Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ceannach bronntanas Nollag do pháistí.
“An bhfaca tú go bhfuil crainn Nollag i gcuid de na siopaí cheana féin?” arsa Risteard le Máire.
“Cheana féin,” arsa Máire “Ní fhéadfadh siad a bheith ag iarraidh na pingineacha a bhaint dúinn chomh luath seo sa bhliain. Tá an saol ag imeacht leis.”
“Féadann tú sin a rá. Níl ann ach cad é a thig leo a dhíol linn,” arsa Risteard.
“Sin é. Tá mé féin dubh san aghaidh ag na páistí ó thosaigh na fógraí bréagáin ar an teilifís. Tá siad ag ceastóireacht orm ó mhaidin go hoíche,” arsa Máire.
“Agus ag athrú a n-intinn darna achan bhomaite, má tá siad a dhath cosúil le mo chuidse,” arsa Risteard.
“Nach bhfuil a fhios agam,” arsa Máire. “*Barbie *bomaite amháin agus *Bratz *an chéad cheann eile agus, an bhfuil a fhios agat seo, nuair a gheobhas siad iad, beidh siad caite uathu i ndiaidh deich mbomaite.”
“Sin é,” arsa Risteard. “D’imigh an lá a raibh páistí ábalta am a bhaint as suáilcí simplí an tsaoil. Ní fhágann siad an teach na laetha seo ar chor ar bith ach ina suí suas ag amharc ar an teilifís nó ag greadadh ar *Gameboys *nó cluichí ríomhaireachta. Is iontach nach bhfuil na súile crosach orthu,” ar sé.
“Nuair a bhí mise beag,” arsa Máire, “chuirfí amach taobh amuigh muid, is cuma cén dóigh a bhí ar an lá, agus, an bhfuil a fhios agat seo, ní dhearna sé dochar ar bith dúinn.”
“Ní dhearna,” arsa Risteard, “ach tá mé ag meas nár shíl tú sin agus creatha fuachta ort agus eanglach i do chuid méar.”
Rinne Máire gáire agus chroith a ceann. “Is dócha nár shíl,” ar sí. “Ach, ag pilleadh ar an scéal, is é an rud a ghoilleann ormsa gur an lá deiridh acu é mura bhfaigheann siad go díreach cibé atá fogártha ar an teilifís. Agus tá mise ag inse duitse, ní furasta sin a fháil corruair.”
“Nach bhfuil a fhios agam,” arsa Risteard. “Nach iomaí Nollag a bhí mé féin agus Laoise sna creataí ag dul ó shiopa go siopa ar thóir na seoide ba dheireanaí a bhí uathu. Agus nuair atá deireadh ráite, cé go mbíonn pus orthu tamall, faigheann siad thairis má bhíonn Barbie *ann seachas *Bratz.”
“Bhuel, níl aithne agat ar bhean s’againne, más sin mar atá,” arsa Máire. “Caithfidh sí í féin síos ar an urlár, agus beidh an oiread sin de thallann uirthi go dtabharfá mionna go raibh sí sna smeachanna deireanacha.”
“Cad é a dhéanann tú? Caithfidh mé a rá go mbainfeadh sé stangadh asam féin,” arsa Risteard.
“Órú sin na fir agat, róbhog. Nuair atá sé feicithe agat céad míle uair, dhéanann tú neamhiontas iomlán di, agus nuair atá a racht ligthe aici, tig sí thart agus is í a bíos breá milis.”
“Níl croí ar bith ionat,” arsa Risteard ag gáirí. “Beidh sí ag scríobh a beathaisnéise amach anseo agus ag inse don tsaol mór cén cineál máthar a bhí aici.”
“Nach cuma liom. Nach bhfágfar an locht orainn is cuma cé acu aingeal ó neamh nó diabhal as Ifreann a bheas inti,” arsa Máire.
“Is dócha,” arsa Risteard. “Is nach bhfuil sé in am ag an Aingeal seo atá agat fios a bheith aici fá Dhaidí na Nollag?”
“Tá cinnte,” arsa Máire “Ach níl néal ar an bhean chéanna. Tá a fhios aici go maith gur fearr i bhfad cloí le Daidí na Nollag nó a athrach.”
“Is ar thoisigh tú go fóill?” arsa Risteard.
“Cad é? Ag ceannacht na mbréagán?” arsa Máire.
“Is é,” arsa Risteard.
“Órú, tá mé á chur ó lá go lá,” arsa Máire.
“Nach sin mar atá muid uilig,” arsa Risteard, agus rinne siad ar ais ar an oifig le tráthnóna oibre a dhéanamh.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)