CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Teaghlach ceolmhar Gaelach
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá an píobaire uilleann Nollaig Mac Cárthaigh agus a bhean Joyce ag tógáil a gclainne le Gaeilge agus le ceol i mBaile Átha Cliath. Labhair Antaine Ó Faracháin le Nollaig le fáil amach an mbíonn ciúnas acu sa teach riamh!

Antaine Ó Faracháin: Cén uair dheireanach ar sheinn tú cúpla tiúin?

Nollaig Mac Cárthaigh: Inné. Déanaim iarracht port amháin ar a laghad a chasadh seacht lá na seachtaine. Is iontach an nós é mar, má chuireann tú an phíb ort, seans go gcasfaidh tú cúpla ceann.

AÓF: Cén áit a raibh tú agus cé a bhí ag seinm leat?

NMacC: Bhí mé ag seinm liom féin sa seomra suite. De ghnáth casaim sa Cobblestone [Margadh na Feirme] ar an Déardaoin le Ger Galvin, Jackie Martin, Paul O’Shaughnessy agus cúpla duine eile.

AÓF: An bhfuil aon tiúin speisialta ann a thaitníonn leat thar gach ceann eile?

NMacC: Níl. Bíonn dreas tiúineanna á chasadh agam ag aon am amháin, ach athraíonn an dreas sin ó am go chéile. Faoi láthair is breá liom an ríl “Speed The Plough” (leagan Tommy Reck/Shéamuis Ennis ), an fonn mall “Eanach Dhúin” agus an port “Connie the Soldier”.

AÓF: Agus fonn mall d’amhrán á sheinm agat, an mbíonn tú ag smaoineamh ar an amhrán? An mbíonn tú ag casadh na bhfocal istigh i d’intinn le linn duit a bheith á sheinm?

NMacC: Bíonn na focail á gcasadh agam. De ghnáth foghlaimím an chéad véarsa agus an véarsa deireanach d’amhrán agus ceann nó dhó eile ina dtéann an ceol agus na focail le chéile go nádúrtha, mar shampla, “Tá mo lámha stróicthe ....”

AÓF: Cé hiad na hamhránaithe a thaitníonn leat?

NMacC: Tomás Ó Neachtain, Nioclás Tóibín, Odharnait Ní Chéilleachair, Seán Ó Gairbhí, agus go leor leor eile.

AÓF: An bhfuil aon cheoltóirí ann a chuireann faoi dhraíocht thú lena gcuid cheoil?

NMacC: Tommy Reck, Willie Clancy, Bobby Casey, Pádraig O’Keeffe agus Harry Bradley.

AÓF: Cén t-albam nó taifeadadh is deireanaí ar éist tú leis?

NMacC: The Tap Room Trio leis an ngrúpa den ainm céanna ina bhfuil Harry Bradley: (fliúit, piccolo), Jesse Smith (fidil) agus John Blake (giotár, pianó, fliúit).

AÓF: An cuimhin leat an chéad albam nó taifeadadh speisialta éigin a fuair tú? An mbíonn tú ag éisteacht leis sin go fóill?

NMacC: An ceann le Planxty a bhfuil dearadh cosúil le dearadh ó Leabhar Cheanannais ar an gclúdach. Ach is fada ó d’éist mé leis.

AÓF: Céard é an rud is tábhachtaí le foghlaim faoin gceol traidisiúnta, dar leat, nuair atá duine ag tosú ag seinm?

NMacC: Éisteacht!

AÓF: Bíonn go leor féilte ceoil ar siúl anois ar fud na tíre, go speisialta i rith an tsamhraidh agus tá cuid acu an-mhaith le haghaidh gasúr. Cén ceann is fearr leat féin agus cén fáth?

NMacC: Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach an ceann is fearr liom féin. Is maith liom bualadh le daoine ann. Scoil Samhraidh Joe Mooney i nDroim Sheanbhó do na gasúir. Bíonn an-deis acu ceol a chasadh lena gcairde ann.

AÓF: Ainmnigh an tiúin deireanach a d’fhoghlaim tú, agus an tiúin deireanach a mhúin tú.

NMacC: An ceann deireanach a d’fhoghlaim mé ná “Dónal an Phumpa” – ón Tap Room Trio – agus an ceann deireanach a mhúin mé ná “Cailín an Tí Mhóir” - do rang gasúr (idir deich mbliana agus dhá bhliain déag) in Áras na bPíobairí Uilleann, Sráid Henrietta.

AÓF: An seinneann tú aon uirlis eile seachas an phíb uilleann?

NMacC: Seinnim an fheadóg stáin.

AÓF: Cé a rinne an phíb atá agat?

NMacC: Tá dhá dheis phíbe agam. Rinne Peter Hunter an deis D agus rinne Joe Kennedy an deis C# atá agam.

AÓF: Bhíodh Séamus Ennis ag maíomh go dtógann sé bliain is fiche le bheith i do phíobaire. An aontófá leis sin?

NMacC: D’aontóinn. Ach is féidir na trí sheacht a chur le chéile in aon seacht amháin má thuigeann tú mé!

AÓF: Seinneann tú an phíb uilleann ach ar thriail tú an phíb mhór a sheinm riamh?

NMacC: Uair amháin. Ach ní raibh mé in ann iad a líonadh le haer!

AÓF: Inis dom faoi do chuid gasúr. Céard a sheinneann siadsan?

NMacC: Is í Ciara is sine (17) agus casann sí ar an bhfidil. Casann Deirdre (14) an consairtín agus an chruit. Agus casann Sinéad (9) an fhidil.

AÓF: Caithfidh sé go mbítear ag gabháil cheoil i gcónaí i do theach, an mbíonn?

NMacC: Bíonn. Muna mbíonn duine ar bith ag casadh bíonn dlúthdhiosca éigin ar siúl!

AÓF: An mbíonn gach duine sa teach ina sheomra féin ag cleachtadh nó an seinneann sibh ar fad le chéile sa gcistin?

NMacC: Bíonn daoine ag cleachtadh leo féin de ghnáth ach anois is arís tagaimid le chéile sa chistin.

AÓF: Céard a dhéanann sibh chun sos a thógáil ón gceol, nó an mbíonn sos agaibh riamh?

NMacC: Ní bhíonn sé ag teastáil!

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.