AR NA SAOLTA SEO
Todhchaí éiginnte Raidió na Gaeltachta
Rónán Mac Con Iomaire Rónán Mac Con Iomaire Rónán Mac Con Iomaire

Féachann Rónán Mac Con Iomaire ar na deacrachtaí atá ag Raidió na Gaeltachta faoi láthair agus ar an éiginnteacht atá ann agus an stáisiún ar tí tríocha bliain ar an aer a chomóradh.

Íomhá
Ceanncheathrú Raidió na Gaeltachta i gCasla, Conamara

Baineadh stangadh as go leor daoine le gairid nuair a cuireadh in iúl go raibh an scian i ndán do bhuiséad Raidió na Gaeltachta.

Bhí ordú tugtha ag RTÉ don stáisiún, a bhfuil a cheanncheathrú i gCasla, Conamara, ciorruithe de bhreis agus 10%, nó £370,000, a dhéanamh ar bhuiséad na bliana seo chugainn. B’éigean na ciorruithe a dhéanamh, a dúirt bainistíocht RTÉ, mar go raibh caillteanas de £25 milliún i ndán don eagraíocht, a dhéanann maoiniú ar RnaG.

Ciallaíonn na ciorruithe seo go bhfuil deireadh le cur le cláracha áirithe ar Raidió na Gaeltachta, ina measc “Nuacht an Lae”, “Leagan Cainte” agus “Cois Life”. Tá gearradh siar le déanamh ar an méid uaireanta gur féidir áis chraoltóireachta seachtraí an stáisiúin, An Ródaí, a úsáid, agus deirtear freisin, cé nach bhfuil deireadh le cur le haon phost buan go fóill, go bhfuil fostaíocht saoroibrithe agus fostaithe páirtaimseartha go mór i mbaol.

Labhair daoine taobh istigh agus taobh amuigh de Raidió na Gaeltachta amach go láidir i gcoinne na gciorruithe. Cuireadh ionadh ar go leor faoin méid polaiteoirí agus faoin méid daoine i saol na Gaeilge a labhair go poiblí ar son an stáisiúin, go háirithe nuair a bhí a fhios ag daoine go forleathan go raibh RTÉ, máthairstáisiún RnaG, ag dul faoin scian chéanna.

Éagórach

=======

An rud a chuir olc ar go leor do lucht tacaíochta an stáisiúin ná go raibh an chuma ar an scéal go raibh na ciorruithe a bhí á ndéanamh ar RnaG níos déine ná mar a bhí ar a deirfiúracha in RTÉ, Radio 1 agus 2FM. Freisin, facthas do dhaoine go raibh na ciorruithe éagórach mar gur seirbhís phoiblí amach is amach é Raidió na Gaeltachta, agus nach bhfuil deis ag an stáisiún ioncam fógraíochta a shaothrú, mar atá ag Radio 1 agus 2FM.

Mar aon leis na baill foirne, bhí díomá ar cheannaire an stáisiúin, Tomás Mac Con Iomaire, go raibh gá leis na ciorruithe.

“Is páirt ar leith é Raidió na Gaeltachta don tseirbhís chraoltóireachta poiblí sa tír seo,” a dúirt sé le Beo!, “agus is céim ar gcúl don Raidió go bhfuil uirthi cláracha a ghearradh ag an tráth seo dá saol agus í beagnach 30 bliain d’aois.”

Tá Raidió na Gaeltachta tar éis go leor dul chun cinn a dhéanamh ó lár na n-ochtóidí, nuair a tháinig Breandán Feiritéar i gceannas. Mhair an dul chun cinn sin faoin té a tháinig i gcomharbacht air, Pól Ó Gallchóir, agus an ceannaire atá ann faoi láthair, Tomás Mac Con Iomaire.

Go deimhin, go dtí gur fógraíodh na ciorruithe seo le gairid, bhí an chuma ar chúrsaí go raibh gach rud thar cionn i gCasla. Léirigh na figiúirí ba dhéanaí go raibh méadú tar éis teacht ar lucht éisteachta an stáisiúin, bhí an t-éileamh ar chraoladh do dhaoine óga á shásamh le cláracha ar nós “An Taobh Tuathail” (a fuair ardmholadh sna meáin náisiúnta), agus bhí sé díreach fógartha ag RnaG go raibh sceideal nua 24 uair an chloig á chur i bhfeidhm don chéad uair riamh i stair an stáisiúin.

Ach is iomaí casadh a thagann ar scéal, agus is tobann mar a tháinig an casadh i scéal Raidió na Gaeltachta. Níor thóg sé i bhfad ar scamall na gciorruithe a scáil a chaitheamh ar gach dea-rud a bhí déanta ag an stáisiún le tamall anuas.

An todhchaí

Céard atá i ndán do RnaG anois, mar sin? An ualach rómhór é an sceideal nua 24 uair an chloig, nuair atá deich faoin gcéad de do bhuiséad glanta? Cé gur admhaigh ceannaire Raidió na Gaeltachta go mbeadh sé deacair sceideal dá leithéid a chur i bhfeidhm i bhfianaise na gciorruithe atá le déanamh, ní thiocfaidh maolú ar chaighdeán craoltóireachta RnaG, dar leis.

“Beidh seirbhís ar ardchaighdeán againn i gcónaí,” a dúirt Tomás Mac Con Iomaire, “ach ní féidir a rá nach mbeidh bearnaí nó poill anois ann, le cláracha ar nós “Nuacht an Lae” imithe, chomh maith le cláracha a bhí á bhfoinsiú taobh amuigh den stáisiún.”

Ceist níos práinní fós don Uasal Mac Con Iomaire, áfach, ná céard atá chun tarlú amach anseo, seachas céard atá ag tarlú anois.

“Tá cúrsaí craoltóireachta poiblí na hÉireann ag crosbhóthar agus is faoi phobal na tíre atá sé a chinntiú go mbeidh seirbhís cheart craoltóireachta poiblí ar fáil. Caithfidh an Rialtas soláthar cóir a chur ar fáil a chinnteoidh é seo.

“Tá sé in am díospóireacht a chothú ar an saghas meán atá ó phobal na hÉireann agus an bhfuil siad sásta glacadh le meáin nach bhfuil faoi smacht na tíre seo ar chor ar bith.”

Maidir le todhchaí Raidió na Gaeltachta féin, braitheann sin go mór ar thodhchaí RTÉ. Go dtí go gcuirfear cúrsaí maoinithe i gceart i nDomhnach Broc, beidh súil ghéar le coinneáil ar na pingneacha i gCasla.

Tá Rónán Mac Con Iomaire ina stiúrthóir ar an gcomhlacht caidrimh phoiblí, Meas Media. Ba é a bhí ina eagarthóir ar an iris idirlín Cumasc.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.