CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Teicneolaíocht nua na teilifíse
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

teilifíseáin ardghléine ar díol sna siopaí anois ach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, níl ach stáisiún amháin ag craoladh cláracha san fhormáid nua faoi láthair.

Íomhá
Tiger Woods ag Corn Ryder an mhí seo caite
Íomhá

Bhí an t-ádh dearg leis na daoine a bhí i láthair ag Corn Ryder sa K Club le déanaí. Agus bhí an t-ádh dearg freisin leo siúd a bhí ag féachaint ar an gcomórtas ar an teilifís – bhí na liathróidí gailf ar fad níos soiléire ar an scáileán ná riamh i mbliana toisc go raibh teicneolaíocht nua na teilifíse ardghléine (nó HD) in úsáid.

Ar ndóigh, ceann de na dúshláin is mó a bhaineann le galf a chraoladh ar an teilifís ná an liathróid ghailf a thaispeáint go soiléir. Cé gur féidir le gnáthcheamaraí teilifíse liathróidí beaga gailf a thaispeáint freisin, déanann teicneolaíocht HD an t-éacht sin i bhfad níos éasca. Bhí thart ar 300 duine ag obair do Sky Sports ag an K Club chun a chinntiú gur oibrigh an trealamh ar fad i gceart agus go raibh siad in ann gach iarracht de chuid na n-imreoirí a leanúint. Ach cosnaíonn an trealamh (agus na daoine) sin ar fad airgead agus is é sin ceann de na príomhchúiseanna nach raibh Corn Ryder le feiceáil ar stáisiúin “saor in aisce” ar nós RTÉ, faraor.

Ach cad go díreach atá i gceist le teilifís ardghléine agus na greamáin “HD Ready” atá ar theilifíseáin i siopaí?

Go bunúsach, tá íomhánna HD i bhfad níos soiléire ná gnáthphictiúir theilifíse toisc go bhfuil níos mó spotaí beaga nó picteilíní sa phictiúr. Is ionann é seo i bprionsabal agus an difear idir grianghraif ó cheamara digiteach proifisiúnta sé mheigiphicteilín agus grianghraif ó cheamara fóin aon mheigiphicteilín amháin. Nuair a bhíonn níos mó picteilíní in íomhá bíonn sé níos soiléire de ghnáth.

In Éirinn, bíonn 350 x 576 (= 201,600) picteilín i ngnáthphictiúr teilifíse, agus in HD is féidir le líon na bpicteilíní a bheith chomh hard le 1920 x 1080 (= 2,073,600). Ciallaíonn sé seo go bhfuil i bhfad níos mó sonraí miona le feiceáil ar scáileán teilifíse HD. Ach faoi láthair tá cúrsaí HD an-chasta toisc nach bhfuil an teicneolaíocht nua le fáil go forleathan go fóill agus toisc nach bhfuil gach craoltóir á húsáid.

Cé go raibh na híomhánna ón K Club ar fad á scannánú in HD, ní raibh siad á gcraoladh i bhfoirm HD i bhformhór na tíre – bhí siad á n-athrú go gnáthíomhá teilifíse chun go mbeadh seanteilifíseáin in ann déileáil leo. Ach fós féin, toisc go raibh caighdeán na híomhá “ionchuir” an-ard, bhí an íomhá “aschuir” ar an teilifíseán i bhfad níb fhearr. Bíonn an prionsabal seo i gceist agus le feiceáil go soiléir nuair a leanann scannán an nuacht ar stáisiún teilifíse – bíonn cuma i bhfad níos deise ar an scannán de ghnáth toisc go raibh trealamh i bhfad níb fhearr in úsáid.

Ach cé nach bhfuil ach an craoltóir Sky ag craoladh in HD thar satailít faoi láthair, tá go leor daoine ag ceannach teilifíseán mór leathan – teilifíseáin, a mhaíonn na déantóirí, atá “HD Ready”. Beidh na pictiúir ar na teilifíseáin sin ar fheabhas nuair a bheidh níos mó stáisiún teilifíse ag craoladh in HD ach faoi láthair ní bhíonn ach gnáthphictiúir theilifíse á dtaispeáint orthu go hiondúil. Agus nuair a chuirtear gnáthíomhá teilifíse ar scáileán ollmhór ní bhíonn cuma ródheas air toisc go bhfuil gach picteilín méadaithe ann.

dúshláin phearsanta á gcruthú ag HD do dhaoine freisin: toisc go mbíonn cuma níos soiléire ar gach rud, bíonn ar aisteoirí agus léitheoirí nuachta a bheith níos cúramaí lena smideadh agus gach goirín a cheilt go cúramach!

Is léiritheoir/stiúrthóir sa réimse eolaíochta agus oideachais é Diarmaid Mac Mathúna leis an gcomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie) agus foilsíonn sé an blag sciencecommunication.blogspot.com.

Tá bogearraí foilsithe aige i bpáirt le Kevin Scannell agus tá GaelSpell, mar aon leis an ngramadóir nua Gaeilge, Ceart, ar fáil anois ón suíomh www.cruinneog.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.