CÚINNE NA nEALAÍON
Taispeántas Giacometti i nDánlann Villa Borghese na Róimhe
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chorraigh taispeántas dealbhóireachta sa Róimh croí Chiara Nic Gabhann. Dealbhóir cáiliúil na hEilbhéise, Alberto Giacometti, a shnoí an saothar eisceachtúil seo.

Íomhá
Alberto Giacometti ar nóta na hEilbhéise
(curtha ag Schultz ar Vicipéid)
Íomhá
Cara Giacometti, Samuel Beckett
(le Leabharlann Náisiúnta na Fraince ar Vicipéid)
Íomhá
Jean-Paul Sartre le Simone de Beauvoir c. 1920aidí
(ar Vicipéid)

Taispeántas suntasach é seo ó láimh an dealbhóra Eilbhéisigh Giacometti, a mheabhraíonn duit an neart atá i gcolainn an duine de réir mar a bhí sé samhlaithe ag mórealaíontóirí le linn na hAthbheochana, sa Ré Bharócach agus sa Ré Nuachlasaiceach - agus ag figiúirí sprionlaithe truamhéalacha Alberto Giacometti - atá le feiceail i ndánlann álainn an Villa Borghese.

Déanann saothar lom cnámhach Giacometti, atá i seomraí áirgiúla maorga an Villa, codarsnacht láidir dhrámatúil le dealbhóireacht Bharócach Gian Lorenzo Bernini, mar shampla, agus saothar Nuachlasaiceach Antonio Canova. In áit an chraicinn mhín shíodúil a chruthaigh Canova ina dhealbh, Pauline Borghese (1805-8), nó matán teannta Apollo (Apollo agus Daphne 1622-25)) le Bernini, feictear go ndéanann Giacametti tochailt dhomhain ar a chuid figiúirí go dtí nach bhfuil fágtha díobh sa deireadh ach cruthanna leochailleacha sobhriste. Tá 40 cionsaothar de chuid Giacometti le feiceail sa tsárthaispeántas seo, ina measc, seoda mar: Buste de Diego (1954) a bunaíodh ar a dheartháir Diego agus Femme de Venise V (1956).

Dúirt Giacometti, agus é ag caint leis an léirmheastóir David Sylvester gur rud neamhdheontach a bhí ina mhodh oibre agus gur mheas sé féin go raibh fírinne agus beocht ag baint le comhréireanna caola a chuid dealbh nár mhothaigh sé nuair a d’amharc sé ar dhealbhóireacht chlasaiceach. Mar léiriú air seo, dúirt sé nuair a chonaic sé dealbhóireacht Ghréagach, agus é ar cuairt ar Iarsmalann na Breataine, nach bhfaca sé ach clocha móra marbhánta, rud a bhí i gcodarsna, dar leis féin, le heisint an fhíordhuine.

Cuairt Giacometti ar Flórans

Thug Giacometti a “chuairt mhór” ar an Iodáil idir 1920-21, turas a bhí coitianta ag ealaíontóirí agus ag an uasalaicme san am, agus chuaigh sé i dteagmháil leis an ealaín chlasaiceach, nuachlasaiceach agus bharócach ansin. Ba é an fhoirm stílithe, shiméadrach a chonaic sé i ndealbhóireacht na hÉigipte in iarsmalann i bhFlórans, áfach, is mó a chuaigh i bhfeidhm air, agus tá an tionchar seo le brath ar a shaothair sa taispeántas.

Deir Christian Klemm, coimeádaí an taispeántais agus saineolaí ar Giacometti, go gcuireann an tsraith dealbhóireachta dar teideal L’Homme Qui Marche, seargán ag teacht amach as fearta i gcuimhne duit agus ainneoin na leochailleachta a bhaineann leo, go bhfuil láidreacht sna dealbha fosta.

Thosaigh Giacometti ar an tsraith seo i 1946 nuair a bhí sé ina chónaí i bPáras, mar leacht cuimhniúcháin ar íobartaigh na Naitsithe agus fulaingt an chine dhaonna. Is mór an tionchar a bhí ag an eiseachas ar a shaothair agus bhí sé cairdiúil leis na scríbhneoirí Jean-Paul Sartre agus Samuel Beckett. Dúirt Beckett agus é ag caint faoi Giacometti, gurb é an spreagadh ba mhó a bhí aige na rudaí nach raibh inréitithe aige. Ba ghnách leis an bheirt acu dul ag ól le chéile i Montparnasse áit ar chaith siad, de réir dealraimh, sealanna pléisiúrtha ‘tostmharai gcomhluadar a chéile.

Loime an tSaoil agus Searc don tSaothar

Chaith Giacometti a shaol oibre i gceardlann bheag uiríseal i bPáras, nach raibh ann ach ‘poll’ mar a dúirt sé féin, ach ar bhealach éigin, réitigh an loime seo lena luiteamais dhorcha féin. Nuair a fuair sé bás i 1966 bhí an áit lán le saothar nár críochnaíodh riamh, agus a thaispeáin gur fear a bhí ann a d’oibrigh gan stad gan staonadh ar feadh a shaoil.

Is beag a shíl aon duine ag an am go dtiocfadh oidhreacht chomh saibhir fairsing sin amach as an cheardlann bheag shuarach seo agus mar chuid den oidhreacht sin go mbeadh L’Homme Qui Marche I , a díoladh ag Sotheby’s i Londain ar $104.3m i 2010, an cionsaothar dealbhóireachta is costasaí a cuireadh ar ceant riamh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.