AR NA SAOLTA SEO
Teach fuar na bProtastúnach
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Thrácht Státrúnaí an Tuaiscirt le déanaí ar an dóigh a mbraitheann Protastúnaigh sna Sé Chontae go bhfuil siad i dteach fuar. Feiceann Robert McMillen comharthaí áirithe a léiríonn go raibh an ceart ag John Reid.

Íomhá
David Trimble, Ceannaire an UUP
Íomhá
An feisire David Burnside
Íomhá
Jane Morrice, Comhaontas na mBan

“Never trust a man who says ‘trust me’”, a deir an seanmhana. Ach ag tús na míosa seo chuir tromlach de bhaill Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) a muinín i David Trimble ar chrios iompair na staire sin ar a dtugtar Comhairle Aontachtach Uladh.

Tháinig siad le chéile le cinneadh a dhéanamh ar cé acu ba cheart spriocdháta a leagan síos ar chur i gcrích an díchoimisiúnaithe, nó ar cheart leanstan ar aghaidh le polasaithe ad hoc David Trimble an aidhm chéanna a bhaint amach.

Ba é 56% den ghrúpa seo de mhaithe meánaicmeacha na polaitíochta a bhí sásta ligint do David Trimble straitéis s’aige féin a leanstan (54% a bhí aige nuair a chuaigh sé os comhair na Comhairle an uair dheireanach).

Bheadh sé go deas dá bhféadfaí a rá gur cheadaigh siad do Trimble a fhís a fhíorú, ach níl an chuma ar an scéal go bhfuil fís ag ceannaire an UUP ná ag an pháirtí ina iomláine, taobh amuigh de chúpla eisceacht.

Ag an chruinniú ar 1 Nollaig, aistarraingíodh rún Arlene Foster - a mhol go gcuirfí deireadh leis an chomhrialtas feidhmeannach ó thuaidh mura mbeadh díchoimisiúnú iomlán curtha i gcrích ag deireadh mhí Feabhra - ar mhaithe le rún eile David Burnside a mhol athbhreithniú ar straitéis “gunnaí agus rialtas” an UUP i mí an Mhárta agus go bhfágfadh an páirtí an Chomhairle Thuaidh/Theas mura gcuirfí ar ais siombail an Bhriotanachais sa chóras póilíneachta agus sna cúirteanna.

Dúirt sé nach raibh spriocdháta ar bith i gceist ach ba léir ó chaint a thug Burnside ar Radio Ulster gur taictic atá sa díchoimisiúnú.

“Is tábhachtaí do bhunchreideamh ár nAontachais integrity agus proifisiúntacht Chonstáblacht Ríoga Uladh ná an díchoimisiúnú,” a dúirt sé, “ainneoin go bhfuil sé sin tábhachtach, is rud siombalach é an díchoimisiúnú.”

Dúirt ionadaí eile ag an chruinniú: “Ní raibh mé féin riamh tógtha fán díchoimisiúnú. Tá barraíocht caillte againn le hé a bhaint amach. Cad é is fiú an díchoimisiúnú nuair atá an RUC agus bratach na hAontachta caillte agat?

Rinne mé mo dhícheall oibriú amach cé aige a mbeadh an tairbhe dá n-éireodh le rún Burnside, ach theip orm.

Anois, tá an bealach réitithe ag Trimble na “surprises” atá geallta aige le tuilleadh brú a chur ar phoblachtánaigh a ullmhú. An iontas ar bith é go bhfuil daoine ag éirí dubh dóite den rud ar fad? Leoga, plus ça change...

An “Fíor-IRA”

Dhruid easaontóirí poblachtánacha an nasc bóthair iarainn idir Iúr Cinn Trá agus Dún Dealgan - ar an lá a raibh an chéad chruinniú den Chomhairle Éireannach/Briotanach le dhá bhliain ann. Maíodh go raibh lucht déanta buamaí ar Sealadaithe iad tráth anois ag gníomhú don “Fhíor-IRA”, agus thángthas ar ábhar pléascáin réidh le húsáid in aice le hArd Mhacha.

Tháinig deireadh leis an UDP, an páirtí polaitíochta a raibh baint aige leis an UDA. Is gá a rá go raibh bunús bhaill an UDP ar a ndícheall ag iarraidh socrú polaitiúil a bhaint amach go dtí go dtáinig scoilt ann agus go ndeachaigh foréigean an UDA/UFF thar fóir.

An comhartha eile é seo den “teach fuar do Phrotastúnaigh” a mhaígh an Státrúnaí, John Reid, a bheith ann? Cinnte, tá an teach fuar do na hAontachtaithe “traidisiúnta” sin nach n-aithníonn cothrom na Féinne.

Mar shampla, d’fhiafraigh an Trimbleach dá naimhde taobh istigh dá pháirtí féin cad iad na pleananna a bhí acu le díchoimisiúnú i measc na ndílseoirí a bhaint amach. In áit freagra dionghbáilte dearfach a thabhairt ar an dóigh leis an fhoréigean dílseach a ruaigeadh, dúirt Jeffrey Donaldson go raibh difear idir foréigean náisiúnaíoch agus foréigean dílseach mar go raibh Sinn Féin sa rialtas. Ní thug sé uaidh leid ar bith gur smaoinigh sé ar an fhoréigean aontachtach ar chor ar bith.

Ach bhí dea-chomharthaí ann fosta an mhí seo caite. Cuireadh deireadh leis an agóid scannalach ag Scoil na Croise Naofa in Ard Eoin i ndiaidh don Chéad agus leas-Chéad Aire David Trimble agus Mark Durkan bualadh leis an dá thaobh. Siombail b’fhéidir den mhéid is féidir a bhaint amach agus gach duine ag obair le chéile.

Tagadh “Protastúnaigh an tí fhuair” isteach sa teas agus an Tuaisceart Éireann úr á chruthú. Déanadh siad troid le náisiúnaithe ar urlár Stormont. Tagadh siad amach ó chúl an chlaí.

Tá moladh ó Jane Morrice ó Chomhaontas na mBan le plé ag an Tionóil an mhí seo a d’iarrfadh ar Rialtas Tony Blair go ndtabharfaí stádas dé-airgeadra do na Sé Chontae, gníomh a rachadh go mór chun leas na ndaoine, mar tá teorainn talaimh idir na Sé Chontae agus na Sé Chontae Fichead.

Beidh le feiceáil an féidir leis na hAontachtaithe gníomhú ar mhaithe leis na daoine, nó an gcuirfidh siad bac ar rud ar bith a mbeidh cuma uile-Éireannach air.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.