RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: lánúin ag scaradh óna chéile.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Bhuail tallann anó agus éadóchais Tomás agus é ina shuí ag barr an staighre ag éisteacht leis an racán a bhí thíos. Bhí a cheann crom aige agus bhí sé crupaithe isteach air féin mar bheadh sé ag iarraidh é féin a chosaint. Bhí deora ag siúl ar a shúile ach níor shil sé iad nó ní bheadh maith leo. Ní dhéanfadh sé lá difir don seanchogadh seo idir a athair agus a mháthair a bhí ag cruinniú urraí agus a raibh an dubhchleachtadh aige air.

Cé nach raibh Tomas ach ag tarraingt ar ocht mbliana, bhí a fhios aige go maith go raibh deireadh ag teacht le pósadh a chuid tuismitheoirí. Agus cé go raibh an croí ag réabadh ina ucht ag smaointiú go scarfadh siad, bhí sé anois den bharúil gur cineál faoisimh a bheadh ann, dó féin agus don bheirt acusan. Ba bheag an tsócmhainn aige iad a bheith i gceann a chéile na laetha seo, nó bhí siad beirt chomh colgach sin gur thóg an rud ba lú amuigh iad. Bhí sé dubhthuirseach den troid agus den scansáil. Rinne sé iarracht ceist a chur orthu ina nduine agus ina nduine an raibh siad ag scaradh, ach is deamhanta na bréagadóirí tuismitheoirí nuair a fhoireann sé daofa.

“Cad é faoi Dhia a thug sin i do cheann,” a dúirt a athair agus bhuail sé bos chroíúil air sa droim.

“Cad é an cineál ceiste sin,” a dúirt a mháthair leis agus líon a cuid súl. Thug sí uachtar reoite agus anlann seacláide dó ansin ionann agus a rá go gcneasfadh sin an ghoimh agus go bhféadfadh sé dearmad a dhéanamh den ábhar.

Ach an oíche chéanna bheadh siad ar obair arís. Ní bheadh ann ach scairteach, an bhúireach agus doirse ag éirí de na hinsí. Bhí siad uilig ag fulaingt. Bhí a mháthair ag dul as aithne, bhí an oiread sin meáchain caillte aici, agus bhí cuma ghiobach sheanchaite ag teacht ar a athair. Bhí Tomás é féin dá chuid agus b’ábhar buartha ag cuid dá chuid máistrí scoile nach chun tosaigh a bhí Tomás ag dul ach chun deiridh. Ach is cuma cé chomh holc agus a bhí rudaí ní chuirfeadh Tomás an cheist arís. Bheifí ag cur ina leith gur ag ceastóireacht orthu a bhí sé lena chuid ceisteanna amaideacha.

Ach ina dhiaidh sin agus uile, is léir go dtug cuid ceisteanna Thomáis ábhar machnaimh dona chuid tuismitheoirí, nó tráthnóna amháin agus é ag teacht ón scoil tháinig a athair ina araicis agus dúirt sé: “Tá do mhamaí sa chisteanach ag fanacht leat agus tá rud inteacht ba mhaith linn a inse duit.”

Níor dhúirt Tomás faic nó cé go raibh sé ag dúil leis an lá seo le fada anois ní raibh sé ag dúil go dtiocfadh an oiread sin tochta air go mbeadh sé balbh. Lean sé a athair isteach chun na cisteanaí.

“Suigh síos, a thaisce,” arsa a mháthair. “A Thomáis, is dócha go bhfuil a fhios agat cad é ábhar an chomhrá seo.”

Chlaon Tomás a cheann ina treo, ag tabhairt le fios di gur thuig sé go maith cad é a bhí fúthu.

“A Thomáis,” arsa an t-athair, “tá cuid mhór cainte déanta agam féin agus do mháthair, agus tá cinneadh déanta againn go gcaithfidh muid tamall a chaitheamh inár gcónaí ar shiúl óna chéile.”

“Níl réiteach ar bith eile air,” arsa a mháthair. “Beidh Daidí ag fáil áit úr agus beidh tú ábalta dul ar cuairt aige. Fanóidh muidinne anseo sa dóigh is nach gcaithfidh tú do scoil a athrú nó a dhath mar sin.”

“Bhuel,” arsa an t-athair, “nach bhfuil a dhath le rá agat?”

Bhris an caoineadh ar Thomás agus ní raibh sólás le tabhairt dó.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.