Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag roghnú éadaí d’ócáid shóisialta/ag cur góirín i bhfolach.
Bhí Ingrid ina seasamh os comhair an scátháin agus smut uirthi. Ní raibh an tsamhail a bhí roimpi ina sásamh.
“Amharc air sin,” arsa sí le Máire. “Thar lá ar bith eile, góirín mór millteanach.” Bhí crith ina glór.
“Níl sé chomh holc sin,” arsa Máire.
“Ó nach bhfuil,” arsa Ingrid. “Cnapán mór ar bharr mo ghaosáin agus é ag déanamh angaidh. Ní thiocfadh leis a bheith níos measa.”
Níor labhair Máire.
“Níl mé ag dul,” arsa Ingrid, “agus sin é. Ní thiocfadh liom bualadh le Caoimhín agus mé mar seo.”
“Ná bí amaideach,” arsa Máire. “Cuirfidh muid bail air, agus ní aithneoidh Críostaí beo go bhfuil a dhath ort.”
“Hmm,” arsa Ingrid. “Beidh do sháith féin romhat sin a chur i bhfolach.”
Chrom Máire ar an obair agus ní raibh de chógais nó de smideadh fán teach nach raibh tarraingthe amach aici sula raibh an jab déanta aici.
“Cad é do bharúil? Chuimil mé isteach an smideadh go maith,” arsa Máire.
“Cyrano de Bergerac,” arsa Ingrid.
“Sin an buíochas atá agat ar mo chuid saothair uilig,” arsa Máire. “D’fhéad mé gan mo cheann a bhuaireamh.”
“Bhuel, is dócha go bhfuil sé níos fearr ná mar a bhí,” arsa Ingrid.
“Giota maith níos fearr,” arsa Máire. “Seo, déan neamhiontas dó anois agus caith ort, nó ní bheidh tú réidh a choíche don hocht a chlog. Nach sin an t-am atá sé ag teacht?”
“Sin an rud a dúirt sé,” arsa Ingrid, “ach le cuidiú Dé beidh sé mall. Caith anall an sciorta dubh sin atá ar an leaba.”
“An ceann seo?” arsa Máire agus í ag amharc anuas agus suas air. “Ar chrup sé sa níochán nó rud inteacht? Tá cuma iontach bheag air.”
“Taispeáin,” arsa Ingrid, agus chuir sí a dhá cois isteach sa sciorta agus thosaigh á tharraingt aníos. Ní rachadh sé thar na másaí uirthi.
“D’éirigh mé ramhar,” arsa Ingrid agus thiontaigh sí i dtreo an scátháin arís. Sheasaigh sí anois agus lámh amháin ar a tóin agus an ceann eile ar mheall cruinn a boilg. “Bróis déanta,” arsa Ingrid agus chroith sí a ceann. Stróic sí an sciorta di agus chaith sí anonn sa choirnéal é. Shuigh sí síos ar an stól agus a cloigeann ina ceann.
“Nár dhúirt mé leat gur shíl mé gur chrup sé,” arsa Máire. “Caithfidh sé go bhfuil rud inteacht eile a thig leat a chaitheamh. Seo, croith thú féin suas.”
“... nó beidh mé mall,” arsa Ingrid. “Nach bhfuil a fhios agam. Foscail an prios sin thall. Anois, tusa a bhfuil an tsúil mhaith agat, pioc rud inteacht ansin agus caith anall chugam é nó is léir nach féidir a dhul i mo mhuinínse nuair is ag caint ar éadach atá tú.”
Shiortaigh Máire fríd a raibh sa phrios agus chaith sí cúpla ball éadaigh ar an leaba. “Bain triail as cúpla ceann acu sin,” arsa Máire le hIngrid.
“Féadann tú an ceann buí sin a chaitheamh uait, láithreach. Ní lú orm an diabhal nach é. Tugadh Big Bird orm an iarraidh dheireanach a chaith mé sin,” arsa Ingrid.
Ní ligfeadh an eagla do Mháire fiú meangadh gáire a dhéanamh. Rinne sí mar a iarradh uirthi agus chaith sí an chulaith bhuí anonn i mullach an sciorta dhuibh.
“Cad é fá ghorm?” arsa Máire. “Bíonn gorm i gcónaí deas ort. Tógann sé dath do chuid súl.”
“Tá rud inteacht níos feiceálaí ná sin de dhíth orm,” arsa Ingrid. “Rud inteacht a bhainfeas an droch-chuma den ghaosán seo.”
Ní raibh fágtha ar an leaba anois ach culaith shlíocaí dhubh amháin. “Cad é fá seo?” arsa Máire.
“Taispeáin,” arsa Ingrid, agus tharraing sí an chulaith anuas thar a ceann agus shín síos thar a cuid másaí í. Sheas sí ansin agus d’amharc sí ar Mháire sular thiontaigh sí i dtreo an scátháin.
“Bhuel?” arsa Ingrid.
“Sin an ceann,” arsa Máire. “Cuireann sé cuma iontach chaol ort. Ní sin le rá go bhfuil tú ramhar nó a dhath, ach tá a fhios agat an rud atá mé a mhaíomh.”
D’amharc Ingrid ar a samhail. “Tá an ceart agat, níl sé chomh holc. Tá sé measúil ach gan a bheith ró-mheasúil, má thuigeann tú mé,” arsa Ingrid.
Lig Máire osna faoisimh. Gheobhfaí amach as a teach í sa deireadh.
“Dhéanfaidh mé gnaithe breá,” arsa Ingrid, agus tharraing sí uirthi péire bróg agus bheir sí ar mhála agus síos léi an staighre.
“Bain sult as,” arsa Máire as ceann an staighre.
“Dhéanfadh mé mo threándícheall,” arsa Ingrid.
Bhuail an chlog agus d’oscail Ingrid an doras. Bhí Caoimhín ina sheasamh ansin. “Tá tú réidh,” ar seisean. “Gearr ig.” Agus, don chuid eile den oíche, is cuma cad é a dhéanfadh sé ní thiocfadh leis a shúil a bhaint den neascóid mhór a bhí ar bharr ghaosán Ingrid.
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)