I rith na míosa seo caite, chaith Colm Mac Séalaigh lá taitneamhach ag breathnú ar na Géamannan Gáidhealach – nó Cluichí na nGarbhchríoch, mar a thabharfaí orthu sa Ghaeilge – a bhí ar siúl ar Eilean Sgitheanach na hAlban agus fuair sé léargas suimiúil ar an spraoi agus an spórt a bhaineann leo.
Ar an 16 Lúnasa bhí sé de phléisiúr agam a bheith i láthair ag na Géamannan Gáidhealach ar Eilean Sgitheanach, oileán atá buailte le cósta thiar na hAlban. Tá sé nasctha leis an mórthír trí dhroichead atá suite ar an taobh thuaidh den oileán agus is féidir teacht agus imeacht ar bháid farantóireachta ar an taobh theas. Is furasta taisteal go dtí an t-oileán álainn seo ar thuras bóthair nó iarnróid trí ghleannta is shléibhte sciamhacha maorga, agus feadh lochanna mórthaibhseacha iarthar na hAlban.
Chaith mé seachtain ar Eilean Sgitheanach ag foghlaim Gàidhlig in éineacht le grúpa Gaeilgeoirí eile. Agus muid ansin, thapaíomar an deis freastal ar na Géamannan Gáidhealach, nó Cluichí na nGarbhchríoch, mar a thabharfaí orthu sa Ghaeilge. Lá breá a bhí ann (bhí sé ag doirteadh báistí in Éirinn!) agus ba mhór an taitneamh a bhaineamar as an atmaisféar, as na cluichí, as an mbia agus as an gcúpla deoch a d’ólamar i rith an lae.
Ba é seo an céad tríocha is aonú bliain de na Géamannan a bheith ar siúl ar Eilean Sgitheanach. Bíonn na cluichí seo ar siúl gach bliain san ionad céanna: áit ar a dtugtar The Lump i mBéarla agus atá suite i bPort an Righe, príomhbhaile an oileáin.
Cuireadh tús leis na Géamannan Gáidhealach ar Sgitheanach sa bhliain 1877 agus eagraíocht darbh ainm An Cruinneachadh Sgitheanach a d’eagraigh iad. Tá na cluichí á n-eagrú acu chuile bhliain ó shin i leith, ach amháin le linn na gCogaí Domhanda. Is leis an eagraíocht seo an pháirc ar a n-imrítear na cluichí agus is aimfitéatar nádúrtha í. Tá sí suite ar láthair fhíorálainn atá díreach in aice na farraige.
Ceiliúradh cultúrthaIs éard atá sna Géamannan ná féile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr agus ar
thraidisiúin an réigiúin sin ar a dtugtar an Ghàidhealtachd sa Ghàidhlig agus na Garbhchríocha sa Ghaeilge. Is iad na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl lena linn ná cluichí troma páirce, lúthchleasaíocht, píobaireacht, damhsa Gàidhealach agus seoltóireacht. Mionchluichí Oilimpeacha atá i gceist ar bhealach, nó meascán de lá spóirt agus oireachtais, de fhleá cheoil agus rásaí bád seoil, mar a bhíonn ar siúl in áiteanna éagsúla in Éirinn i rith an tsamhraidh.
Cuid thábhachtach den fhéile is í an phíobaireacht agus tagann píobairí ó Albain, ón Astráil, ón Nua-Shéalainn, ón bhFrainc, ó Éirinn, ó na Stáit Aontaithe agus ó áiteanna eile chun an oileáin le páirt a ghlacadh sna comórtais. I dteannta na bpíobairí, tagann iomaitheoirí ó na réigiúin sin le páirt a ghlacadh sna comórtais oscailte pháirce agus lúthchleasaíochta. Ach bíonn comórtais ar leith ar siúl chomh maith ar féidir le muintir an oileáin amháin cur isteach orthu.
D’eascair na cluichí páirce as comórtais neamhfhoirmiúla a bhíodh ar siúl fadó – comórtais a bhain le reathaíocht agus le neart; le hardú agus le caitheamh clocha móra; le teilgeil a’ chabair. Is éard atá sa chabar ná píosa mór fada adhmaid atá cosúil le cuaille teileagraif. Beireann an t-iomaitheoir ar íochtar an chuaille agus caitheann sé in airde é. Is é an aidhm atá ag an teilgeoir ná go
rothlóidh an cuaille 180° agus é thuas san aer agus go dtiocfaidh sé anuas agus an t-íochtar ar uillinn 180° leis. Sa lá atá inniu ann, úsáidtear trealamh níos nua-aimseartha sna himeachtaí eile, ach cloítear leis an bhfearas traidisiúnta san imeacht áirithe seo. Bíonn comórtais éagsúla ar siúl d’fhir, do mhná agus do dhaoine óga, agus cé go mbíonn na hiomaitheoirí an-dáiríre fúthu, bíonn an-spraoi i gceist chomh maith. I mbliana, mar shampla, sa chomórtas tarraingthe téide faoi aois ceithre bliana déag, bhí triúr is fiche ar an dá thaobh den rópa!
DuaiseannaMaidir le duaiseanna, bíonn idir choirn, bhoinn agus airgead le buachan ag na hiomaitheoirí. Bronntar corn ar bhuaiteoirí na gcomórtas tábhachtach píobaireachta, damhsa, lúthchleasaíochta agus páirce. Bronntar duaiseanna airgid, ar fiú suas le £200 iad, ar na daoine a ghnóthaíonn an chéad áit sna comórtais phíobaireachta agus bíonn suimeanna níos lú i gceist don dara agus don tríú háit. Duais £80 a bhíonn i gceist don chéad áit de ghnáth sna comórtais shinsearacha oscailte lúthchleasaíochta agus pháirce agus suimeanna níos lú d’áiteanna eile. Is minic buidéal fuisce mar dhuais bhreise, agus bronntar naoi mbuidéal fuisce ar bhuaiteoirí na gcomórtas tarraingthe téide! Bhí mé ag caint le fear óg ar de bhunadh na háite é – fear a d’imir ar fhoireann na hAlban i gcoinne na nÉireannach sa chamanachd – agus dúirt sé liom gur minic a thuilleann sé cúpla céad punt in aon lá amháin ag na Géamannan mar go bhfuil sé láidir, aclaí agus mear.
Má bhí na céadta míle duine i láthair ag na cluichí Oilimpeacha i mBéising na Síne
agus súile an domhain dírithe ar na himeachtaí ansin, bhí na céadta duine ag na Géamannan Gáidhealach ar Eilean Sgitheanach na hAlban. Agus dála na gCluichí Oilimpeacha, tháinig siad ó chian is ó chóngar agus bhí go leor teangacha á labhairt ina measc. Ach an rud maith faoi na Géamannan Gáidhealach ná go mbeidh siad ar siúl arís an bhliain seo chugainn; ní gá fanacht go ceann ceithre bliana.
Rith an plean seo liom féin agus le compánaigh áirithe a bhí in éineacht liom: dá dtosóimis go luath ar an traenáil, d’fhéadfaimis filleadh ar Eilean Sgitheanach an bhliain seo chugainn, foireann as Éirinn a iontráil sa chomórtas tarraingthe téide agus na naoi mbuidéal fuisce a bhaint. Ba chuma linne faoi bhoinn óir!
Is iarmhúinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós. Ceapadh é mar dhuine de roghnóirí iománaíochta Bhaile Átha Cliath ag deireadh 2003.