Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: an chéad lá ar scoil.
Ní raibh Úna ag tnúth leis an lá seo ar chor ar bith. Bhí sí ag creathnú roimhe. Chuaigh an samhradh isteach go gasta agus seo anuas uirthi an chéad lá ar scoil ag Cormac. Ann ach go dtiocfadh léi smaointiú air gan tocht a bheith ina glór. Bheadh an teach go suaimhneach gan é. Níor shíl sí riamh go mbeadh sí ag crothnú a chuid maistíneachta ach thuig sí anois go mbeadh.
“Éirigh anois, a pheata,” ar sí le Cormac. “Seo, éirigh aniar anois. Níl tú ag iarraidh a bheith mall don chéad lá ar scoil.”
Ach is cuma cén phlásaíocht a rinneadh leis ní raibh fonn ar Chormac corraí. Sa deireadh chaith a mhathair siar an t-éadach leapa agus thóg sé idir chorp agus chleiteacha é agus isteach léi sa tseomra folctha. Shín sí bréid na haghaidhe chuig Cormac ach sheasaigh sé ansin ina stacán agus a lámh sínte leis.
“Tá tú i do ghasúr mór anois,” arsa a mháthair, “agus ba cheart go mbeifeá ábalta tú féin a ní.” “Seo chugam,” arsa sí agus bheir sí ar an bhréid agus thug sí sciúradh gasta d’aghaidh a mic. Chuir Cormac pus air féin nuair a thug sí an dara cuimilt do na cluasa.
“Anois, a Chormaic, níor mhaith linn iad a bheith ag rá nach bhfuil tú glan ar do chéad lá ar scoil,” arsa an mháthair.
“Nigh féin do chuid fiacal anois, sin an gasúr maith,” ar sí. “Rachaidh mise síos an staighre agus dhéanfaidh mé do bhricfeasta.”
D’amharc Cormac ar a mháthair agus thóg sé an scuab fiacla. Chuir sé rud beag taos fiacla uirthi agus chuir sé siar agus aniar ina bhéal cúpla uair í. Nigh sé amach a bhéal ansin. In áit an scuab fiacla a fhágáil ar ais ar an doirteal, sháigh Cormac ina phóca í. Níor mhaith leis a bheith scartha ó “Action Man”, a raibh a dhealbh mar chos na scuaibe.
“Seo, ná bí ag tarraingt na gcos. Gabh anuas anseo anois. Tá do bhricfeasta ar an tábla.”
Bhí muga tae agus arán rósta ina suí roimhe.
“Cad é an cinéal smúite atá ort anois?” arsa Úna.
“Níl mé ag iarraidh tae. Tá mé ag iarraidh oráiste,” ar seisean.
“Ní bhfaighidh tú oráiste ná oráiste,” ar sise ach bhí a fhios ag Cormac go raibh seans maith ann oráiste a fháil inniu thar lá ar bith eile. Chuir sé liobar air féin.
“Bhuel, b’fhéidir inniu,” arsa Úna, “ach ná bí ag déanamh gur seo an rud a bheas romhat gach maidin.”
D’ól Cormac siar an t-oráiste ach níor bhain sé mórán as an arán rósta. D’amharc Úna ar an fhuílleach agus dúirt sí léi féin, “Is dócha go bhfuil seo uilig á chur dá ghoile.”
Leis sin, tháinig a mháthair mhór isteach. Ba ise a bheadh á thabhairt chun na scoile nó bhí Úna ag obair agus ní thiocfadh léi féin a dhéanamh. Sin an rud is mó a ghoill uirthi.
“M’anam go sílfeá gur deireadh an tsaoil atá ann agaibh beirt,” ar sí. “Dá mbeifeá ag dul ar scoil le mo linnse bheadh ábhar buartha agat. Ní raibh gíog ná míog asainn agus má bhog tú bealach amháin nó an bealach eile bheifeá ag teacht chun an bhaile agus fearbacha ar do chuid cos.”
“Sin é, a Mhamaí, tóg an croí againn,” arsa Úna. “Ní bheifeá ina dhiaidh air eagla a bheith air i ndiaidh sin a chluinstin.”
“Bhuel níl agam ach an fhírinne,” arsa an mháthair mhór. “Níl a dhath le déanamh acu na laetha seo a bheith ag scinceáil le huisce agus ag imirt le marla. Fan go bhfeice tú, beidh sé ar ais chugat anocht agus é ag radadh ceisteanna ort.”
“Seo a Chormaic,” arsa an mhathair, “cuir do mhála úr ar do dhroim.”
“Níl mé réidh go fóill. Tá ocras orm,” arsa Cormac.
“Tá eagla orm gur lig tú d’fhaill thart, anois a pheata. Tá lón ag mamaí sa mhála duit agus tá póca beag milseán agam anseo a íosfas muid ar an bhealach,” arsa an mháthair mhór.
“Tá sé deargmhillte agat,” arsa Úna. Shín Úna a chóta chuig Cormac agus sháith sé a dhá sciathán isteach ann. Sheas sí siar agus d’amharc sí air - an t-éide, an carbhat beag agus an mála mór millteanach. Bhris an caoineadh uirthi.
“Seo,” arsa an mháthair mhór, “tá muid olc go leor agus gan tusa toiseacht. Níl ann ach na cúpla uair agus chífidh muid tráthnóna tú.”
Sheas Úna ag binn an tí tamall fada ag amharc orthu beirt ag dul síos an bealach mór i dtreo stad na mbus.
“Sin páistí agat,” ar sise léi féin. “Ní thug sé croí isteach féin domh.”
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.