CÚINNE NA nEALAÍON
Talamh slán
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Labhraíonn Colm Ó Snodaigh faoin sásamh a bhaineann le bheith ag seinm le ceoltóir eisceachtúil mar Liam Ó Maonlaí.

Íomhá
Íomhá
An t-amhránaí agus an t-ealaíontóir Liam Ó Maonlaí
Íomhá

Tháinig an chéad ghrúpa ceoil ina raibh mé isteach ar scileanna an cheoil go mall. Cinnte bhí buanna ar leith ag daoine áirithe sa ghrúpa ach ní thar moladh beirte a bhíomar i ndáiríre agus, mar sin, níor shroicheamar babhtaí ceannais leithéidí Shlógadh, mar ba dhual do ghrúpaí ceoil na scoile.

Sa chúigiú bliain, áfach, thit cúpla rud amach a thug spreagadh úr dúinn. Ar an gcéad dul síos thosaigh Nollags ag seinnt na bpíopaí uilleann. Ansin tháinig Liam Ó Maonlaí agus a chomhghleacaí Conchubhair Ó Murchú isteach sa ghrúpa – *man-oh-man *bhíodar in ann seinnt.

Go tobann bhí lárthaca fuaime againn. Go tobann bhí ár gcaighdeán ardaithe. Go tobann bhí fuaim cheolmhar againn. Go tobann bhí grúpa ceoil againn. Go tobann bhí brí agus treo ag baint lenár gcleachtadh.

Tús mhí Feabhra a bhí ann nuair a shroicheamar Coláiste Shráid Synge i lár na cathrach d’Fheis Átha Cliath. Ghlacamar seilbh ar sheomra in aice an halla, leis an snas deireanach a chur ar na píosaí a bhí curtha le chéile againn.

Ba é “Rosc Catha na Mumhan” ceann des na píosaí ba láidre a bhí againn. Chuir Cooker tús deas leis ar an ngiotár, ansin tháinig an chuid eile den ghrúpa isteach le chéile, agus nuair a tháinig an fonn timpeall den dara huair, stopamar le spás a thabhairt do sheinnt shoiléir Liam ar an bhfeadóg.

Ar an stáitse agus seo ar siúl, bhraitheas go raibh linn (bhí muinín agus téagar ag baint linn nach mbíodh againn roimhe seo) agus nuair a tháinig nóiméad Liam bhíos cinnte go gcuirfeadh a sheinnt iontas ar na moltóirí agus go mbéarfaimis an chraobh linn.

Thosaigh sé ag seinnt go réidh cúramach ach go tobann d’éalaigh sé ón bhfonn. Tháinig sceon orm. Bhí botún déanta aige – nó sin a cheap mé. Ach chomh héasca céanna shleamhnaigh sé ar ais chuig an bhfonn agus thángamar isteach leis mar a bhí beartaithe againn, le críoch a chur leis an bpíosa.

Thuigeas ní ba dhéanaí, ar leibhéal an-domhain, go raibh an fonn méadaithe aige. Feabhsaithe. Go raibh sé tar éis breis a fháil sa bhfonn nach raibh cloiste againn, agus ní ba thábhachtaí fós, go raibh an scil aige an rud breise seo a leanúint agus a aimsiú.

Suaite in Toronto

Ba in Toronto, i lár an soundcheck, cois chósta Loch Ontario, ag féile an *Waterfront *a tháinig na chéad chúpla nóta de “Andy’s Bar” chugam. Meán Fómhair 1998. Bhíos suaitecrá croí orm mar gheall ar chúrsaí grá agus bhí teannas sa ghrúpa –bhí deireadh tréimhse fada taistil tagtha agus bhíomar uilig spíonta.

Thuigeas, áfach, go raibh ní éigin suntasach tagtha chugam. D’éalaigh mé go háit chiúin cúlstáitse le mo Walkman agus m’fheadóg stáin le hiarracht a dhéanamh greim a fháil ar na nótaí a bhí ag teacht chugam mar shruth easa.

D’fhanadar liom an deireadh seachtaine ar fad agus nuair a d’fhill mé ar m’árasán ar Shráid na Mainistreach, síos beagán ó Arnott’s, thosaigh mé ag cur slachta ar an bhfonn agus trácht na sráide mar chomhfhuaim ar chumha an phíosa.

“Ar an Imeall” a thugas air.

De réir mar a sheinn mé é, tháinig leagan tapaidh de chugam chomh maith. B’fhéidir gurbh é an trácht a mhúscail chun fuinnimh mé. Níl a fhios agam ach gur chuidigh an luas spreagúil le mo ghiúmar beagán. “Talamh Slán?” a thugas ar an gcuid sin.

Bliain níos déanaí agus muid ag taifeadadh an albaim Lemonade & Buns, chuireamar fonn de chuid Dee idir an dá fhonn thuas agus thugamar “Andy’s Bar” ar an bpíosa iomlán. Bhí muid réasúnta sásta leis ach bhí ní éigin in easnamh agus chinneamar ar chuireadh a thabhairt do Liam Ó Maonlaí an pianó a sheinnt air.

Amach linn mar sin chuig stiúideo beag dorcha Shea Fitzgerald (www.musicmint.net) i nGlas Tuathail i ndeisceart na cathrach. Triúr den bhanna a bhí ann, Liam agus Shea a bhí ag déanamh innealtóireachta dúinn. Shuigh an triúr againn ó Kíla go mífhoighneach os comhair Liam ag breathnú agus ag éisteacht go ríchúramach le gach nóta (uaireanta mar cheoltóir tig leat a bheith róghar don cheol).

Ach tar éis cúpla nóta thuigeas go raibh draíocht an damhsa ina mhéaracha agus thosaigh mé ag smaoineamh ar “Rosc Catha na Mumhan” agus ar Fheis Átha Cliath. Thuigeas go raibh an fonn cloiste aige, go méadódh sé agus go bhfeabhsódh sé é agus go raibh an scil aige greim a fháil ar an mbreis a mhothaigh sé. Thuigeas go gcloisfeadh sé mo chrá croí in Toronto sa chéad phíosa agus an ghiodamaíocht fhuinniúil an dara cuid.

D’fhág mé an stiúideo agus d’imigh béal dorais go Juggy’s Well le cupán tae a ól. Ní raibh aon ghá dom a bheith ann fad is a bheadh Liam ag aimsiú na breise. Thuigeas go rabhamar ar Thalamh Slán.

*Tá albam úr Liam Uí Mhaonlaí, *Rian, le fáil ar www.liam-o-maonlai.com

Tá MP3 saor in aisce de ‘Ar an Imeall’ le fáil ar www.kila.ie/discography/lemonade_buns,asp

*Tá *Lemonade & Buns le ceannach ar www.kila.ie/shop/

*Tá an fonn iomlán le ceannach mar íoschóip fuaime ó *www.tradtunes.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.