RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag mothú neirbhíseach roimh chaint phoiblí.

Íomhá
Íomhá

Bhí Seoirse ag creathnú roimh an chaint a bhí le tabhairt aige le linn na comhdhála nó níor sheas sé ariamh os coinne scaifte roimhe sin. Nach air a bhí an seachrán céille nuair a d’aontaigh sé an diabhal rud a thabhairt.

“Samhail,” ar seisean lena chara Pól, “beidh mé i mo sheasamh ar an ardán agus gan idir mé agus iad ach cúpla slat. Cad é má bhíonn bac cainte orm nó má éirím bliotach nó má thig stad iomlán ar mo chuid cainte?”

Seo,” arsa Pól, “bíodh crathán céille agat. Sin an imní ag caint,” agus é ag cothú cuid muiníne Sheoirse.

“An bhfuil a fhios agat seo,” arsa Seoirse, “tá seachtain caite agam ag cleachtadh na cainte seo. Chaith mé seal i mo sheasamh os comhair scátháin fiú ach chomh luath is a smaointím ar an scaifte sin, agus iad uilig ag amharc aníos orm, ní thig focal amháin féin chun cuimhne.”

“Beidh tú i gceart,” arsa Pól. “Is é an cleas a chuala mise ná go n-amharcann tú amach tharstu agus do dhá shúil a dhíriú ar an bhalla taobh thiar daofa. Sin nó ligean ort féin go bhfuil gach diabhal duine acu lomnocht. Ach b’fhéidir go scanródh sin níos mó ná an chaint tú.”

“Nach tú atá greannmhar. Sin a bhfuil de dhíth orm anois – do leithéidse a bheith ag spochadh asam,” arsa Seoirse.

Ná bíodh lá buartha ort, rachaidh agat,” arsa Pól. “Éist, ádh mór ort nó ní fheicfidh mé roimh an chaint thú. Caithfidh mé giota a bhaint dó anois.”

“Táthar ag dúil leat sa bhaile, is dócha,” arsa Seoirse agus é míshásta go maith.

“Tá. Beidh mo chuid réidh ag Síle agus tá a fhios agat Síle; níor mhaith don dinnéar fuarú.”

“Níor mhaith. Ná bímse do choinneáil,” arsa Seoirse. Chlaon Pól a cheann agus siúd amach an doras é.

Chomh luath agus a d’imigh Pól thoisigh Seoirse a charnadh suas a chuid trioc uilig: an ríomhaire, an guthán póca, a chuid páipéarachais. Shiortaigh sé fríd moll mór ceirtigh a bhí ina luí ar a leaba go dtí go dtáinig sé ar léine nach raibh róshalach agus sháith sé síos ina mhála fosta í.

Bhí tacsaí curtha in áirithe aige agus ann ach go raibh a mhála druidte aige nuair a chuala sé adharc an tacsaí. Bhí an oiread sin de dhriopás air agus é ag déanamh ar an doras go ndeachaigh sé thar a chois agus leonadh an murnán aige. Ní raibh a dhath fána choinne ach bacadú leis amach go dtí an tacsaí.

D’fhág an tacsaí ag halla na léachta é agus isteach leis.

Thit an croí aige nuair a chonaic sé an scaifte a bhí cruinnithe. Bhí cuma air go raibh a raibh sna ceithre hairde fichid cruinnithe agus, cibé nach raibh ann, bhí Pól ann nó fuair sé sceiteadh dá shúl air. Bhí an cinéal sin síosóige sa halla a bhíonn ann go minic nuair a bhíonn scaifte cruinnithe, ach chomh luath is a chuaigh cathaoirleach na hoíche suas tháinig sos ar a raibh ann. Chuir sé in aithne Seoirse agus cibé cotadh a bhí air roimhe sin, d’imigh sé, agus má thosaigh sé a chaint, chan ar leathchois a rinne sé é.

Nuair a bhí an léacht tugtha aige, d’amharc sé síos go bhfeicfeadh sé aghaidh Phóil ach bhí seisean ina chnap codlata. Chuir teas an tseomra sámhán codlata air.

Ní róshásta a bhí Seoirse.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.