RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag cuartú tionónta le hárasán a roinnt.

Bhí Dara agus Liam ag géarú ar a gcoisíocht de réir mar a bhí siad ag tarraingt ar an árasán. Bhí siad ag dúil go mbeadh cúpla teachtaireacht ar an inneall freagartha nuair a bhainfeadh siad an t-árasán amach nó bhí siad ar thóir tionónta úr le coicís agus ní raibh glao amháin faighte acu faoin tseomra go fóill.

“Cad é faoin spéir a dhéanfaidh muid mura bhfaigheann muid duine eile? Ní bheidh mise agus tusa ábalta an cíos a iompar muid féin,” arsa Dara.

“B’fhéidir go mbeadh rud inteacht ar an inneall freagartha anocht,” arsa Liam agus é ag sáthadh na heochrach sa ghlas. Chas sé an eochair agus isteach leo.

“Tá an solas lasta ar an inneall cibé. B’fhéidir go mbeidh rud inteacht ann anocht,” arsa Liam agus chuaigh sé anonn agus bhrúigh sé cnaipe.

Bhí trí theachtaireacht ar an inneall – beirt stócach agus cailín amháin. Bhí siad uilig ag iarraidh a theacht ag amharc ar an árasán an oíche sin.

Cuireadh na cosa orthu uilig inniu,” arsa Dara.

Is mór an gar,” arsa Liam, “nó dá mbeadh muid ag iompar an chíosa seo cúpla mí eile bheadh muid chomh daibhir le daol dubh.”

“Órú, bíodh crathán céille agat,” arsa Dara. “Ní chuirfear amach ar an doras muid tamall eile.”

“An mothaíonn tú an fear atá ag caint,” arsa Liam, “agus gach pingin rua atá aige caite ar dhlúthdhioscaí agus faisean.”

“Tá a fhios agam, ní fhéadann tú a rá, ‘Tig an cruatán i ndiaidh an chaite’,” arsa Dara. “B’fhéidir go mbeadh cúpla pingin bhreise againn an mhí seo chugainn, má bhíonn aon duine acu seo ag fóirstean. Glaofaidh mé orthu, agus thig leo a theacht ina nduine agus ina nduine idir a seacht agus a naoi a chlog. Cad é do bharúil?” arsa Liam.

“Dhéanfaidh sin gnaithe bréa,” arsa Dara. “Bhéarfaidh sé deis dúinn cuma inteacht a chur ar an áit sula dtig siad.”

Bhuail an chlog ar phointe a sé agus ba Dara a chuaigh go dtí an doras. Bhí fear beag íseal ina sheasamh roimhe agus cuma air go raibh sé crupaithe leis an fhuacht, cé go raibh lá breá te ann.

“Isteach leat,” arsa Dara. “Tá an seomra suí díreach romhat ansin.”

Niall a bhí air, a dúirt sé, agus bhí sé ag obair i mbanc i lár na cathrach.

“Airgead,” arsa Liam leis féin ach ba chuma le Dara dá mbeadh na múrtha airgid aige - bhí cuma ar an fhear nár luigh an ghrian ar a chraiceann ariamh. Mheas sé go mbeadh sé ina shuí suas san árasán i rith an ama agus go mbeadh siad tinn ag amharc air. Rinne siad tamall eile comhrá leis agus dúirt Dara: “Tá cúpla duine eile le feiceáil againn. Cuirfidh muid glaoch ort san oíche amárach.”

D’éirigh Niall agus chroith sé lámh go foirmeálta leo agus rinne sé ar an doras. Ní raibh sé i bhfad ar shiúl nuair a bhuail an chlog arís. Liam a chuaigh go dtí an doras an iarraidh seo. Nuair a d’fhoscail sé an doras bhí cailín óg ina seasamh roimhe, a raibh gruaig go coim uirthi agus gach dath faoin spéir ar a cuid éadaí.

“Aedín,” arsa sise le gáire agus isteach léi gan chuireadh gan fáilte. “An seo an bealach?” ar sí ag amharc siar ar Liam, a bhí ina sheasamh ansin agus murlán an dorais ina lámh ar fad. Ní dhearna sé ach a cheann a chroitheadh.

D’éirigh Dara ina sheasamh nuair a chonaic sé í ag tarraingt air.

“Aedín,” ar sise arís.

“Dara,” ar seisean, “agus sin Liam.”

Bhí Aedín ina hoibrí sóisialta agus bheadh sise amach agus isteach san árásan nó ní raibh uaireanta rialta aici, ach bhí páighe rialta aici agus ní bheadh fadhbanna ar bith aici leis an chíos. Bhí siad sáite an oiread sin sa chomhrá gurbh ann ach gur chuala siad cloigín an dorais an tríú huair.

“Sin an chéad duine eile,” arsa Liam. “Beidh …”

“Tá a fhios agam,” arsa Aedín, “cuirfidh sibh scéala chugam.”

Lig Liam amach í agus ina sheasamh roimhe ar leac an dorais bhí píle ard fir agus madadh ar adhastar aige. Shín sé amach a lámh. “Rufus,” ar seisean. Ní raibh Liam cinnte arbh é féin nó an madadh Rufus ach ansin dúirt sé, “Seo Hennessey” agus é ag síneadh a mhéire i dtreo an mhadaidh.

“Tchím,” arsa Liam agus lean an bheirt isteach sa teach é.

Shuigh Rufus ar an tolg agus bhí an tolg chomh híseal sin agus cuid cos Rufus chomh fada sin gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige.

Bhí Rufus ag obair mar shaorchonraitheoir. Obair ríomhaireachta a bhí aige agus bheadh sé ag obair ón bhaile cuid mhór.

“An bhfuil banda leathan agaibh?” arsa Rufus.

“Níl,” arsa Dara agus fios maith aige go raibh. Ní raibh fonn air Rufus agus Hennessey a bheith i lár an tí aige oíche agus lá, agus idir sin agus gan teacht isteach rialta a bheith aige, ní raibh sé ar bharr liosta Dhara.

“Beidh muid i dteagmháil leat,” arsa Liam le Rufus agus iad ag dul i dtreo an dorais.

Nuair a tháinig sé ar ais, d’amharc Liam agus Dara a chéile agus dúirt d’aonghuth: “Aedín”.

Agus chuir siad glaoch ar a guthán póca leis an dea-scéala a inse di.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.