Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ar saoire le páistí i gcarr.
D’amharc Áine anonn ar Dhonnchadh agus chonaic sí go raibh an fhuil ag éirí ann. Ní raibh ach dhá mhíle déanta acu agus bhí sé ag éirí gairgeach cheana féin. Bhí cuma ar an lá go mbeadh sé ina chith agus dealán. Fá láthair bhí siad i mbarr teaspaigh an lae agus bhí an ghrian á ndalladh agus ann ach go raibh siad plúchta ag an teas sa charr. Bhí a raibh d’fhuinneoga ar an charr foscailte agus bhí na dalloga gréine abhus le baint ó thréine na gréine, ach dheamhan má bhí difear le sonrú ó thaobh an teasa de.
Bhí na páistí ina suí chun cúil agus bhí siad ar obair ag troid agus ag scansáil cheana féin, gach rogha duine acu ag tabhairt goinc don duine eile agus ag fágáil an lochta ar a chéile. Bhagair sí orthu gan a bheith ag sceamhlaigh agus ag cnádán ach ní raibh maith a bheith leo. Bheadh siad ag clamhsán anois go dtiocfadh siad den bhád san Fhrainc.
Lig Donnchadh goldar as. “Fuistigí, a gheall ar Dhia. Tá mo chloigeann éadrom ag éisteacht libh. Níor dhruid bhur mbéal ó d’fhág muid an teach. Bígí in bhur dtost tamall anois,” ar seisean.
“Éistigí le Daidí, anois,” arsa Áine. “Tá sé ag iarraidh a shúil a choinneáil ar an bhealach agus tá turas fada romhainn. Léigí leabhar nó rud inteacht.”
“Níl mise ag iarraidh leabhar a léamh. Bheir sé tinneas cinn domh agus, cibé, tá an leabhar a bhí mise ag iarraidh a léamh ag Úna,” arsa Conbhubhar agus pus air.
“Is liomsa an leabhar,” arsa Úna, “agus níl tusa ag dul a fháil do dhá chrág air.”
“An bhfeiceann tú, a Mhamaí? Sin mar atá sí liomsa i gcónaí,” arsa Conchubhar.
“Nach bhfuil leabhar de do chuid féin leat? Cad é fá Harry Potter?” arsa Áine.
“Tá siad uilig léite agam ach an ceann atá ag Úna,” ar seisean.
“Bheadh,” arsa Mamaí.
“Seo, ná déanaigí seanbhaile dó. Suígí siar agus déanaigí rud inteacht nach bhfuil caint nó troid mar chuid de,” arsa Donnchadh.
“Ach ...” arsa Conchubhar.
“Ní bheidh ach ná ach ann. Suígí siar agus bígí in bhur dtost,” arsa Donnchadh in aird a chinn.
Óg agus eile a bhí na páistí, thuig siad go gcaithfí ligean lena n-athair corruair agus shuigh siad beirt siar, ach ní le croí mór maith a rinneadh é. Chuir Úna a gob sa leabhar agus d’imir Conchubar le Gameboy. Bhí achan rud socair suaimhneach ar feadh tamaill.
“An bhfeiceann sibh an bád?” arsa Donnchadh agus iad ag tarraingt ar an chéidh.
“Ní fheiceann,” arsa Úna. “Cá bhfuil sé?”
“Cá bhfuil sé!” arsa Conchubhar. “An dall ata tú? Tá sé ina shuí faoi do shoc.”
“Seo,” arsa Donnchadh, “dhéanfaidh sin gnaithe anois, a Chonchubhair. Sin thall ansin é a Úna, an ceann a bhfuil an dá stríoc ghorma ar an toiseach aige.”
“Ó, an ceann sin,” arsa Úna. “Chím anois é.”
Chuir siad an carr ar dheireadh na scuaine ba deise daofa agus ní raibh i bhfad le fanacht acu go raibh siad ag tiomáint suas agus isteach sa bhád. Bhí fuath ag Úna ar an chuid seo den turas. Bhí sé dorcha agus bhí callán iontach le hinnill na gcarranna agus na leoraithe. Ar chúis inteacht chuir sé critheagla uirthi agus, ar ndóighe, níor imigh sin ar Chonchubhar. Ach bhí seanchleachtadh ag Áine ar chuid cleasa Chonchubhair agus ní dhearna sí ach amharc siar ina threo agus “Ná tosaigh” a rá. Chuir sin drochaoibh ar Chonchubhar.
“Ar mhaith le haon duine deoch?” arsa Áine.
“Ólfaidh mise braon,” arsa Donnchadh agus chaith sé siar a cheann agus bhain slog maith as an bhuidéal.
“Fág bolgam ag an páistí,” arsa Áine.
“Ná bíodh buaireamh ar bith ort,” arsa Donnchadh, “thig leo an fuílleach a bheith acu nó tá sé bogthe.”
“An dtig linn deoch fhuar a fháil ar an bhád?” arsa Conchubhar ar an toirt.
“Chífidh muid,” arsa Áine.
Nuair a d’fhág siad deic na gcarranna, chuaigh siad suas i mbolg na loinge agus rinne siad ar an deic uachtarach. Bhí an long ar an tsnámh fá seo agus sheas an ceathrar acu ansin agus na ráillí mar thaca acu, agus iad ag amharc uathu. Cé go raibh an turas farraige seo déanta acu gach bliain ó bhí na páistí ina dtachráin, ní dhearna siad deireadh iontais ariamh den fharraige. Bhí ceo bruithne ann anois agus bhí an ghrian ag gabháil siar agus ba deacair a chreidbheáil go raibh a dhath níos fearr ar chlár na cruinne ná a bheith ar bord loinge agus tú i dtús d’aistir nó, mar a deirtear, “faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí.”
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)