Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag ordú bia i mbialann thar lear.
Bhí an biachlár Spáinnise ina shuí roimh Fhionntán agus dá mbeadh sé anseo go dtiocfadh thiar aniar ní thuigfeadh sé oiread agus focal amháin de. Ní raibh focal féin as an triúr eile a bhí leis nó bhí a ngaosánsan sáite sna biachláracha fosta. Nuair a bhí Fionntán ag baint deireadh dúile do tharrtháil de chineál ar bith, dúirt Ruán: “Sílim go n-aithním an focal ar fheoil ansin - feoil rósta. Sin an rud a gheobhas mise, cibé - uimhir 21.”
D’amharc sé ar an triúr eile agus cuid mhaith den ghus ina ghuth.
“Buíochas do Dhia go bhfuil a fhios ag duine inteacht cad é atá sé a dhéanamh. Tá mé stiúgtha agus ní thuigim focal dá bhfuil ar an rud seo. Beidh sin agamsa fosta,” arsa Fearghal.
D’amharc Fearghal ar an chuideachta agus duirt sé “Bhuel?” Lean siadsan an sruth agus d’ordaigh siad “uimhir 21”.
“Tá súil agam nach mbíonn seo i bhfad,” arsa Rónán. “Tá mo ghoile thiar ar mo dhroim nó níor ith mé greim ó tháinig an mhaidin.”
“Níor cheart go mbeadh sé i bhfad,” arsa Ruán. “Seo bialann thraidisiúnta agus bíodh i ngeall go bhfuil siad ag cur amach an cineál seo ruda darna achan bhomaite.”
Bhí cuma thraidisiúnta ar an bhialann ceart go leor. Bhí na creataí ar ais agus bhí leacacha *terracotta *an dín le feiceáil os a gcionn. Bhí an áit barrlán agus ba Spáinnigh bunús dá raibh istigh. Measadh gur sin comhartha maith agus shuigh an comhluadar siar ar a suaimhneas ag fanacht leis an bhia agus ag éisteacht leis an cheoltóir *Flamenco *ag éagaoin sa choirnéal.
“Níl sin ar dhóigh ar bith cosúil le cuid ceoil s’againne,” arsa Rónán.
“Do bharúil?” arsa Fearghal. “Duairceas, imirce agus briseadh croí?”
“Bhuel, tá sin ann, ach ní sin an rud a bhí mé a mhaíomh. Bhí mé ag smaointiú ar rithim an cheoil. Amharc ar a bhfuil thart orainn - thig leo coinneáil leis an cheol ó thaobh rithime de. Amharc orthu ag bualadh bos,” arsa Rónán.
Rinneadh mar a iarradh agus, cinnte go leor, dá mbeadh siad ansin go lá Sheoin Dic bhí a fhios acu nach dtiocfadh siad isteach air.
“Sin bearna chultúrtha agat,” arsa Ruán. “Ach b’fhéidir go dtiocfaí a fhoghlaim. Ólaigí siar slog maith den fhíon sin agus b’fhéidir go mbeadh sé linn sula dtiocfadh an oíche.”
“Níl iomrá ar bith ar an bhia seo,” arsa Rónán.
“Tá a fhios agam go bhfuil tú i mbarr do chéille ag an ocras,” arsa Fionntán, “ach ól siar agus tiocfaidh sé gan mhoill. Fan, sílim go bhfuil an fear thall ag teacht inár dtreo.”
Agus bhí. Rinneadh spás i lár an tábla agus leagadh síos pláta mór airgid a raibh clár ard cruinn air. Dhírigh an freastalaí é féin, chuir a lámh siar ar chaol a dhroma agus thóg sé an clár. Níor dhúirt Críostaí focal ach ina suí rompu ar phláta bhí ceithre chloigeann caorach, súile agus eile. D’amharc siad uilig ar Ruán ach ní dhearna seisean ach ceann de na cloigne a thógáil agus é a bhualadh anuas ar a phláta féin. Bhí a fhios aige gur cuma cad é chomh hocrach agus a bhí sé nach raibh sé ag dul i gceann na súl. Thosaigh sé ag méaradrú le forc ar an chloigeann agus is cuma cén scoitheadh a rinne sé ní raibh sé ábalta blaosc an chinn a bhriseadh. Shuigh sé siar bomaite ag stánadh ar an rud go dtí go ndearna an freastalaí grá Dé air; tháinig seisean anall agus thug sé buille láidir don chaora idir an dá chluas agus scoilt an blaosc. Thosaigh a raibh sa bhialann ag bualadh bos.
“Stróic leat,” arsa Fearghal, “ó tharla gur maith leat feoil rósta. Deirtear go bhfuil an inchinn maith agat agus ní dócha go mbíonn BSE ar chaoirigh.”
“Seo, ná bíodh leath oiread seanchinn ort,” arsa Ruán.
“Cad é mar atá sé cibé?” arsa Rónán.
“Tá sé goirt go maith. Tá siad iontach trom ar an tsalann. Ach an bhfuil a fhios agat seo, tá an oiread sin ocrais orm anois go n-íosfainn bonnaí mo chuid bróg,” arsa Ruán.
“Ghlacfá a bheith ag fáil bháis den ocras le tabhairt faoi siúd,” arsa Fionntán. “Tá sé ag cur samhnais orm díreach ag amharc air.”
“Orú, na bígí leanbaí. Nach bhfuil leath an tí ag amharc orainn? Caithfidh sibh iarracht a dhéanamh ar a laghad, nó beidh muid náirithe glan,” arsa Ruán. Agus rinne.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.