AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Tearmann sa Teach Bán
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Tá Paul McGill as Doire agus a bhean chéile Linda as Hondúras ag cur fúthu i nGaeltacht Ghaoth Dobhair le seacht mbliana anuas. Labhair siad le Liz Curtis faoina saol.

Íomhá
Linda agus Paul McGill sa Teach Bán
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Siopa i nGaoth Dobhair
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Iascairí gliomach ar Ghabhla. Gaoth Dobhair agus An Earagail le feiceáil sa chúlra
Grianghraf: Liz Curtis

D’fhreastail mé ar an Oireachtas, féile mhór na Gaeilge, i nGaoth Dobhair ar na mallaibh agus d’fhan mé i lóistín leaba agus bricfeasta darb ainm An Teach Bán. Ar bhóthar beag in aice le banc AIB atá sé.

Níl an t-ainm An Teach Bán ró-úsáideach agus tú ag cuartú an lóistín. Ar an chéad dul síos, níl sé go hiomlán bán, ach buí agus bán. Lena chois sin, tá na mílte teach bán i nGaoth Dobhair.

Ach is é An Teach Bán an t-ainm atá air le fada an lá. Mar sin, chloígh Paul agus Linda McGill leis an ainm i ndiaidh dóibh an áit a cheannach seacht mbliana ó shin.

D’aimsigh mé an áit ar an idirlíon - tá ceol ar shuíomh gréasáin s’acu agus fógraítear an lóistín mar áit ina bhfuil cosc ar thobac. Chuaigh mé ann den chéad uair i mí Feabhra, agus thaitin sé liom ón chéad bhomaite, nuair a chonaic mé an póirse. Bhí tolg ann agus é clúdaithe le brat maisithe ildaite, agus bhí cat bán ina chodladh air. Bhí cuma theolaí chluthar ar an lóistín, i gcomparáid leis an domhan liath geimhriúil taobh amuigh.

Is lanúin neamhchoitianta iad Paul agus Linda. Is as Doire Paul, agus tá Gaeilge líofa aige. Tá an-bhaint aige le Tír Chonaill. B’as Ard an Rátha a athair, agus théadh Paul go Rann na Feirste go minic agus é ina ghasúr leis an Ghaeilge a fhoghlaim.

Is as Hondúras í Linda, agus tá spiorad Mheiriceá Theas le mothú sa teach. Éistíonn sí le ceol bríomhar sa chistin, agus tá pictiúirí agus fabraicí geala sa halla agus sa seomra suí. Tá Spáinnis agus Béarla aici, agus cúpla focal Gaeilge chomh maith.

Cá háit ar bhuail siad le chéile? Sin an cheist a bhíonn ag achan duine.

“Sa scuaine ag Aerfort Leeds-Bradford, ag fanacht le dul ar an eitleán go Béal Feirste!” a deir Paul.

“Bhuail sé lena mhála cáipéisí mé,” arsa Linda, agus í a gáire.

Thosaigh comhrá idir an bheirt acu agus - le scéal gairid a dhéanamh de - sa deireadh thiar thall shocraigh siad síos sa Teach Bán i nGaoth Dobhair.

“Chonaic muid an teach i mí Eanáir 1995,” arsa Paul. “Cheannaigh muid ansin díreach é, agus bhí muid istigh ann faoi mhí an Aibreáin. Ní bhíonn muid ag fáinneáil thart.”

An dearcadh atá ag Paul ná go gcaithfidh daoine a saol féin a chruthú. “Deir daoine linn, ‘Ba mhaith liom bogadh amach ón chathair,’ nó a leithéidí sin. Deirimse leo, ‘Más mian leat é a dhéanamh, déan é! Muna bhfuil tú dáirire faoi, ná bí ag caint faoi!”

Saoririseoir

Tá Linda i mbun an lóistín, agus tá Paul ag obair mar shaoririseoir agus mar chomhairleoir. Déanann sé speisialtóireacht ar cheisteanna sóisialta - cearta daonna, bochtanas i measc páistí, ciníochas, agus a leithéid.

Bhí an bheirt pósta roimhe, agus tá páistí acu atá fásta anois. Bíonn a lán comhluadair acu, idir na turasóirí agus an líon mór cairde atá acu sa cheantar, gan trácht ar an dá chat, Pollo agus Chico.

Cad é an dóigh ar tháinig Linda go dtí an taobh seo den domhan?

“Rugadh agus tógadh ar phlandáil bananaí i Hondúras mé,” ar sise. “D’fhág mé an scoil agus mé ceithre bliana déag d’aois. Ansin d’oibir mé ar an phlandáil, ag toghadh agus ag pacáil na mbananaí. Tháinig Spéirling Fifi i 1974, agus scrios sí an phlandáil. Bhí orainn an áit a thréigbheáil.”

Phós Linda Sasanach a bhí ag obair i Hondúras. Bhog siad go baile beag i Yorkshire, Sasana, ach ní raibh saol róshona aici ansin.

“Bhí a lán ciníochais ann,” ar sise. “Ciapadh mo chuid páistí agus bualadh mé féin. D’éirigh mé as an tsiopadóireacht a dhéanamh sa bhaile sin, mar chaitheadh daoine seile orm. Théinn go Hull ina áit sin - is cathair mhór í Hull, agus pobal ilchultúrtha inti.”

Agus í thall i Sasana, bhí baint aici le coiste a bhí ag obair ar son ceart daonna i Meiriceá Lár. Le linn na tréimhse sin, thug sí cuairt ar chimí i Hondúras.

“Chur sé eagla orm,” a deir sí. “Bhí coinníollacha na ngnáthchimí ní ba mheasa fiú ná coinníollacha na gcimí polaitiúla. Bhí an bia go dona, agus bhí na leithris déistineach. Ní raibh siad ábalta dlíodóirí a fháil mar nach raibh cúnamh dlí ar fáil. Níl a fhios ag daoine in iarthar na hEorpa cad é chomh hádhúil leo.”

Eachtra chiníoch

Tharla eachtra chiníoch do Linda i mBéal Feirste uair amháin. “Bhí mé ag fanacht le Paul taobh amuigh den Crown Bar, os comhair Óstán an Europa,” ar sise. “Bhí mo neacht óg liom. Tháinig póilíní agus chuir siad i mo leith go raibh mé ag iarraidh airgid ar dhaoine.

“Mhínigh mé dóibh go raibh mé ag fanacht le m’fhear céile, agus nach raibh airgead de dhíth orm. Níor chreid siad mé. Thosaigh mo neacht ag gol.”

Tá fadhbanna ó thaobh ciníochais de ag cara dá cuid ón tSalvadóir a bhfuil cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath, ach ní mar sin atá an saol i nGaoth Dobhair.

“Tá na daoine cairdiúil anseo, agus glacann siad liom mar chuid den phobal,” a deir sí. “Mothaím mar chuid den phobal, agus mothaím go bhfuil mé i ndiaidh cónaí a bheith orm anseo ar feadh mo shaoil go léir.”

Deir Paul: “Tá bunadh na háite seo breá cleachtaithe le daoine ón taobh amuigh. Tá neart acu ann - Sasanaigh, Gearmánaigh, Francaigh - agus is cosúil go nglacann an pobal leo.”

“Is breá liom an áit seo,” arsa Linda. “Tá draíocht ann. Is breá liom an aimsir fiú amháin, mar athraíonn sí an t-am ar fad. Amharcaim amach ar an fhuinneog, agus bomaite amháin is féidir Oileán Ghabhla a fheiceáil, ach an chéad rud eile tá sé imithe.”

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.