AR NA SAOLTA SEO
Teaghlaigh dídeanaithe le chéile arís
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le acu an dtabharfar cead dteaghlaigh teacht go hÉirinn. San alt seo, déanann Alan Desmond an dlí mar a bhaineann leis an ábhar áirithe sin a phlé.

Íomhá
Éagraíodh comhdháil le déanaí le plé a dhéanamh ar an tslí ina gcaitear le dídeanaithe ar mian leo a dteaghlach a thabhairt le chéile arís
Íomhá
Bhí an t-eagras neamhrialtas Nasc bainteach le heagrú na comhdhála
Íomhá
Cuireann an tSeirbhís Eolais do Dhídeanaithe eolas agus comhairle ar fáil
Íomhá
Sabine Kra, iníon Maire Claire Kah, atá ar an gCósta Eabhair go fóill
Íomhá

I lár na míosa seo caite, eagraíodh comhdháil a tugadh Le Chéile Arís air in Óstán Clarion, óstán galánta i gcathair Chorcaí. Ba é aidhm na comhdhála seo aird an phobail a tharraingt ar an drochshlí a gcaitear le dídeanaithe ar mian leo bheith a bheith lena dteaghlach arís. Ba iad na heagraíochtaí neamhrialtasacha Seirbhís Eolais do Dhídeanaithe (www.ris.ie) agus Nasc (www.nascireland.org) a rinne urraíocht ar an gcomhdháil.

Nuair a thagann duine go hÉirinn agus é ag lorg stádais mar dhídeanaí, bíonn air iarratas a chur faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí leis an stádas sin a bhaint amach. Is é a thugtar air agus an t-iarratas á mheas iarrthóir tearmainn.

Mar iarrthóir tearmainn, cuirfidh an stát lóistín ar fáil agus íocfar €19.10 leis mar liúntas seachtainiúil. Ach níl de cheart aige post a bheith aige.

bhronntar stádas mar dhídeanaí ar an iarrthóir tearmainn, beidh na cearta céanna aige agus atá ag saoránach Éireannach. Agus stádas bainte amach ag dídeanaí, is féidir leis iarratas a chur faoi bhráid na roinne céanna arís choinne baill theaghlachar sa tír dhúchais go fóill iada thabhairt le chéile san athuair in Éirinn. Ba iad na fabhtanna a bhaineann leis an bpróiseas seo a bhí idir chamáin ag an gcomhdháil Le Chéile Arís.

*Moill *

an mhoill a bhíonn i gceist leis an t-iarratas a mheas ar cheann de na lochtanna is atá ar an bpróiseas. Is minic a bhíonn ar dhídeanaí fanacht suas le dhá bhliain sula gcuireann an roinn in iúl acu an bhfuil cead ag a chéile ag a leanbh teacht go hÉirinn.

Ach bíonn i bhfad níos dhá bhliain i gceist mar mhoill ag an-chuid dídeanaithe. hannamh iarrthóirí tearmainn ag fanacht suas le dhá bhliain sula ndéantar cinneadh maidir le acu an mbronnfar stádas mar dhídeanaí orthu. Ós rud é nach mbíonn ceart chun a dteaghlaigh a thabhairt go hÉirinn bainte amach go fóill ag an lucht iarrtha tearmainn, imíonn ceithre bliana san iomlán i roinnt mhaith cásanna sula ndéantar dídeanaithe in Éirinn agus a dteaghlaigh a thabhairt le chéile arís.

Locht mór eile atá ar an bpróiseas seo an sainmhíniú atá artheaghlachde réir an dlí mar a bhaineann le dídeanaithe. Is féidir le dídeanaithe iarratas a dhéanamh ar son a c(h)éile agus ar son leanaí atá faoi bhun ocht mbliana déag d’aois. Más leanbh faoi bhun ocht mbliana déag d’aois é an dídeanaí féin, is féidir leis cead a lorg chun a bheirt tuismitheoir a thabhairt go hÉirinn.

Bhí roinnt saineolaithe dlí i láthair ag an gcomhdháil i gCorcaigh a cháin an sainmhíniú cúng ar theaghlach. Mhol siad gur cóir an dlí a leasú le go gclúdófar lánúineacha neamhphósta agus lánúineacha homaighnéasacha sa shainmhíniú. Sa chaoi seo, beidh páirtithe dídeanaithe in inmhe teacht go hÉirinn le cur fúthu anseo. Rinneadh tagairtí rialta le linn na comhdhála don bhéim a chuirtear ar an teaghlach i mBunreacht na hÉireann agus i gconarthaí éagsúla idirnáisiúnta. Cáineadh go géar an dlí a chuireann cosc ar thuismitheoirí a bhfuil leanaí níos sine ocht mbliana déag d’aois acu iarratas a dhéanamh ar iad a thabhairt go hÉirinn le cur fúthu anseo.

Ach léiríonn na hargóintí dlí an crá croí a bhíonn le fulaingt ag roinnt mhaith dídeanaithe agus iad ag fanacht go bhfeicfidh siad a dteaghlach arís.

ÉagórachIs dídeanaí í Marie Claire Kah a bhfuil a cuid féin den chrá croí i ndiaidh a bheith aici de dheasca na próiseanna seo a bheith chomh mall in Éirinn. Bhuail léi cúpla i ndiaidh na comhdhála agus chuir a scéal pearsanta an ghné éagórach den phróiseas in iúl dom.

Tháinig Marie Claire go hÉirinn ón gCósta Eabhair in 2002 i ndiaidh di suim airgid a íoc le húinéir báid. Bhí foréigean á dhéanamh uirthi ina tír dhúchais, arbh í drochstaid pholaitiúil na tíre ba chúis leis. Bhí ag iompar clainne agus í ag fágáil na tíre agus raibh a fhios aici céard a bhí i ndán di ach go dtabharfaí í chun na hEorpa. Nuair a cuireadh den bhád í, ba ar thalamh Phort Láirge a leag a cos agus ba in ospidéal na cathrach sin a tháinig an ceathrú leanbh cuid ar an saol.

"Chuir isteach ar stádas dídeanaí go gairid tar éis dom Éire a bhaint amach agus fuair an stádas sin i an Mhárta 2003. Ina dhiaidh sin, chuir iarratas faoi bhráid na roinne le cead a lorg mo bheirt mhac agus m’iníon a thabhairt go hÉirinn.Tháinig mo mhic go hÉirinn in 2004 go mídhleathachdíreach mar a rinne féinagus siad anseo ó shin i leith mar d’éirigh leis an iarratas a rinne ar a son."

Ach mhéad an chúis ardaithe mheanman a bhí ag Marie Claire go bhféadfadh a mic fanacht léi, is ea is a goilleadh uirthi nuair a dúradh léi nach ligfí leanbh is sine, Sabine, teacht go hÉirinn mar chuid den phróiseas ina dtugtar teaghlaigh le chéile arís toisc breis agus ócht mbliana déag a bheith aici.

"Nuair a rinne an t-iarratas raibh ocht mbliana déag bainte amach aici go fóill. an ghné sin den chás á fhiosrú ag mo dhlíodóir faoi láthair, ach is é bun agus barr an scéil nach bhfuil Sabine feicthe agam le breis agus ceithre bliana." Tagann deora lena súile. "Táim ciaptha ag an imní. eagla orm nach bhfeicfidh choíche arís í. an chéad Nollaig eile beagnach buailte linnNollaig nach bhfeicfidh m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais."

"Táim an-sásta le mo shaol anseo. Táim ag obair go páirtaimseartha mar fháilteoir in oifig Nasc, eagraíocht a thugann idir thacaíocht agus chomhairle d’inimircigh. mo mhic comhshamhlaithe go maith i sochaí na hÉireann, duine acu ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, agus staidéar gnó á dhéanamh ag an duine eile in institiúid tríú leibhéal. Ach tinn mar nach féidir liom Sabine a fheiceáil. Níl aon chiall ag baint leis an gcosc atá uirthi teacht anseo toisc breis agus ocht mbliana déag a beith aici. Is leanbh fós í. aithne agam ar Éireannaigh a bhfuil a leanaí fós ina gcónaí sa bhaile agus iad in aois a dtríocha bliain. Cén fáth nach féidir le m’iníon cónaí liomsa?"

Deir an Dr. Siobhán Mullally, Cathaoirleach Chomhairle Dídeanaithe na hÉireann, go gcuireann an teorainn aoise seo leis an gcruatan a fhulaingíonn teaghlaigh atá scartha óna chéile.

dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr. Mullally.

Deir Marie Claire nach bhfuil nádúrtha nach féidir lena hiníon bheith gar di. Is é an t-aon cheart atá ag teastáil uaithi an ceart chun grá máthar a roinnt le hiníon.Is Corcaíoch é Alan Desmond atá ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Lublin ó bhí Dheireadh Fómhair 2003 ann. Foilsíodh úrscéal gearr d’fhoghlaimeoirí leis, *An Foghlaimeoir Fásta (Comhar) ag deireadh 2006. Bronnadh an chéad duais air as ábhar léitheoireachta d’fhoghlaimeoirí fásta i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge anuraidh*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.