Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: an caidreamh idir baill éagsúla de theaghlach.
Ba é an Domhnach deireanach den mhí é agus máthair chleamhnais Nuala ar cuairt ó Ionad na Seandaoine. Bhí Nuala ag déanamh béile agus bhí an teaghlach uilig cruinn thart ar thábla an dinnéara. Bhí Nuala anonn agus anall idir an chisteanach agus an seomra bí. Bhí an dá lámh síos léi faoin am a tháinig sí a fhad leis an tábla. Bhí mias mhór bí á hiompar aici a bhí dearg te. “Coimhéad tú féin ansin,” arsa Nuala agus í ag déanamh iarrachta í féin a bhrú isteach idir a máthair chleamhnais agus a fear céile, Dónall. Ach bhí an bheirt sáite i gcomhrá agus rinne siad neamhiontas di. “Bog, i ngeall ar Dhia,” ar sí lena fear céile, “nó beidh mé scallta.” Scar an bheirt a bhí ag comhrá agus leag Nuala an mhias bia ar an tábla. Thóg máthair chleamhnais Nuala an clár den mhias agus d’amharc sí isteach ann. Lig Nuala osna. “Tá sí ar obair,” ar sise léi féin. “Shílfeá go ndéanfá iarracht rud inteacht a dhéanamh a mbeadh dúil agam ann,” arsa an mháthair chleamhnais. “Nach beag agat sin a dhéanamh agus gan mé ach agaibh anois agus arís. Ní shílfeá gur ualach ar bith é,” arsa sí agus í ag tiontú i dtreo a mic agus soc fada uirthi. Bhí mionna tugtha ag Nuala nach mbeadh an béile seo ina chogadh dearg agus dá thairbhe sin lig sí thairsti a raibh le rá ag Nan. “Anois, a mhamaí,” arsa Dónall, “ní minic a fhaigheann tú béile déanta duit. Suigh siar agus bain sult as. Seo, sín chugam do ghloine.” Shín Nan an gloine chuige agus dúirt, “Anois, ná bí ainniseach.” “Is beag is eagal domh,” arsa Dónall leis féin. “Eh?” arsa Nan. “Coinneoidh sin ag dul tamall tú,” arsa Dónall. Bheir Nan greim ar an ghloine agus chaith sí siar a raibh ann agus bhuail sí an gloine ar an tábla. Thosaigh na páistí ag gáirí ach nuair a d’amharc Dónall orthu faoina shúil, shlog siad an gáire. “Cé leis í seo? C’ainm atá ort, a leanbh?” arsa Nan agus í ag amharc go géar ar an pháiste a bhí lena taobh. Bhris an gáire arís ar na garpháistí. “Nan, sin Susaidh. Nach n-aithíonn tú í?” “Susaidh,” arsa Nan. “Nach uirthi a tháinig an t-athrú.” Leis sin shiúil Uncail Aindí isteach. Bhí sé i gcónaí mall. Níor tharraing Nan agus Aindí an snaithe riamh agus ní sásta a bhí sí nuair a chonaic sí é ag tarraingt cathaoireach isteach chuig an tábla. “Tosaíonn sibh i gcónaí gan mé. Nach dtiocfadh libh fanacht, mar athrú?” arsa Aindí. “Bheadh muid stiúgtha dá bhfanódh muid leatsa,” arsa Nan. “Ní bhíonn tú in am ná in uair ag a dhath.” “Tchím go bhfuil spionn breá ar an tseanbhean!” a dúirt Aindí. “Cad é mar atá teach na ngealt?” “A Aindí,” arsa Dónall, “ná tosaigh.” “Tá buntaiste mór aige,” arsa Nan. “Ní ligeann siad isteach slúistí cosúil leatsa.” Bhí sé i gcónaí ina chogadh idir Nan agus Aindí agus ní bheadh stad sa chaint go dtitfeadh Nan ina codladh ar an tolg i ndiaidh an dinnéara. Thiocfadh le Nuala an tráthnóna a fhéicéail ag síneadh roimpi. Bheadh Nan te bomaite amháin, d’fhosclófaí fuinneog. Bheadh sí caillte ansin. Dhruidfí an fhuinneog. Thitfeadh sí ina codladh ansin i ndiaidh a rá, “Bhéarfaidh sibh mo bhás den fhuacht.” Thitfeadh an seomra uilig chun suaimhnis ansin agus bheadh siad uilig ina suí agus a socanna sáite sa teilifís i rith an tráthnóna. Bheadh Aindí ag cnádán fán teilifís agus ní bheadh clár ar bith á shásamh. Chuirfeadh sé duine de na páistí amach fá choinne fiseáin agus bheadh marfach ann nuair a thiocfadh sí ar ais le ceann nach n-amharcódh Críostaí beo air ach í féin. Mhusclódh Nan agus bheadh sí ag briseadh ar ais chuig Ionad na Seandaoine, agus chaithfeadh duine inteacht síob a thabhairt di. Chomh luath agus a bhí sise ar shiúl, thiocfadh Aindí chuige féin. “Caith dó an truflais sin,” arsa Aindí. “Tá DVD agam anseo.” “Taispéain,” arsa Susaidh. “Cén dóigh a bhfuair tú sin? Níl sé sna siopaí go fóill.” “Ó,” arsa Aindí, agus chaoch sé súil léi. “Is leor nod don eolach. Tá sibh i gcónaí ag gearán go dtagaim agus mo dhá lámh chomh fada le chéile.” Chuir Susaidh isteach an DVD agus shuigh siad siar. Ba ansin a tharraing Aindí amach an buidéal póitín. “Ar mhaith le haon duine gloine?” ar sé. “Tá an lá ag bisiú” arsa Dónall. “Féadann tú sin a rá,” arsa Nuala, agus chuir siad isteach an tráthnóna ag diúl ar an phóitín. Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)