RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal

Sa tsraith seo, cuirfidh Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díreoidh siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: Cúrsaí óil.

Íomhá

Tá an bhliain istigh, tá na scrúduithe thart agus tá fonn drabhláis ar Chian agus ar Dhónall. “Nach bhfuil sé tuillte againn?” ar siadsan leo féin, “agus an dua agus an saothar atá caite againn inár suí i mbun na leabhar le bliain anuas.” Buaileann an chlog ar bhomaite an cúig agus cuirtear síos na pinn. Níl le rá ag Cian ach “Siúil leat. Tá mo theangaidh amuigh” agus tá Dónall ar a bhonnaí agus tá an bheirt acu ag tarraingt ar an doras.

Tá aithne ag fear an bheáir ar an bheirt acu le seo nó is iomaí oíche agus tráthnóna atá caite acu ag diúl piontaí agus ag ragairne san áit seo. “Bhuel a fheara, cad é a bheas agaibh?” arsa Phil, fear an bheáir. “Dhá phionta Guinness le do thoil.” Ach tá an oiread sin fonn céiliúrtha ar Dhónall go bhfuil sé ag smaointiú go bhfuil sé in am aige leathcheann a chur leis an phionta. “An mbeidh ceann beag agat lena chois, a Chiain?” arsa Dónall. “Ó ní bheidh, ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha .” “Órú, bíodh ceann amháin agat, ní mharóidh sé tú. Deireadh na bliana atá ann,” arsa Dónall. “Bhuel, b’fhéidir,” arsa Cian, “nach ndéanfaidh sé dochar an iarraidh seo.” “Phil, dhá Jameson,” arsa Dónall.

Líonann Phil an dá ghloine agus síneann chuig Dónall iad. “Anois, a Chiain, caith siar é. Dhéanfaidh sé fear eile duit.” “Sin an eagla atá orm,” arsa Cian faoina anáil. “Cad é?” arsa Dónall. “A dhath ar bith, a dhath ar bith,” arsa Cian.

Ar dheich mbomaite i ndiaidh a sé siúlann Deirdre agus Síle isteach, mall mar is dual dóibh. Cluineann siad na gasúraí sula bhfeiceann siad iad, agus tá a fhios acu go maith go bhfuil an bheirt atá rompu leathbhogtha cheana féin. “Shíl mé gur a sé a dúirt siad,” arsa Deirdre. “Sin an rud a dúradh liomsa,” arsa Síle. “Bhuel, tá mé ag inse seo duit, char éirigh siad chomh súgach sin taobh istigh de dheich mbomaite,” arsa Deirdre.

Le sin, chonaic na gasúirí iad. “A ghirseachaí, cad é a bheas agaibh? Fan go bhfeice mé: fíon do Dheirdre agus cider do Shíle. An bhfuil an ceart agam?” arsa Dónall. “Dhéanfaidh cider mise,” arsa Síle. “Níl fonn fíona orm anocht,” arsa Deirdre, “faigh gloine cider in áit an fhíona domhsa fosta.”

Chuaigh uair isteach agus fán am sin bhí ná girseachaí chuile lá chomh meadhrach leis na gasúraí. Chuir Síle i gcónaí sonrú sa dóigh a deachaigh an t-ólachán i gcion ar Chian. Ní raibh focal as a cheann de ghnáth, ach nuair a bhí deoch ar bord] aige tháinig fonn ainmheasartha cainte air. Ach Dónall, bhí sé ina gheabadán an lá is fearr a bhí sé agus ní tháinig druid ar a bhéal nuair a chuaigh sé i mbun na biotáilte.

“Beidh ceann eile agaibh,” arsa Dónall. “Suí ar do thóin anois,” arsa Síle, “ormsa an ceann seo” agus suas léithi i dtreo an bheáir. Dá bhfeicfeadh a máthair anois í, bheadh sí ag déanamh go raibh sí ar shiúl chun olcais glan agus í bogólta fán am seo de lá. Is cinnte nach ag déanamh trua dithe a bheadh sí ar maidin amárach nuair a bheadh a ceann ramhar agus tinneas bhéal an ghoile uirthi. “A Shíle, croith suas thú féin,” arsa Dónall, “tá muid ag fáil bháis leis an tart abhus anseo.” Thug Síle cluas bhodhar dó nó bhí a fhios aici go raibh braon maith sa ghrágán aige le seo.

“Bhuel, gearr ig!” arsa Deirdre le Cian agus í ag amharc suas ar Shíle, “tá deoch ceannaithe aici. Is gnách gur ag stocaireacht dí ar a cairde a bíos sí.” “Seo, lig dithe, tá an deontas reaite agus níl pingin rua aici le mí. Chuir a deartháir cúpla punt chuici inniu agus is dócha go síleann sí gur cheart dithe a cuid a sheasacht anois,” arsa Cian.

Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: “Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.” Bhí cloigeann Dheirdre ag dul thart fán am seo ach chaith sí siar an bolgam deireanach agus siúd amach an doras iad.

Beidh na gasúraí agus na girseachaí ag an chóisir ar an mhí seo chugainn agus beidh le feiceáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.