RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cuairt ar an fhiaclóir.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Bhí an saol ar a sáimhín só ag Fiona. Bhí a súil ar Adam le fada anois agus, cé gur iomaí leide a thug sí dó gur shuim léi é, níor lig sé air féin gurbh ann di. Agus nuair a bhí deireadh dúile bainte dó, is léir gur bhuail tallann inteacht é agus chuir sé chun tosaigh béile Síneach uirthi don Aoine seo. Baineadh stangadh aisti ar tús, ach nuair a tháinig sí chuici féin dúirt sí, “Cinnte Adam, cén t-am?”

Ní raibh a dhath ag cur bhuartha uirthi ó shin ach cad é a chaithfeadh sí. Thug sí rúid ghasta fríd na hirisí a bhí caite thart fán oifig agus chonacthas di go raibh rogha ann áit inteacht idir an mhaighdean, an leabharlannaí agus an striapach. Ní raibh dúil ar bith aici i leabhair ariamh agus níor fhág sin ach an maighdeanas agus an striapachas. Ó tharla nach raibh mórán aithne aici air, shocraigh sé dul i dtreo an mhaighdeanais, ach imir bheag striapachais a choinnéail nó ba léir gur sin an stíl na laethanta seo.

Ní bhainfeadh a dhath an chuma den lá seo, nó sin an rud a shíl sí go dtí gur amharc sí ar a dialann agus go bhfaca sí go raibh coinne aici leis an fhiaclóir ar cheathrú i ndiaidh a trí. “Scrios lom,” ar sí agus thóg sí an guthán le hiarracht a dhéanamh an coinne a athrú, ach bhí neamh beag d’fháilteoir ag an fhiaclóir agus dúirt sí nach bhfaigheadh sí coinne go deireadh mhí Eanáir, mura nglacfadh sí an ceann seo. Ní raibh dul as.

D’fhág sí an oifig ar leath i ndiaidh a dó le déanamh cinnte nach mbeadh sí mall don choinne, nó rósfadh an fáilteoir í dá mbeadh. Ní raibh ach a tóin buailte ar an tsuíochán nuair a scairt an fáilteoir, “Sin tú, a Fiona.” D’éirigh sí agus tharraing sí ar an staighre. Bhí fuath aici ar an staighre céanna nó bhí sé chomh crochta sin go raibh tú i mbaol titim mura raibh greim maith agat ar an ráille.

“Fiona,” arsa an fiaclóir, “bain duit do chóta agus suigh isteach anseo anois.”

Chroch Fiona a cóta ar chrúca ar chúl an dorais agus anonn léi gur shuigh isteach sa chathaoir leathair dubh.

“Foscail do bhéal anois,” ar seisean. “Níos leithne le do thoil, níos leithne ná sin arís.”

“Má fhosclaím a dhath níos leithne ná sin é,” ar sise léi féin, “scoiltfidh dhá thaobh mo bhéil.”

“Tá sin níos fearr anois. Fan go bhfeice muid cén dochar atá déanta agat ón iarraidh dheireanach a bhí tú anseo. An bhfuil pian ar bith ort?” ar seisean agus sháith sé uirlis de chinéal inteacht suas ina drandal. Ann ach gur buaileadh Fiona ar an tsíleáil.

“Fiona,” arsa an fiaclóir agus é ag iarraidh an greim daingean a bhí aici ar a sciathán féin a bhriseadh.

D’amharc sí ar a cuid iongnacha. Bhí beirt acu briste anois agus gan í ach i ndiaidh iad a fháil déanta in Debenhams inné.

“Tá drochscéal agam duit,” ar seisean. " Tá angadh thart ar rúta d’fhiacaile agus tá eagla orm go gcaithfidh mé an nearóg a bhaint amach.”

“An gcaithfidh tú sin a dhéanamh inniu?” ar sise.

“Ní thig a dhéanamh go n-imíonn an t-angadh. Caithfidh mé cúrsa frithbheathach a thabhairt duit agus beidh ort a theacht ar ais chugam fá cheann seachtaine,” arsa an fiaclóir. “Mholfainn duit gan a bheith ag ól leo seo. Ó, agus tá baol beag ann go n-atfaidh d’aghaidh fosta. Bhuel, le bheith ionraice, tá níos mó ná baol ann, tá sé ionann agus a bheith cinnte go n-atfaidh sé.”

Bhí Fiona ina suí ansin agus a béal foscailte ar fad aici, agus is chun donais a bhí rudaí ag dul de réir mar a bhí an t-am ag dul thart. Cibé sáitheadh a bhí ar an fhiaclóir lena chuid giuirléidí, agus cibé rud a bhuail sé, bhí pian uirthi anois a bhí ag baint bhlaosc an chinn di.

“Labhair leis an fháilteoir agus socraigh coinne. Gheobhaidh sí áit duit agus tú sa riocht ina bhfuil tú,” arsa an fiaclóir.

Chroith Fiona a ceann, chuir uirthi a cóta agus chuaigh síos an staighre. Sin a raibh de dhíth uirthi anois, pian a mharódh beithíoch agus aghaidh mar a bheadh Miss Piggy ann sula dtiocfadh deireadh an lae. Chuirfeadh seo dá cuid í, agus ní raibh a dhath fána choinne ach glaoch ar Adam agus an scéal a mhíniú dó. Agus sin go díreach an rud a rinne sí.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.