níos mó acmhainní a chur sna foinsí fuinnimh in-athnuaite (tuilleadh faoi seo ar ball).
Ach tá pointe suimiúil eile anseo: in ainneoin an phlámáis ó lucht tógtha na n-imoibreoirí gur foinse fuinnimh saor agus flúirseach í an chumhacht núicléach, ní mar sin atá, agus is infheistíocht phriaclach é stáisiún nua cumhachta núicléiche a thógáil. Ní dhéanfadh an rialtas é, anseo nó sa Bhreatain – d’fhágfaidís ar phriacal na hearnála príobháidí é. Bheadh timpeall deich mbliana i gceist idir cur le chéile na bpleananna agus táirgeadh an leictreachais den chéad uair, agus mar sin bheadh ar an lucht tógála billiúin a chur isteach sa tionscadal sula bhfeicfidís aon phingin ioncaim. Agus níorbh fholáir dóibh bheith cinnte cé mhéad a chosnódh an leictreachas i gceann fiche nó tríocha bliain, chun go mbeadh go leor brabúis chinnte freisin.
Níl ach dhá réiteach ar an gceist seo do lucht tógtha na n-imoibreoirí. Is féidir leis an rialtas airgead a thabhairt dóibh ar dtús, chun costais tógála a íoc, nó íosphraghas leictreachais a ráthú ar feadh tríocha bliain. Níl an chéad ná an dara cur chuige tarraingteach do na polaiteoirí, anseo nó thall, agus gan ráthaíocht oifigiúil mar sin, is dócha nach mbeidh sa chaint núicléach seo ach caint gan iarmhairt. Agus fadhb eile: ní bheadh stáisiún nua núicléach réidh roimh an mbliain 2015 (ar a laghad). Ach ní foláir dúinn athruithe móra a dhéanamh roimhe sin, ar eagla go rachadh an t-athrú aeráide ar aghaidh níos tapúla fós (agus b’fhéidir go bhfuil ár ndeis caillte cheana féin). Mar sin, fiú amháin dá dtógfaí stáisiúin nua núicléacha, is dócha go mbeadh siad ródhéanach.
Mar a dúirt Amory Lovins, an saineolaí Meiriceánach, “Más í an chumhacht núicléach an freagra, chuir tú an ceist mhícheart.”
Foinse eile
Ach pléimis anois foinse fuinnimh eile a raibh scéalta nuachtáin fúithi le déanaí, ach líon níos lú ná mar a bhí i gceist i gcás adaimh an Uasail Blair.
Allmhairíonn an tír seo 89% dá cuid fuinnimh, agus tá an méadú san ídiú fuinnimh anseo níos mó ná mar ata i mbeagnach gach tír eile Eorpach. Níl ach soláthar teoranta ola agus gáis againn, fiú amháin le gáscheantar nua na Coiribe, ach tá dhá acmhainn go flúirseach againn: an ghaoth agus na tonnta. Is gnáthchoincheap é an fuinneamh gaoithe, cé go mbíonn argóint agus conspóid fós faoi láithreáin nua do mhuilte ollmhóra gaoithe, ach níl an méid céanna dul chun cinn déanta fós maidir le fuinneamh toinne.
Tá trialacha suimiúla ar siúl anois, áfach. Tá saghas nua gineadóra cumhachta toinne, ar a dtugtar Wavebob, ceaptha ag fisiceoir Éireannach. Is cineál baoi é a dhéanfaí a mhúráil san Aigéan Atlantach, agus dhéanfadh na tonnta a bhuailfeadh ina éadan leictreachas a ghiniúint. Tá mionsamhail bheag á tástáil i gCuan na Gaillimhe faoi láthair – is rún é fós an tslí a n-oibríonn sé, ach má éiríonn go maith leis déanfaidh an t-aireagóir roinnt mhaith brabúis as.
Agus d’fhéadfadh an tionscal seo deiseanna maithe a chur ar fáil don tír seo. Is fiú comparáid a dhéanamh leis an bhfuinneamh gaoithe: tríocha bliain ó shin, bhí sé mar aidhm ag an Danmhairg bheith ina cheannaire domhanda i dteicneolaíocht na cumhachta gaoithe. Sna seachtóidí, rinne an rialtas airgead a infheistiú sa tionscal agus anois tagann timpeall 20% de leictreachas na tíre sin ón ngaoth, agus tá fostaíocht ag 20,000 duine sa réimse seo. Is í an Danmhairg an
t-onnmhaireoir is mó muilte gaoithe ar domhan agus tugann an gnó seo €3 bhilliún isteach sa tír gach bliain. Agus tá acmhainn na hÉireann ó thaobh na cumhachta toinne de, linn bheag uisce ar a dtugtar an tAigéan Atlantach, i bhfad níos fearr ná acmhainn gaoithe na Danmhairge.
Tá comharthaí dóchais ann. I mí an Aibreáin sheol Rialtas na hÉireann a Straitéis Náisiúnta Fuinnimh Aigéin. Molann sé clár taighde chun go mbeidh stáisiúin chumhachta mara ann faoin mbliain 2020 ar féidir leo leictreachas a sholáthar do 120,000 teaghlach Éireannach. Ach tá forbairt á déanamh ag comhlachtaí eile cheana féin: tá gnólacht Albanach ag cur inneall mór ar a dtugtar “Pelamis”, atá cosúil le nathracha ollmhóra meicniúla, san fharraige in aice leis an bPortaingéil, agus tá comhlacht eile chun a inneall féin, “Archimedes”, a chur sa mhuir cóngarach d’Inse Orc in 2007 – agus mar sin, ní foláir dúinn gníomhú go sciobtha chun bheith chun tosaigh sa rás seo.
Caithfimid bheith dóchasach go mbeidh dearmad glan déanta faoin mbliain 2025 nó 2035 ar óráid sin Tony Blair faoi chúrsaí núicléacha, ach go mbeidh sliocht Wavebob (agus b’fhéidir sliocht Pelamis agus Archimedes freisin) ag soláthar ár gcuid leictreachais dúinn – go glan agus go hinbhuanaithe.
Oibríonn Pádraig Mac Éamoinn in earnáil na heitlíochta. Tá sé ina chónaí in Éirinn arís tar éis tréimhsí fada a chaitheamh ag obair sa Fhrainc agus i Sasana.