RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: páiste scaipthe.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Bhí cuid crág Mháire lán plúir nuair a thug sí faoi deara go raibh sí gann i mblách. “A Shíle!” ar sise lena hiníon, “tabhair rúid ghasta chun an tsiopa agus faigh pionta bláiche. Níl go leor agam leis an toirtín seo a dhéanamh. Ná caith rith an lae ina cheann ach an oiread. Gheobhadh tú briseadh sa sparán sin thall.”

“Cá bhfuil an sparán?” arsa Síle.

“Thall ar an phrios mhór,” arsa a máthair.

Shiortaigh Síle fríd an truflais uilig a bhí ina luí ar bharr an phriosa go bhfuair sí sparán a máthara. Bhain sí bonn euro as an sparán agus sháigh sí ina póca é.

“Ná bí i bhfad anois, a Shíle, tá deifre orm leis,” arsa Máire agus Síle ag déanamh ar an doras.

“Ní bheidh, a Mhamaí,” arsa Síle.

Cé nach raibh an siopa ach fá cheann chúig bhomaite den teach, ní raibh scealbh ná scéala ar Shíle i ndiaidh leathuaire.

“Cá háit faoi Dhia a bhfuil Síle?” arsa an mháthair agus í ag amharc amach ar fhuinneog. “Cé a rachadh ina muinín?”

Nigh Máire a cuid lámh agus chuaigh anonn i dtreo na fuinneoige. Bhí a fear ina shuí chuig bord anois ag ól cupa tae. D’amharc Máire amach ar an fhuinneog go bhfeicfeadh sí an raibh iomrá ar bith ar Shíle.

“An bhfeiceann tú Síle,” arsa sise lena fear, “ghlacfá tine a chur fúithi.”

“Ó, a rún,” arsa an t-athair, “tá agus bhí sí ariamh chomh falsa le breac.” Ach bhí a fhios ag Máire nach falsa a bhí Síle ach gur ar shiúl leis na féileacáin a bhí sí bunús an ama.

“Sin Síle agat,” arsa an mháthair agus í ag amharc ar an iníon ag teacht aniar an t-ard agus céim anois agus céim arís léi.

Tháinig Síle isteach chun an tí.

“A Shíle,” arsa an mháthair, “cá háit faoi Dhia a raibh tú? Nár iarr mé ort a bheith ar ais anseo chomh tiubh géar agus a thiocfadh leat?”

Shín Síle a cuid guailneacha i dtreo a cuid cluas agus chuir sí cineál pus uirthi féin.

“Tá mé anseo anois,” ar sise. “Seo an blách.” Agus shín sí an pionta anonn i dtreo a máthara. “Chonaic mé babaí úr Éilis Uí Néill,” ar sí.

“An bhfaca? Cé bhfuil sé cosúil leis?” arsa an mháthair.

“Níl a fhios agam,” arsa Síle, “ach tá sé chomh ramhar le muc.”

“Ó, bhal,” arsa a hathair, “bois cois cosúil leis an athair, mar sin.”

“Idir an bheirt agaibh!” arsa an mháthair agus d’oscail sí an pionta bláiche agus chuir isteach sa bhabhla é agus mheasc léi.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.