RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag socrú lóistín.

Níor chaith Colm nó Siobhán Lá Fhéile Pádraig i mBaile Átha Cliath ariamh. Bhí sé de rún acu deireadh seachtaine iomlán a dhéanamh de, nuair a bhí siad ag dul dó. Fágadh fáil an lóistín ag Colm, agus bhí na súile dóite as ag amharc ar shuímh ghréasáin le seachtain anuas. Bhí coillte bánaithe aige ag bualadh amach táillí seomraí do Shiobhán.

Thuig sé anois an rud nár thuig sé roimhe sin, gurbh fhearr i bhfad dó áit a chur in áirithe é féin i ngan fhios di, ná is aici a bhí dúil sna tithe ósta daora. Bhí sé dubhthinn ag cíoradh bhuntáistí agus mhíbhuntáistí áite amháin thar an áit eile, cé acu a bheadh an teach ósta i lár an aonaigh, agus dá mbeadh cé acu a bheadh sé róchallánach. Níor mhaith a bheith muscailte i lár na hoíche ag baicle fear ag ceol "Get him to the church on time" nó chuala sé an t-iomrá a bhí ar an áit.

Ba thur an fháilte a chuir sé roimh an chur agus an cúiteamh seo uilig agus sa deireadh, nuair a bhí sé ag baint deireadh dúile do chinneadh, agus nuair a mheas sé go raibh sí ag dul thar an cheasaí, dúirt sé: “I ngeall ar Dhia, a Shiobhán, déan cinneadh. Muna ndéanann tusa é, dhéanfaidh mise é.”

“Nach tú atá furasta a thógáil,” arsa Siobhán. “Níl mé ag iarraidh ach bheith cinnte go bhfuil muid ag fáil an mhargaidh is fearr agus go mbeidh seomra deas againn a bhfuil rud beag sócúil ag dul dó. Cén dochar atá ansin?”

“Dochar ar bith, a fhad is nach gcaitheann muid an dara morgáiste a fháil le fanacht ann,” ar seisean ar ais.

“An mothaíonn tú siúd,” arsa Siobhán. “Shílfeá nach raibh pingin rua agat. Ní thabharfaidh sé an bás chugat cúpla punt breise a dhíol ar áit dheas, anois an dtabharfaidh?”

Mhol Colm léi nó chonaic sé go raibh na súile ag éirí tintrí aici agus dá ndiúltódh sé í, bheadh sí á chaitheamh suas dó go dtiocfadh thiar aniar. Ach ní thug sé isteach di go humhal.

“Pioc ceann anois, agus bí réidh leis,” ar seisean.

“Órú, tá tú chomh giorraisc. Milleann tú achan rud. Níl foighid ar bith agat.

Dhéanfaidh mé i m’am maith féin é,” arsa Siobhán. “Cibé, tá ceann a bhfuil mo shúil agam air anseo. An bhfaca tú é?

Shín sí ceann de na bileoga clóbhuailte anonn chuig Colm. Chaith Colm a shúil air, agus luigh a shúil ar luach an tseomra. Bhí sé daor, i bhfad ródhaor.

“Bhuel?” arsa Siobhán. “Cad é do bharúil? Tá cuma dheas air agus tá sé i ndeas d’achan rud. Tá a fhios agam go bhfuil sé rud beag daor, ach nach bhfuil sé chomh maith againn muid féin a mhilleadh anois is arís? Cibé, sábhálfaidh muid airgead ar thacsaithe, tá sé chomh lárnach sin,” ar sí agus rinne sí súile móra leis.

Thuig Colm go raibh sé buailte, agus mar a dúirt an fear a dúirt é mura dtaga leat tar leo. Dúirt sé le Siobhán: “Ní dócha go bhfuil á bhualadh le fáil.

Ní lá go fóill é!” arsa Siobhán “Shíl mé go gcuirfeá suas dó.

Má tá sé i do shásamhsa, tá sé i mo shásamhsa,” arsa Colm.

“An bhfuil an cárta creidmheasa leat?” ar sise.

“Tá,” arsa Colm go tromchroíoch.

“Féadaim á chur in áirithe, mar sin, nó b’fhéidir go mbeadh sé ar shiúl má fhanann muid oíche eile” agus chuaigh sí anonn i dtreo an ríomhaire leis an seomra a chur in áirithe.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.