Ba mháthair mhachnaimh do Phól Ó Muirí bás peata sa teach. An mhuc ghuine a shíothlaigh, d’fhág sé a lorg ar an chlann óg, rud a chuir an t-athair ar a mharana.
Tá na peataí ag fáil bháis. Tá Ginger Stripe ar shlí na fírinne. Tháinig mé ar a chorp dubh, lena riabhóg rua san fhionnadh, ina luí fuar marbh sa phúirín. Ba é an mhuc ghuine a fuair bás gan sagart agus i bhfad ó bhaile. Bhí a chompánach, Stamper, beo ar fad, é ag bualadh chorp a chomrádaí lena ghaosán, ag féacháil lena bhogadh. Ach bhí súile Ginger Stripe ar oscailt go fuar gan radharc. Fúm a fágadh é an corp a chur in íochtar gairdín. Ní go maith a ghlac na páistí leis an scéala go raibh ceann de na muca guine marbh. Tuigeann siad, dá óige iad, go bhfuil deireadh leis an neach beag bídeach a raibh gean acu air. Cuireann bás peata eagla orthu; tuigeann siad, is dócha, nach bhfuil mórán idir bás peata agus bás an duine. Is ionann bás peata, ní a tharlaíonn do dhaoine fásta ar ócáidí.
An é sin an fáth go gceannaíonn muid peataí do pháistí? Cinnte, bíonn gean acu orthu. Foghlaimíonn siad conas meas a thabhairt ar rud beo, ar an ainmhí féin. Foghlaimíonn siad conas aire a thabhairt do rud seachas iad féin, an gá atá le bia agus uisce úr a chur ar fáil go laethúil agus foghlaimíonn siad an gá leis an phúirín a ghlanadh amach, a ríocht bheag chónaithe a choinneáil glan. (Mar a dhéanfadh le do sheomra féin, a pháistí!) Bíonn na ceachtanna saoil sin i gceist.
Ach bíonn scáil an bháis sa chúlra. Dá mhéid a ngrá don pheata, ní thugann na hainmhithe beaga seal fada ar an saol seo. Imíonn siad gan choinne agus crothnaíonn na páistí iad go mór. Ghoill bás an chait, Marbles, orthu. Ghoill sé ormsa fosta. Ba é mo chéad pheata é – ní chuirim budgie na hóige san áireamh. Tugadh dom agus do mo bhean é, mar bhronntanas pósta. Deirim ‘tugadh’ ach dúmhál a bhí ann – tréidlia é mo dheartháir cleamhnais agus dúradh linn nach raibh de rogha ag an phuisín bheag gan ainm, ach tigh s’againne nó snáthaid na nimhe agus an codladh síoraí.
Thug muid abhaile é agus bhí sé ann le fáilte a chur roimh na páistí mar a tháinig siad ar an saol. Ní sásta a bhí Marbles ach oiread nuair a dhíbir muid eisean agus a chiseán as an teach agus na páistí céanna ag lámhacán ar an urlár. Mo Phangur Bán féin a bhí ann – cé gur riabhach agus liath a bhí sé. D’fhágadh sé luchóga nó éin bheaga ar leac an dorais againn ó am go ham, fuil agus putóga ag sileadh astu. Ní raibh fáilte mhór agam roimh na nithe sin. Fear cathrach go fóill mé; ní fháiltím roimh bhás an éin bhig.
Chuir Marbles féin aithne ar an bhás agus ghoill an bás ar na páistí. Ní raibh bealach ar bith againn a rá leo go raibh Marbles i ndiaidh dul ar saoire ar fheirm (leithscéal a bhí ag cara nuair a leagadh madadh a pháistí) nó bhí feirm ag mamó agus daideo agus chuirfeadh siad a thuairisc sa scioból agus sna páirceanna máguaird. Bhí sé marbh, a dúirt mé. Tarlaíonn na rudaí sin. Bhí sé an-aosta mar chat, an-aosta ach is iontach an saol a bhí aige faoin tuath. Ba é a bhí sona mar chat. Bhí cead a chinn aige agus sheilg sé leis. Tarlaíonn na rudaí seo. Agus thuig na páistí, den chéad uair, an nasc atá ag an aois leis an éag.
Anois tá Ginger Stripe imithe ach maireann Stamper i gcónaí. Tá súil agam nach n-éiríonn tada dó idir seo agus an Nollaig. Níor mhaith liom go millfí an tsaoire orthu. Is páistí fós iad.