Taisce Focal
Gordon McCoy, Gordon McCoy, Róise Ní Bhaoill Róise Ní Bhaoill

Ábhar d’fhoghlaimeoirí ag an mheán- agus ardleibhéalMaterial for learners at intermediate and advanced levels

Íomhá
Cartún le Seámn Ó Domhnaill

Taisce Focal

Sa tsraith seo, cuirfidh Gordon McCoy agus Róise Ní Bhaoill cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díreoidh siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: Cúrsaí éadaigh.

Bíonn caidreamh ar leith idir an foghlaimeoir agus an cainteoir dúchais a bíos ag obair le chéile nó is díol iontais do dhuine amháin an duine eile. Glac Róise, a bhíodh ag spalpadh aisti agus ag cur thairsti faoi seo agus siúd, agus gan barúil dá laghad aici go raibh Gordon ansin ar an tsuaimhneas i gcónaí ag cur focal i dtaisce. Cé go raibh a chroí amuigh ar a bhéal, d’admhaigh sé sa deireadh go raibh an cleachtas seo ar bun aige; nuair a shocraigh rudaí, chinn muid bailiúchán beag a dhéanamh de na rudaí ar chuir Gordon sonrú iontu. Sa chéad bhailiúchán seo charn muid suas na focail agus frásaí sin is féidir a úsáid agus tú ag caint faoi éadach nó do cheirteach.

Bíonn an tréimhse sin i do shaol nuair atá coibhneas tréan idir an scáthán agus tú féin, nuair nach bhfuil ar d’intinn ach an bóthar a bhualadh agus splanc a bhaint as an tsaol. Is dual duit a bheith ag iomarscáil le ball éadaí ag iarraidh tú féin ‘a dhéanamh suas’ le dhul amach. Is í an duine deireanach is mian leat a fheicéail nuair atá tú cluimhrithe nó do mháthair. Ach ní imíonn a dhath uirthi agus díreach nuair atá cos amháin istigh agus ceann eile amuigh agat ligeann sí liúigh aisti féin: “Gabh isteach anseo go bhfeicfidh muid tú”. Titeann do chroí agus fáisceann tú do chóta thart ort féin ag dúil nach dtabharfaidh sí faoi deara go bhfuil fáinne i d’imleacán agus do bholg ar ais nó tá bean de chuid na comharsan istigh agus tá a fhios agat go maith nach ligfear chun siúil tú go mbainfear cuid den ghus asat. Char mhaith duit cloigeann mhór a bheith ort. Ach tá an óige leat agus déanann tú neamhiontas den “A Dhia inniu, an bhfeiceann aon duine siúd, tá aos óg an lae inniu ar shiúl os comhair an tsaoil agus gan tointe orthu” nó tá tú dubh san aghaidh ag éisteacht leo ag caint fá seo.

Éalaíonn tú chomh tiubh géar agus a thig leat sula ndeir do mháthair “Beidh an saol ag caint ort, caith duit sin nó níl cuma ná déanamh air”. Is mór an gar go bhfuair tú éalú nó d’imeofá ón tsaol ach a bheith ag éisteacht leo beirt ar ábhar éidithe an aosa óig. Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí. Ansin déarfaidh siad nach bhfuil ceann críonna sa tír nuair a thig sé go ceannacht éadaí na laetha seo nó níl tointe dá dtig siad ‘na bhaile leo atá saolach. Lena chois sin, bí cinnte go ndéarfaidh siad go bhfuil siad dubhthinn ag amharc ar an chnap éadaí atá ina luí fán teach nár chuir duine ná deoraí suas ar a ndroim ariamh.

Is ábhar caibidle an nós atá ag corrdhéagóir iad féin a fholach i ngeansaithe móra musacha nach bhfuil dath ar bith orthu fosta. Ach níl sásamh le déanamh orthu nó níl siad róthugtha don éadach bhléascach ach an oiread. “A Dhia na glóire, cá bhfuair tú sin, ní chaillfear cibé thú”. Agus nach bí ag déanamh go n-éalaíonn an stócach ach an oiread, nó chítear dóibh go dtig cearr beag ar an bhuachaill ag tús na ndéaga, gur cinéal ceamach go minic an glas-stócach, go mbíonn sé ar shiúl agus a ruball amuigh ar a thóin, nó a gheansaí siar aniar nó má tá cuma an cheamaigh amach air é taobh istigh amuigh fosta.

Is ábhar tinnis dóibh fosta an easpa tuigbhéala atá ag an aos óg ar an rud a fhóireann daofa, nó gur minic iad ag dul thart agus éadach suaithní orthu. Ach bíodh uchtach agat má deir siad “Caith sin duit. Ní fhóireann sé duit ar dhóigh amháin ná an dóigh eile”. Tá leat, mar is dócha go sílfidh do chuid cairde go bhfuil tú breá cluimhrithe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.