RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí gruaige

Chuaigh Màiri chuig an ghruagaire oíche Déardaoin mar ba ghnách. Bhí coinne déanta aici le seachtain anois ach má bhí féin, bhí scuaine ina suí roimpi agus gach bean agus gaosán sáite in iris de chineál inteacht. Bheadh sí anseo go dtiocfadh thiar aniar de réir cosúlachta. Chuaigh sí anonn chuig an fháilteoir a bhí ina suí ansin agus a soc ar a bos aici. “An bhfuil coinne agat? “ ar sise go sotalach.

“Tá,” arsa Màiri.

“Ainm?” arsa an fáilteoir.

“Màiri Mhic Dhomhnaill,” arsa Màiri.

“Ó, tchím anseo tú. A sé a chlog,” arsa an fáilteoir. “Mar a tchíonn tú romhat, tá muid cinéal gnaitheach. Déarfainn go mbeidh tú ag fanacht tamall.”

“Tá an chuma sin air,” arsa Màiri.

“Suigh thusa síos agus beir ar iris acu sin agus gheobhaidh mise rud inteacht le hól duit. Tae nó caife?

“Tae,” arsa Màiri.

“Bainne, siúcra?” arsa an fáilteoir.

“Níl ólaim ceachtar acu,” arsa Màiri.

Shuigh Màiri síos agus d’imigh an fáilteoir léi leis an tae a dhéanamh.

Thosaigh Màiri a mhéaradradh fríd an iris ach bhí sí dubhthinn ag amharc orthu agus, cibé, b’fhearr léi i bhfad a bheith ina suí ag cúléisteacht leis na gruagairí. Ar dhóigh, ní cúléisteacht a bhí ann ar chor ar bith nó bhí na gruagairí ag caint i seanaird a gcinn agus iad ag fiacháil a nguthanna a bheith cluinste os cionn ghiuirléidí a gceirde, idir thriomadóirí gruaige agus eile.

“An bhfuil a fhios agat seo?” arsa bean acu, “bhí mé réidh léi agus an ghruaig agus eile déanta. Anois dúirt mise léi, ‘Jennifer Aniston, má chonaic mé a cosúlacht ariamh’.”

“Rinne tú éacht más í an bhean atá mo cheannsa a bhí ann,” arsa an gruagaire eile.

“Bhuel, an bhfuil a fhios agat cad é a rinne sí ansin?”

Chroith an dara gruagaire a ceann.

“Thóg sí cíor agus rinne sí bróis cheart den mhéid a bhí déanta agam agus le tréan diúnais dúirt sí, ‘Ní maith liom Jennifer Aniston’. M’anam, ní fhaca mé a leithéid ariamh.”

Nach cuma duit,” arsa an dara bean. “Nach bhfuil an t-airgead i do phóca agus dheamhan a miste liomsa mura ndallann sí an doras arís.”

“Is dócha go bhfuil an ceart agat, ach ina dhiaidh sin agus eile, b’olc an mhaise aici a leithéid a dhéanamh. Dá bhfeicfeá an ghruaig a bhí uirthi fosta; bhí folt tiubh catach uirthi agus nuair a bhí sin dírithe agus slíocaithe agam bhí an dá lámh síos liom, tá mé ag inse duit.”

M’anam go raibh. Ní bhíonn lá buíochais ag corrdhuine,” arsa an dara bean.

Choinnigh an bheirt ghruagairí ag caint leo agus iad ar an iúl chéanna agus níor mhothaigh Màiri an t-am ag dul isteach go dtí gur chuala sí an gruagaire ag rá, “ A Mhàiri, tá mé iontach buartha tú a choinneáil, ach mar a tchí tú tá rudaí ag cineál ag éirí thuas orainn anseo.”

“Tuigim,” arsa Màiri agus shuigh sí isteach os comhair an scátháin ag dúil nach luafadh duine ar bith ‘Jennifer Aniston’.

“Cad é a ba mhaith leat mé a dhéanamh inniu?” arsa an gruagaire.

“Bhuel, ba mhaith liom athrú. Tá grágán iontach orm,” arsa Màiri. “Tá sé ina sprios ceart agus thug mé faoi deara go bhfuil scead liath ag toiseacht ar chúl mo chinn, díreach mar atá ar m’athair.”

“Tchím,” arsa an gruagaire. “Is dócha gur cineál inteacht datha atá de dhíobháil ort. Sílim gur an rud is fearr dúinne a dhéanamh ná cúpla imir datha a chur thall agus abhus. Tá cloigeann bhreá gruaige ort agus beidh sí breá ábalta an dath a iompar. Cineál donn báite an dath atá ar do ghruaig anois; tógfaidh na himireacha an dath agus beidh tú i do bhean úr. Cuirfidh muid imireacha fionnrua, donnrua, agus rud beag bídeach deargrua fríd. Bíonn sé doiligh réiteach a fháil den ghruaig atá geal-liath ach dhéanfaidh mé mo dhícheall. Is cuma cad é mar a bheas sí, ní bheidh sí chomh feiceálach agus a bhí. Cad é fá sin?

Stróic leat,” arsa Màiri, “ach ná bí ró-throm ar an imir dheargrua.”

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.